‘Chuile fhear is a bhreac aige!’ – Breandán Ó hEithir

BRISEANN AN DÚCHAS: Níor tháinig aon chomharba ar Bhreandán mar scríbhneoir, mar chraoltóir ná mar dhuine. Dúirt mé ag an am, sílim, go raibh “coinsias na Gaeilge” ar lár. Ba cheart dom a sprid agus a hanam a bheith curtha leis agam.

Image Ref. No. 2108/003

I gcuimhne ar Bhreandán Ó hEithir (a bhásaigh ar an 26ú Deireadh Fómhair 1990 – cothrom lae mo bhreithe!)

24 bliain ó shin go am seo a d’éag Breandán Ó hEithir – nach beag a cheapfadh é. Is cuimhneach liom go maith an mhaidin.

Ar an raidió beag a chuala mé an scéala – bhí sé leagthaí ar an gclaí ‘am agus mé thíos sa ngarraí. Príomhscéalta an dó dhéag ar RnaG.

“Tá an t-iriseoir agus an t-údar Breandán Ó hEithir, as Árainn ó dhúchas, th’éis bháis.”

Tháinig tocht anfadhach ar mo chroí nár bhuail ariamh roimhe sin mé, ná ó shin.

D’airigh mé mé mar a bheadh ainsprid th’éis a láimh a chur isteach agus an croí a scríobadh i gcúil a glaice, glan amach as mo lár, agus gan tada a fhágáil ina diaidh ach….folús.

Agus sin é a bhí ann agus atá ann fós, folús.

Níor tháinig aon chomharba ar Bhreandán mar scríbhneoir, mar chraoltóir ná mar dhuine. Dúirt mé ag an am, sílim, go raibh “coinsias na Gaeilge” ar lár.

Ba cheart dom a sprid agus a hanam a bheith curtha leis agam.

Chas mé leis den uair dheireanach sa nGoat Inn i mBaile na nGabhar, paróiste Dhún Droma, ceathair nó cúig de sheachtainí sular bhásaigh sé.

Bheadh duais an Bhuitléirigh le bronnadh air ag an bhForas Gael-Mheiriceánach faoi cheann seachtaine (28 Meán Fómhair 1990), ach ní raibh a fhios ‘amsa é sin ag an am agus níor labhaireas air.

Sin é an sórt fir a bhí i mBreandán. B’fhearr leis go mór fada, nuair a bhíodh sé ag comhrá liomsa ar chuma ar bith, a bheith ag caint ar Ghaillimh agus ar Árainn. Scéilíní beaga seafóideacha (cuid acu) faoi ‘chairictéirí’ a rinne seo nó a dúirt siúd.

Bhíodh gáire mar dheireadh ag formhór na scéalta.

Óna athair Paddy Hehir a tháinig an tréith sin ann. B’iontach an fear scéalta agus seanchais a bhí i bPaddy agus fear grinn dá réir.

Bhí m’athair fhéin agus Éamonn Concannon ag obair dhó uair, ag cur seomra folctha amach as an teach, sílim, agus is é an port a bhíodh ag m’athair “má bhí tú ag iarraidh aon bhlas a fháil déanta, bíodh sé déanta agat sula dtiocfaidh sé fhéin ón scoil!”

Chaith Paddy, ar ndóigh, a shaol uilig beagnach ag múineadh scoile i gCill Rónáin. Nuair a thagadh sé abhaile, d’ólfadh sé braon tae agus amach leis ansin leis na fir oibre.

Chomh maith leis na buanna eile a bhí aige, b’iontach an fear ag inseacht scéil a bhí i mBreandán. Deireadh sé fhéin ná raibh aon mhaith leis ag aisteoireacht – tá mise ag ceapadh gur aisteoireacht a bhíodh sé formhór an ama!

Thagadh an chaint leis go héasca, i mBéarla agus i nGaeilge; ní bhíodh aon ghá dhó a bheith ag cuartú an fhocail. Bhí sé in ann “spalladh” a chaitheamh freisin nuair a theastaigh sí!

Bhí sé iarrtha amach go dtí Scoil Fhearann a’ Choirce uair, ag mná fionntracha Árann, le labhairt ar Scríbhneoirí an Oileáin.

Chuaigh mé fhéin amach lena thaifead. Suas le dhá dhuine dhéag a bhí i láthair ag a dó a chlog sa lá – lá maitheasa, lá báid.

D’fhiafraigh mé fhéin dhe roimh ré an mbeadh cead ‘ainn é a thaifead. “Féadfaidh tú,’ a deir sé, ‘ach níl tada scríofa ‘am.”

Ní raibh aige ach baisc leabhar agus leag sé roimhe ar an mbord iad.

“Uair a’ chloig ar a mhéid,’ a deir sé, ‘Tigh Chreig ansin”, agus aoibh gháirí ar a chinnaghaidh. Thosaigh sé air ag cur síos ar scríbhneoirí Árann, a chuid uncaileachaí ar ndóigh, Liam agus Tom, Máirtín Ó Díreáin, Pat Mullen, agus fear as Cill Rónáin darb ainm Pateen Lee.

(Níl a fhios agamsa inniu, ná an lá sin, céard a scríobh Pateen Lee – bhí mé lena fhiafraí dhe ach níor éirigh liom).

Rinne sé trí cheathrúnaí uaire gan frapa gan taca, de bharr a chinn, chomh maith is dá mbeadh sé scríofa aige.

“Tá sé chomh dhom é a fhágáil aige sin,” a deir sé, “mura bhfuil aon cheist ag aon duine…” , agus é ag breathnú suas ar an gclog. Bhraith mé fhéin ceist a chur faoi Phateen Lee, ach bhí baol orm, nuair a chonaic mé ag breathnú ar an gclog é.

Bheadh an bád ag imeacht ag a cúig. Ní bheadh againn ach dhá uair a’ chloig agus Tigh Chreig, an American Bar, agus Tigh Joe Mack le déanamh fós!

Ach bhí bean bhocht sa gcomhluadar nach dtuigfeadh na cúrsaí sin agus le bheith múinte agus le ‘speáint go raibh spéis aici sa gcaint, bhí ceist aici. Níorbh as an Oileán í.

“Dá mbeadh ócáid mar seo ar siúl san áit arb as mise i gcontae Ros Comáin,’, a deir sí, ‘bheadh an teach lán. Cén fáth nach dtagann muintir Árann amach chuig ócáidí mar seo?”

Is ar éigean a bhí an focal amach as a béal. “Dream ar bith a chuir leacht ar Dhubhghlas de hÍde gan focal Gaeilge air, ní thabharfainn aird ar bith ar aon rud a dhéanfaidís!” a deir Breandán. B’shin deireadh leis na ceisteannaí.

Ag gabháil siar an bóthar dhúinn ar ball agus muid ag gáirí: “Ah a dheabhail’, a deirimse, ‘chuaigh tú géar uirthi – níl aon dochar inti, an créatúr; bean dheas, shíl sí sin go raibh tú ag iarraidh ceisteannaí.”

“Arú, tá a fhios ‘am’, a deir sé, ‘ach dhá bhfreagróinn í, bheadh muid ansin go ham báid – má thagann sí siar Tigh Chreig freagróidh mise ar ball í!”

Bhí an scéal sin agus scéalta nach é tarraingthe anuas againn an lá deireanach sin sa nGoat. Níl uair ar bith dhá gcastaí ar a chéile muid nach dtagadh scéal as.

Bhí mé ag inseacht dhó an lá sin faoi iascaire a bhí ag teacht aníos Ród a’ Ghleannacháin agus fear ná raibh aon ghean aige air dhá chur sna Seacht dTeampall.

Bhreathnaigh sé soir agus chroch sé an stropa éisc a bhí ar ruadhóg aige ina láimh. “Sin é é,’ a deir sé, ‘chuile fhear agus a bhreac aige, agus an fear seo thoir (chuir sé ainm air) agus a chac aige.”

Bhain Breandán an-solamóir as an scéal sin. Tá mé ag ceapadh go mbeadh sé ar chuid des na focla deireanacha a bhí eadrainn; eisean ag rá “Chuile fhear is a bhreac aige” agus é ag imeacht uaim.

Is gearr go mbeadh sé in am ‘Lig Sinn i gCathú’ a dhúiseacht aríst – an-ábhar scannáin.

Rinneadh ar an stáitse chéanna é.

Ba cheart freisin go mbeadh leacht nó plaic i gCill Rónáin nó ar Charcair “Claí Coc” lena mheabhrú go speisialta don óige go mba ann dona leithéid de laoch.