‘Chuireamar chuige clár a dhéanamh a mbeadh meas againn féin air’

Cuirfear tús Dé Domhnaigh le Slí na mBeaglaíoch sraith nua ceoil thraidisiúnta le Breanndán Ó Beaglaoich agus a mhac Cormac

‘Chuireamar chuige clár a dhéanamh a mbeadh meas againn féin air’

Cuirfear tús le sraith nua ceoil thraidisiúnta le Breanndán Ó Beaglaoich agus a mhac Cormac ar TG4 oíche Dé Domhnaigh.

Sraith sé chlár í Slí na mBeaglaíoch ina dtugann an bheirt cheoltóirí aitheanta faoi thuras i seanchamper ó Bhaile na bPoc i nGaeltacht Chiarraí, ceantair dúchais na gceoltóirí, go Gaeltacht Dhún na nGall. Tyrone Productions a bhí i mbun léirithe.

Buaileann an t-athair agus an mac le ceoltóirí, rinceoirí agus amhránaithe as Ciarraí, An Clár, Maigh Eo, Gaillimh, Sligeach agus Dún na nGall ar a mbealach ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Breanndán Ó Beaglaoich, a chuir an clár ceoil Geantraí i láthair ar TG4 ar feadh na mblianta, gur “an-deis” a bhí sa tsraith am a chaitheamh lena mhac.

“Ó mo thaobhsa de táim blianta ag plé le cláracha teilifíse i nGaeilge, Geantraí, Logainmneacha agus Sé Mo Laoch agus eile ach óir go raibh Cormac, mo mhac, páirteach ann bhí suim agam ann. Bhí suim agam gur rud éigin daonna a bheadh ann agus go mbeimis ag dul thart i gcampar Chormaic. Bhraitheas gur rud éigin difriúil a bheadh ann.

“Tógann tú do chlann agus fágann siad le dul chun na hollscoile, an rud a dhein Cormac. N’fheadar an raibh sé ocht mbliana déag in aon chor agus tá buailte agam leis ó am go ham ina dhiaidh sin, deirí seachtaine.

“Níor chaitheas mórán níos mó ná lá nó dhó ina theannta ó shin agus tá sé chomh gnóthach leis an cheol le deich mbliana anuas agus mise ag taisteal chomh maith,” a dúirt Breanndán Ó Beaglaoich.

Dúirt Ó Beaglaoich gur theastaigh uathu beirt “a bheith chomh proifisiúnta is a d’fhéadfaidís” agus clár a dhéanamh go mbeadh “meas” acu féin air, a bheadh “taitneamhach don té a chífeadh é” agus thar aon rud eile “a bheadh dílis don gceol agus don dtraidisiún”.

“D’éirigh linn é sin a dhéanamh, a fhormhór.  Cúpla uair bhí daoine saghas roghnaithe dúinn ach chuaigh muid ar aghaidh leis chomh proifisiúnta is a bhí ar ár gcumas a dhéanamh.

“Ar bhealach bhí sé ar nós Big Brother, bhí maidhc ort agus bhí ceamaraí sa champar. Ar shlí amháin bhí sé ar nós Big Brother agus uaireanta tháinig Cormac amach le cúpla rud. Tá mé an-sásta go bhfuil sé déanta againn.”

Dúirt sé go raibh sé ar cheann de na tograí teilifíse is mó a bhain sé sásamh as.

‘Bhí cleachtadh againn agus is dóigh liom go raibh cleachtadh orainn. An t-achar ag tiomáint agus ag bualadh le ceoltóirí, slagáil, ag piocadh imeartha, an saghas ruda a bhíonn ar siúl ag ceoltóirí. Uaireanta mar cheoltóir nó mar chraoltóir, b’fhéidir go dtógann tú thú féin ródháiríre. Ní dhéanaimid é sin.”

An rud is mó a thaitin leis an amhránaí mór le rá ná a bheith ag “éisteacht leis an ghrá don cheol” i measc na gceoltóirí ar bhuail siad leo ar an bhealach.

“Bhí sé an-deas bualadh leis an meon sin. Is é an meon go raibh daoine ag maireachtaint a saoil le cúnamh an cheoil agus bhí sé go hiontach teacht trasna ar an meon sin. Bhí sé ann dúinn i ngach aon chontae. N’fheadar cén saghas saoil a bheadh caite agam mura mbeinnse ag seinmt ceoil. Bheadh saol maith agam go deimhin ach ní dóigh liom go mbeadh sé chomh maith sin,” a dúirt Breanndán Ó Beaglaoich le Tuairisc.ie

Fág freagra ar '‘Chuireamar chuige clár a dhéanamh a mbeadh meas againn féin air’'