Ciarraí agus Muineachán ullamh arís le dul sa bhearna bhaoil

Má fhaigheann Ciarraí an ceann is fearr ar Mhuineachán tráthnóna, beidh siad nach mór slán i Roinn 1 ach caithfidh siad a bheith ar a n-airdeall

Ciarraí agus Muineachán ullamh arís le dul sa bhearna bhaoil

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Muineachán v Ciarraí, Inis Caoin, 2.30i.n. (Iarbheo ar TG4)

Tráthnóna a chasfaidh Muineachán agus Ciarraí ar a chéile i Roinn 1 na sraithe peile Cuireadh cluiche an deireadh seachtaine seo caite idir an dá fhoireann seo ar ceal de bharr na drochaimsire, agus tráthnóna a chasfaidh Muineachán agus Ciarraí ar a chéile i Roinn 1 na sraithe peile. Sásta go maith atá an bheirt bhainisteoirí leis an méid atá feicthe acu go dtí seo sa tsraith.

Seo í an chéad uair ar bhuaigh Ciarraí a gcéad dá chluiche sa tsraith faoi cheannas Éamonn Fitzmaurice agus tabharfaidh sé dóchas do lucht leanúna na Ríochta gur raibh baint ag scata mór imreoirí óga leis na buanna sin.

Níorbh ionann an dá chluiche ach an oiread. Coimhlint iontach crua a bhí ag Ciarraí in aghaidh Mhaigh Eo agus fir na Ríochta ag iarraidh fanacht chun tosaigh sa chluiche cé go raibh beirt curtha den pháirc orthu. Cluiche i bhfad níos oscailte a bhí acu in aghaidh Dhún na nGall nuair ba iad tosaithe na bhfoirne ba mhó a bhí sa treis.

Is beag seans gur mar sin a bheidh i gcluiche an lae inniu i Muineachán. Tá tús cuibheasach maith curtha ag foireann Malachy O’Rourke leis an tSraith, cluiche amháin buaite acu agus ceann caillte agus má fhaigheann siad an ceann is fearr ar Chiarraí, mar a rinne siad i gCill Airne anuraidh, beidh siad ar comhchéim leo ar an tábla.

Ní lucht tacaíochta Chiarraí amháin a bhí thíos leis nuair a cuireadh siar an cluiche mar cruthaíodh fadhbanna do na bainisteoirí chomh maith.

D’ainmnigh Éamonn Fitzmauirce Jack Barry agus Barry O’Sullivan i lár na páirce do chluiche na seachtaine seo caite ach, ó tharla go raibh an bheirt acu ag imirt don Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i gcluiche ceannais Chorn Mhic Shigiúir inné, beidh deis anois ag imreoirí eile.

Is amhlaidh an scéal ag Conor McCarthy Mhuineacháin, a bhí ar fheabhas d’ollscoil Bhaile Átha Cliath sa chomórtas tríú leibhéal. Is mór is fiú go bhfuil Conor McManus ar ais arís ar fhoireann a chontae.

Fág freagra ar 'Ciarraí agus Muineachán ullamh arís le dul sa bhearna bhaoil'