Cinneadh déanta ag uachtarán Chonradh na Gaeilge gan téarma eile a lorg

Beidh Paula Melvin ina huachtarán go dtí go dtoghfar duine nua ina háit ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an mhí seo chugainn

Cinneadh déanta ag uachtarán Chonradh na Gaeilge gan téarma eile a lorg

Níl sé i gceist ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin, an ceathrú téarma uachtaránachta a lorg ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an mhí seo chugainn. Toghadh Melvin ina huachtarán ar an eagraíocht teanga den chéad uair ag Ard-Fheis an Chonartha in 2022 agus atoghadh arís in 2023 agus 2024 í.

De réir rialacha Bhunreacht Chonradh na Gaeilge tá cead ag duine cúig théarma mar uachtarán a chur isteach. Tá an cinneadh déanta ag Melvin gan an dá bhliain dheireanacha a lorg “tar éis ocht mbliana dhochreidte” mar uachtarán agus tánaiste na heagraíochta.

Ba í Melvin an bhean ab óige a toghadh chun an róil agus í 29 mbliana d’aois nuair a toghadh den chéad uair í. Bhí beirt bhan eile ina n-uachtarán roimpi – Íte Ní Chionnaith (1985-1989) agus Áine de Baróid (1994-1995).

Scríobh Melvin chuig Coiste Gnó an Chonartha agus rúnaithe na gcraobhacha ar fud na tíre agus ar fud an domhain lena cinneadh gan seasamh arís a chur in iúl dóibh.

“Is mian liom an deis seo a thapú chun mo bhuíochas ó chroí a ghabháil le gach ball dár ngluaiseacht bhríomhair bhuan as ucht bhur dtacaíocht, muinín, agus cairdeas. Onóir agus pribhléid ab ea é domsa a bheith ag obair libhse: daoine chomh díograiseach agus chomh paiseanta sin chun an Ghaeilge a a chur chun cinn agus a neartú sa bhaile agus go hidirnáisiúnta,” a dúirt sí sa litir.

Dúirt Melvin go bhfuil “bród” uirthi gur éirigh le lucht feachtais agus stocaireachta le linn a seala mar uachtarán reachtaíocht Ghaeilge a bhaint amach ó thuaidh, Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú ó dheas, agus “dlús” a chur faoin bhfeachtas tithíochta sa Ghaeltacht.

“Níorbh fhéidir na héachtaí seo a bhaint amach ach amháin mar gheall ar thiomantas gan staonadh ár mball, ár gcraobhacha, agus ár bhfoirne a chreideann i gcumhacht ár misin,” a dúirt sí.

Beidh Melvin ina huachtarán go dtí go dtoghfar duine nua ina háit ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge a bheidh ar siúl i mbaile Loch Garman ar an 21-23 Feabhra. Dúirt sí go bhfanfaidh sí mar ghnáthbhall de chuid na heagraíochta ina dhiaidh sin agus go “leanfaidh [sí uirthi] ag tabhairt tacaíochta d’obair Chonradh na Gaeilge agus ag cur chun cinn na Gaeilge ar gach slí is féidir”.

Is iad baill Chonradh na Gaeilge a thoghann an t-uachtarán. Bíonn vóta ag baill aonair agus ag toscairí na gcraobhacha a fhreastalaíonn ar an Ard-Fheis a bhíonn ar siúl i mí Feabhra in áit dhifriúil gach bliain.

Le breis agus deich mbliana anuas ba iad Tánaistí Chonradh na Gaeilge a thogh na baill go ról an uachtaráin. Bhí Donnchadh Ó hAodha ina thánaiste ag Pádraig Mac Fhearghusa sular toghadh ina uachtarán in 2011 é; bhí Cóilín Ó Cearbhaill ina thánaiste ag Ó hAodha sular toghadh eisean in 2014; bhí Niall Comer ina thánaiste ag Ó Cearbhaill sular toghadh eisean in 2017; agus bhí Paula Melvin féin ina tánaiste ag Comer sular toghadh ise in 2020.

Is í Michaeline Donnelly Tánaiste Chonradh na Gaeilge faoi láthair. Ba iad Donnelly agus Melvin an t-aon bheirt bhan a bhí sna róil shinsearacha ag an am céanna ó bunaíodh an eagraíocht in 1893.

Cé nach bhfuil a n-ainm curtha chun cinn ag duine ar bith do thoghchán na míosa seo chugainn, d’fhéadfadh go mbeadh spéis ag cúpla duine teacht i gcomharbacht ar Melvin.

Sheas Ciarán Ó Feinneadha d’uachtaránacht an Chonartha sna 1980idí ach níor toghadh é. Tá meas mór ar Ó Feinneadha ina phobal féin i mBaile Átha Cliath as a ghníomhachas ar son na Gaeilge le blianta fada, agus d’fhéadfadh sé gur mhaith leis coisméigeanna a athar Cathal Ó Feinneadha, a bhí ina uachtarán idir 1965 agus 1968 a leanacht.

Ainm eile atá á lua leis an ról ná an Baile Átha Cliathach Rónán Mistéil, atá ar Choiste Gnó an Chonartha agus Coiste Contae Átha Cliath. Bhí baint mhór aige le Club Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath freisin.

Ní raibh duine Gaeltachta ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge le fada fada an lá. D’fhéadfadh sé go mbeadh spéis ag an Oifigeach Pleanála Teanga in iarthuaisceart Dhún na nGall, Dónall Ó Cnáimhsí, atá ina bhall de Choiste Contae Dhún na nGall, Coiste Gnó an Chonartha, agus Meitheal Ghaeltachta an Chonartha, sa ról.

Ar deireadh, tá an-mheas i measc mhuintir Chonradh na Gaeilge ar an ngníomhaí teanga Ciarán Mac Giolla Bhéin a bhí an-ghníomhach san fheachtas ‘An Dream Dearg’ sa Tuaisceart le deich mbliana anuas. Bheadh tacaíocht mhór aige siúd dá gcinnfeadh sé seasamh sa toghchán freisin.

Fág freagra ar 'Cinneadh déanta ag uachtarán Chonradh na Gaeilge gan téarma eile a lorg'

  • Amergín

    An-obair déanta aici thar na blianta, agus forbairt mhór tagtha ar an gConradh sa tréimhse sin

  • Peig

    Maith í. Tá sí iontach d’íomhá an Chonartha. Comhghairdeas léi