Chuirfeadh sé na cait ag gáire ach ag an am céanna chaithfeá trua a bheith agat do na polaiteoirí in Stormont. Ar éigean a bhí siad buailte fúthu sa Tionól i ndiaidh an fholúis a mhair trí bliana nuair a fógraíodh go raibh ardú pá £1,000 sa bhliain ag dul do gach teachta.
Tubaiste chaidreamh poiblí agus údar conspóide ab ea é i ngeall ar a mhíthráthúlacht go príomha agus thug na polaiteoirí an t-eiteachas dó. Ach tuige nach bhfaighidís é? Foras neamhspleách a cheadaigh é agus tá sé níos isle ná an t-ardú ar an ráta boilscithe ón uair dheiridh a bhfuair siad ardú ar a bpá. Ina theannta sin níl a dtuarastal thar fóir, tá sé níos ísle ná sna réigiúin dhíláraithe eile.
Níor thúisce an scéal fógartha go mbeadh an dá dhreas arduithe £500 a ceadaíodh le cúpla bliain anuas ag dul do na Teachtaí reatha ná tharraing sé gleo. Cháin Gerry Carroll, Pobal seachas Brabach agus Jim Allister TUV é. D’eisigh teachtaí ó SDLP agus Alliance ráitis ag rá nach nglacfaidís leis nó go dtabharfadh siad d’eagrais charthanachta ainmnithe é murarbh fhéidir stop a chur leis. Bhí daoine ag glaoch ar chláracha raidió ag rá gur náire shaolta é i bhfianaise na géarchéime sláinte agus oideachais agus stailc na n-altraí faoi éagothroime pá.
Taobh istigh de cheithre huaire fichead eile d’aontaigh na páirtithe ar fad go n-iarrfaí ar an gCoimisiún a ritheann an Tionól bealach a aimsiú chun cuma níos fearr a chur ar an scéal. Ag fógairt nár éiligh aon teachta ná aon pháirtí ardú pá dúradar gur eascair sé as cinneadh a rinne an Painéal Neamhspleách ar Phá in 2016 i dtaca le méadú ar an ráta boilscithe. D’iarr siad go mbunófaí córas chun go bhféadfaí an t-eiteachas a thabhairt don ardú, an t-airgead a chur ar ais sa chiste poiblí nó a íoc le carthanachtaí.
Is furasta an cinneadh a thuiscint i ngeall ar an drochphoiblíocht a fuair an nuacht faoin ardú. Mhol roinnt iad, dúirt a thuilleadh gurb amhlaidh a náiríodh iad. I súile an phobail bhí na teachtaí díomhaoin agus faillitheach le trí bliana anuas. Tá a bpá £49,500 sa bhliain os cionn fiche míle punt níos airde ná meánphá an ghnáthoibrí. Ach an bhfuil an chomparáid sin bailí?
Tá sé faiseanta a rá gur leisceoirí iad polaiteoirí ach is fíor-annamh a chasfaí polaiteoir falsa ort. Má chuirtear san áireamh gur chinn scrúdú neamhspleách go raibh os cionn 30 uair an chloig oibre sa tseachtain á dhéanamh ag Teachta Tionóil ina thoghcheantar móide an t-am a chaithfear feasta sa Tionól agus ar choistí, tá seachtain oibre an pholaiteora i bhfad níos faide ná seachtain an ghnáthoibrí. Agus ní áirím na glaonna gutháin ar an teachta sa bhaile nó an cnag ar an doras. Ceist eile é fiúntas nó feabhas na hoibre agus faigheann an vótóir deis a bhreithiúnas ar sin a chur in iúl; beidh lá an bhreithiúnais sin ar theachtaí Tionóil ann in 2022.
An uair dheiridh a chuir vótóirí a mbarúil in iúl, san olltoghchán i mí na Nollag tugadh teachtaireacht go neamhbhalbh do na páirtithe a dhul ar ais i mbun oibre in Stormont. Tá luach saothair, pá, dlite do gach oibrí, ag ár gcuid polaiteoirí san áireamh ar ndóigh. Thacaigh móramh an phobail le héileamh na n-altraí ar an bpá céanna lena gcomhghleacaithe sa Bhreatain Mhór. An gceadóimid an ceart céanna do pholaiteoirí? In Albain faigheann na Teachtaí sa rialtas díláraithe in Holyrood £63,579 sa bhliain. Agus sa Bhreatain Bheag i dTionól a bhfuil níos lú cumhachta díláraithe aige ná Stormont, faigheann na Teachtaí £67,649 sa bhliain. Is mór an difríocht idir na rátaí sin agus £49,500 nó an £50,500 a bheadh acu dá nglacfaí leis an méadú a bhí ceadaithe.
Ní bheadh £50,500 iomarcach, bheadh sé fós níos ísle ná pá bhunáite na gcomhairleoirí neamhthofa speisialta in oifigí na n-airí. Ta pá na gcomhairleoirí sin bunaithe ar an saineolas agus an chomhairle stuama, gan dabht, ach má theastaíonn polaiteoirí ardchumais uainn b’fhearr dúinn pá dá réir a íoc leo. Sin mar a mheallfar na daoine is fearr. Níl cothrom na Féinne ó thaobh tuarastail ag teacht salach ar phrionsabail na seirbhíse don phobal.
Tuigim cén fáth gur tarraingíodh clampar faoin socrú go méadófaí pá na dTeachtaí mar gur tháinig sé amach sula raibh cruthúnas againn go mbeadh feidhm le Stormont i ndiaidh na pairilise.
Bhí sé míthráthúil ach ní hionann sin agus a rá nach raibh sé cóir.
Fág freagra ar 'Chuirfeadh sé na cait ag gáire ach chaithfeá trua a bheith agat do pholaiteoirí Stormont'