Chuaigh an carr sa chlaí agus scaipeadh mo shraith nua do TG4 ar fud an bhóthair

Is beag a shíl mé oíche Shamhna 1996 go gcaithfinn fiche bliain de mo shaol ag léiriú clár do TG4

Chuaigh an carr sa chlaí agus scaipeadh mo shraith nua do TG4 ar fud an bhóthair

Oíche Shamhna 1996. Bhí an halla i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath lán go doras, an teannas le mothú agus sceitimíní ar gach duine. Múchadh na soilse agus thosaíomar go léir ag screadach. Ag screadach do cheannlínte na nuachta. Ach ba é seo an nuacht ar Theilifís na Gaeilge, stáisiún úrnua inár dteanga dhúchais agus bhí Gillian Ní Cheallaigh, iarscoláire ó UCD ar cheann de na réalta óga ar an scáileáin mór ag léamh na gceannlínte.

Níor shíl mé ag an am go gcaithfeadh mé fiche bliain de mo shaol ag léiriú cláracha don stáisiún teilifíse a seoladh an oíche sin.

Mí Eanáir 2002. Bhí mé díreach tagtha abhaile ó Nua-Eabhrac agus ag ullmhú fá choinne agallamh do chúrsa oiliúna teilifíse i mBéal Feirste. Bhí sé á reáchtáil ag an Iontaobhas Ultach agus fís de chuid Aodáin Mhic Phóilín, an ceannródaí uasal, (ar dheis Dé go raibh a anam dílis) á fíorú. An aisling a bhí ag Aodán ná earnáil teilifíse a bhunú ó thuaidh agus cláir a dhéanamh do TG4 san iarthar.

Ba é sin mo chéad agallamh riamh, ní raibh mé riamh i mBéal Feirste, ach an t-aon bhuairt a bhí orm ná an mbeadh mé in ann cuimhneamh ar mo chuid Gaeilge ón Ardteist. Rinne mé coinne comhrá a dhéanamh le mo chara a raibh céim sa Ghaeilge aici. Agus mise ag cur ceisteanna faoin Modh Coinníollach d’iarr sise orm ar smaoinigh mé ar fhreagra ar bith a thabharfainn ar lucht an agallaimh.

Níor smaoinigh ar ndóigh agus ní raibh TG4 (mar a bhí ar Theilifís na Gaeilge faoin tráth sin feicthe agam fiú agus mé i mo chónaí sna Stáit Aontaithe le ceithre bliana. (Fadó fadó sna laethanta sin roimh theacht an tseinnteora.) Mhol mo chara dom labhairt faoi chláir Hector agus an clár Cleamhnas, agus rinne sí achoimre ar na sraitheanna sin dom. Fuair mé an traein suas go Béal Feirste.

Níorbh é sin an uair dheireanach a ndéanfainn agallamh ina mbeinn ag caint cacamais le Micheál Ó Meallaigh agus foireann TG4 bhocht. Is cuimhin liom dul fá choinne agallamh do phost mar Stiúrthóir Cúla 4 an bhliain ina dhiaidh sin. Ní raibh aon tiomáint agam ag an am agus bhí orm mo theach i mBéal Feirste a fhágáil ag a seacht ar maidin le traein agus dhá bhus a fháil trasna na tíre chuig Baile na hAbhann. Bhí an t-agallamh ag 15.30 ach bhí mé fós déanach toisc gur stop an tiománaí bus chun cabhair a thabhairt do sheanbhean ón áit lena mála móna.

Nuair a shroicheamar TG4 sa deireadh rith mé ón mbus agus liostaí i mo lámha agam lán le moltaí do chláracha ó Bhéal Feirste (bhí spriocdháta do bhabhta coimisiúnaithe ann an lá céanna chomh maith). Chuaigh mo shála arda i bhfostú sa ghráta eallaigh agus thit mé i ndiaidh mo mhullaigh os comhair doras tosaigh TG4. Rinne mé an t-agallamh agus mo spéaclaí gréine greamaithe i mo chuid gruaige agus mé ag pléascadh le dul chuig an leithreas. Ar chúis éigin thosaigh mé ag caint seafóide i bhFraincis. Is deacair é a thuiscint ach ní bhfuair mé an post.

Ba é Fear an Phíopa an chéad chlár a léirigh mé do TG4 – clár faoin ealaíontóir Liam Andrews sa tsraith Cogar. Nuair a bhí an obair iar-léiriúcháin ‘críochnaithe’ agam, bhí mé ag súil le bualadh bos mór ón eagarthóir coimisiúnaithe. Ach ní hin mar a tharla. Tugadh na nótaí dom. Jesus wept. Bhuel, ghol mise ar aon chuma.

Bhí cúis eile agam a bheith ag caoineadh oíche Chluiche Ceannais na hÉireann 2003. Bhí mé féin agus mo chomhghleacaí Pilib Mac Cathmhaoil ag fágáil Óstán City West i ndiaidh ‘cóisir’ Ard Mhacha a chaill an cluiche mór. Bhíomar ag leanúint buachaillí Joe Kernan an séasúr ar fad lenár PD150 don chlár Ard Mhacha Abú. 

Ar chúis amaideach éigin bhí na téipeanna uilig fágtha sa bhúit againn. Chuamar an treo mícheart ar an débhealach, rinne an tiománaí cúramach iarracht U-chasadh a dhéanamh agus, bhuel, sa chlaí a chríochnaíomar.

Bhí na téipeanna scaipthe ar fud Bhóthar na Náis agus is cuimhin liom soilse thóirsí na nGardaí a fheiceáil sa scáthán cúil agus iad ag cuardach Mini DVs sa tearmann i lár an bhóthair. Scriosadh an gluaisteán, ach mhair muidne agus an PD 150, agus níor chailleamar ach téip amháin as an tríocha a sé.

Cé gur Dub mé, is dócha nach raibh mórán áidh orm le Cluichí Ceannais Peile agus mé i mbun oibre do TG4. 13 bliain níos déanaí bhí mé ar fhód beannaithe Pháirc na Chrócaigh arís, agus mé ag scannánaíocht an uair seo don tsraith faisnéise Club na mBan. Rinne mé dearmad ar an top mic don cheamara EX3 agus thosaigh sé ag stealladh báistí le linn an chluiche. Stop na dá cheamara ag obair leathbhealach tríd an dara leath agus buaicphointe na sraithe ag imeacht léi sa tuile. Buíochas le Dia go raibh na ceamaraí móra ó Peil na mBan ann (le scáth fearthainne orthu) agus cartlann ar fáil don eagarthóireacht.

Ba mhinic a bhí púcaí na teicneolaíochta ina gcrá croí thar na blianta. Ba léir go raibh míshocracht spioradálta de chineál éigin i gceist nuair a scriosadh tarchur TG4 le linn an chéad chláir den tsraith Sagairt, agus go bhfóire Dia orainn uilig, ormsa a thit an fhreagracht an chéad chlár ‘tapeless’ a sheachadadh do TG4 – Dlí Rory; Dóchas Ó Neamh. Bhí orm téip Digibeta a sheoladh sa phost sa deireadh.

Ach bíonn lá eile ag an bPaorach i gcónaí agus bhí buaicphointí le ceiliúradh sna blianta sin fosta. Ba í an chúis mhór bhróid a bhí agam féin nuair a ainmníodh an scannán faisnéise Uchtú: Evanne Ní Chuilinn mar chlár teilifíse na bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais anuraidh. Ba mhór an trua é nach raibh an deis agam gúna a fháil agus dul ar an ndrabhlás in Óstán Bhóthar na Trá, agus níos measa fós, nach mbeidh aon teacht le chéile mór ann tráth seo na Samhna i mbliana le 25 bliain de Theilifís na Gaeilge/TG4 a cheiliúradh.

Ach táim ag déanamh go mbeidh oícheanta ceiliúrtha eile againn amach anseo. Idir an dá linn beidh mé do mo spreagadh féin agus do mo chiapadh féin leis na cuimhní go léir. Breithlá sona duit TG4!

Fág freagra ar 'Chuaigh an carr sa chlaí agus scaipeadh mo shraith nua do TG4 ar fud an bhóthair'