Chuir an Fear Mór as Conamara an fathach de phóilín as Londain ar a thóin…

Ba sa gCéad Chath Gaelach ar an Rinn Mhóir i gCathair na Gaillimhe a d’fhoghlaim Cóil Mhicil Saile as an Doirín Glas ceard na dornálaíochta

Chuir an Fear Mór as Conamara an fathach de phóilín as Londain ar a thóin…

‘Céard a rinne an Fear Mór ort nach raibh sé ar do liosta?’ a d’fhiafraigh an té a bhí ar cheann eile an teileafóin díom cúpla mí ó shin agus dála Chonradh Luimnigh fadó, gan an dúch triomaithe ar phíosa a bhí scríofa anseo agam faoi lúthchleasaithe as Conamara a thuill clú idirnáisiúnta leis na blianta.

Bhí iomlán an chirt aige. Dúirt mé ag an am gur chinnte go raibh mé ag déanamh faillí ar dhaoine agus ba cheart ar aon nós go gcuimhneoinn ar Chóil Breathnach (An Fear Mór) as Leitir Móir mar go raibh mé ag obair i Raidió na Gaeltachta nuair a rinneadh comóradh ar a chuid éachtaí ag comórtas dornálaíochta a reáchtáladh agus a craoladh as Tí Phlunkett le linn Fhéile na nOileán 1997.

Bliain agus ceithre scóir roimhe sin a rugadh Cóil Mhicil Saile ar an Doirín Glas agus nuair a bhí sé 20 bliain d’aois liostáil sé sa gCéad Chath Gaelach ar an Rinn Mhóir i gCathair na Gaillimhe. Ba ansiúd a d’fhoghlaim sé ceard na dornálaíochta agus ba lúthchleasaí den scoth a bhí ann freisin – bhuaigh sé Craobh an Airm ag caitheamh na teisce (discus) i 1930 agus arís an bhliain dár gcionn.

Ba le linn dó a bheith sa gCéad Chath Gaelach a thuill sé an t-ainm ‘An Fear Mór’. In alt a foilsíodh in iris an airm An Cosantóir faoi chomórtas lúthchleasaíochta a eagraíodh i bPáirc an Chrócaigh deirtear:

First Battalion Galway gave us Private C. Breathnach. A very popular character at that time. It was at a sports meeting in Croke Park that he got the name An Fear Mór. A reporter found himself among a group of the Irish speaking Battalion and was impressed by the physique of the Champion weight thrower. He inquired in Irish who the big man was and his comrades knew him thereafter as ‘An Fear Mór’.

Seacht mbliana (1926-1933) a chaith Cóil Breathnach san arm, áit ar bhuaigh sé Craobhacha Uile-Éireann agus Chonnacht sa gcró dornálaíochta.

Théis dó slán a fhágáil ag an gCéad Chath, fuair Cóil post ag obair Tigh Mháirtín Mór Mac Donnchadha áit a raibh riar maith de mhuintir na nOileán fostaithe agus phós sé Baba Phádraic Chuinn as an Leic, Leitir Móir.

Tráth an ama sin bhí an dornálaíocht thar a bheith láidir i measc an Gharda Síochána, spreagtha den chuid ba mhó ag fear as Maigh Eo a raibh Dick Hearns air – go deimhin bhí Hearns ar dhuine de na hoiliúnaithe corpoideachais ba thúisce sa tír agus ba é a thraenáil peileadóirí Mhaigh Eo a bhuaigh Corn Mhig Uidhir i 1936.

Nuair a chuaigh sé féin isteach sna Gardaí chuir Hearns roimhe an dornálaíocht a chur chun cinn agus d’éirigh chomh maith sin leis go raibh ar a laghad duine den fhórsa ar fhoireann na hÉireann ag Cluichí Oilimpeacha na linne – leithéidí Jim ‘Boy’ Murphy (1924, ’28 & ’32) as Corcaigh, Jack Chase (1928), Ernie Smith (1932) agus Matt Flanagan (1928).

Tá chuile sheans ann go raibh baint ag Dick Hearns leis an gcuireadh a fuair Cóil Breathnach i 1935 a dhul isteach sa nGarda Síochána. Ní raibh ann ach go raibh a chuid oiliúna críochnaithe nuair a roghnaíodh é ar an bhfoireann dornálaíochta a throid in aghaidh na hOllainne agus ansin, cé gur beag troid a bhí déanta aige le cúpla bliain, fuair sé áit ar fhoireann na nGardaí a bhí san iomaíocht i gCraobh Dornálaíochta Phóilíní na hEorpa sa Royal Albert Hall i Londain.

Le linn an chomórtais sin, chonacthas fíor-iomaíocht idir Breathnach agus póilín Sasanach a raibh Deats mar ainm air. Sheas an bheirt i lár an chró dornálaíochta agus gach re lasc acu ar a chéile. Chuir fear Chonamara cosaint fiacla a chéile comhraic amach i lár an tslua le buille amháin agus nuair chuir sé chun talún den cheathrú huair é, bhí an lá leis.

Fathach de Phóilín as Londain a raibh Roger Hunter air a throid Cóil i mbabhta ceannais na hEorpa. Bhí Hunter 19 cloch meáchain, 6 troithe 9 n-orlaí ar airde agus ‘Carnera’ baiste mar leasainm air – ba é an tIodálach Primo Carnera a bhí ina sheaimpín gairmiúil ar an domhan ag an am.

Seo cuid den chur síos a bhí san iris Garda Review faoin mbabhta ceannais:

The most meritorious performance of the championship was given by Garda C. Breathnach (An Fear Mór). This was Garda Breathnach’s first appearance in a competition outside his native shores, and he confounded his critics by winning the Heavyweight title at his first attempt. In the final he met P.C. Hunter, the ‘Carnera’ of the London police, who was ‘hot favourite’ for the title. The Irish man was at a distinct disadvantage, his opponent being inches taller and at least five stones heavier. Instead of being dismayed however, Breathnach immediately carried the fight to his huge opponent and in the first minute had the huge audience in an uproar by flooring Hunter with a right to the jaw.

Sula raibh an babhta sin thart bhí Hunter curtha ar a thóin arís ag Breathnach agus Craobh na hEorpa buaite aige.

Ní nach ionadh, fuair Cóil Breathnach tairiscintí go leor a dhul ag plé leis an dornálaíocht go gairmiúil, ach ní raibh aon suim aige iontu agus thóg sé féin agus Baba a gcúigear clainne i mBleá Cliath, áit a raibh sé lonnaithe.

Tá sé sa seanchas gur throid sé féin agus Máirtín Thornton babhta taispeántais i gColáiste Chonnacht ar an Spidéal, ach tá ag cinniúint orm aon fhianaise a fháil air sin. D’fhéadfadh sé go bhfuil sé fíor, ach bheadh amhras orm mar go raibh beagnach 10 mbliana eatarthu – ba i 1944 a bhuaigh Thornton Craobh Gairmiúil Trom-mheáchan na hÉireann in aghaidh Paddy O’Sullivan agus an bhliain dár gcionn a throid sé in aghaidh Bruce Woodcock i gCraobh na Breataine.

Throid ‘An Fear Mór’ sa gColáiste ceart go leor, i dtús na bliana 1934 bhí ollchomórtas ar siúl ansiúd ar mhaithe le airgead a bhailiú don séipéal a bhí á thógáil i Ros an Mhíl agus throid Cóil agus Garda eile darbh ainm Gerry Mulligan a chéile, oíche ar tháinig dornálaithe as Gaillimh, Luimneach agus Béal Átha hAmhnais agus busanna as cathair na Gaillimhe, Carna agus Leitir Móir.

Bhásaigh Cóil Breathnach ar an 19 Bealtaine 1987.

Tá ar a laghad beirt lúthchleasaithe eile ba chóir a bheith luaite sa liosta agus ní de dhearmad a d’fhág mé iad sin ar lár inniu ná an lá faoi dheireadh, ach go bhfuil sé ag dul rite liom mórán eolais a fháil ar éachtaí dhuine acu, cé go raibh aithne agam air agus gur sheas sé an fód d’Éirinn minic go leor ag caitheamh an mheáchain agus na teisce.

Breathnaigh freisin iad siúd – Beartla Pheter Jeainín as Camus agus a mhac Seán. Níl aon easpa eolais ann faoi Sheán, a bhuaigh Craobh na hÉireann arís an deireadh seachtaine seo caite. Ní féidir ach go bhfuil suas le scór acu anois aige.

Scéal eile iad éachtaí a athar mar nach bhfuair an NACA lenar bhain sé siúd oiread sin poiblíochta san aimsir a raibh scoilt i gcúrsaí lúthchleasaíochta na tíre.

Ní stopfaidh sin ó bheith ag tochailt mé.

Fág freagra ar 'Chuir an Fear Mór as Conamara an fathach de phóilín as Londain ar a thóin…'