‘Christmas’, ‘Santa’ agus ‘star’ ar na focail is mó cuardach ar foclóir.ie ag deireadh bhliain na paindéime

Bhí bliain mhór ag lucht an fhoclóra in 2020 agus an leagan clóite den fhoclóir Béarla-Gaeilge ar líne curtha ar fáil acu, ach bhí borradh faoi úsáid na suíomhanna foclóireachta freisin

‘Christmas’, ‘Santa’ agus ‘star’ ar na focail is mó cuardach ar foclóir.ie ag deireadh bhliain na paindéime

Tá dúshlán théarmaí na paindéime tugtha ag na focail ‘elf’, ‘Santa’ agus ‘star’ ar focloir.ie an Nollaig seo.

Bhí na focail ‘lock-down’, ‘pandemic’, ‘virus’, ‘quarantine’ agus ‘mask’ i measc an 1000 focal is mó cuardaigh ar foclóir.ie i mbliana nach raibh i measc an 1000 is mó a cuardaíodh anuraidh.

Ach níl a dóigh féin á fáil ag na téarmaí gruama sin an mhí seo agus d’éirigh le ‘elf’, ‘santa’, ‘star’ ‘Christmas’, ‘sleigh’, ‘reindeer’, ‘Christmas tree’ agus ‘decoration’ áit a fháil i measc an 100 focal is mó cuardaigh mí na Nollag.

Ba iad na deich bhfocal is mó cuardaigh ar foclóir.ie in 2020 ná ‘for’, ‘go’, ‘to’, ‘play’, ‘love’, ‘be’, ‘speaking voice’, ‘hello’, ‘help’ agus ‘app’.

Bhí bliain mhór ag lucht an fhoclóra in 2020 agus an leagan cloíte den fhoclóir ar líne curtha ar fáil acu.

Ach bhí borradh faoi úsáid na suíomhanna foclóireachta i mbliana chomh maith.

2.43 milliún úsáideoir a bhí ag an bhfoclóir Béarla-Gaeilge ar líne in 2020, ardú 13% ó 2019.

Thug na húsáideoirí sin 6,54 milliún cuairt (seisiún) ar an suíomh agus d’amharc siad ar 34 milliún leathanach, ardú 23%.

In Éirinn a rinneadh 75% de na cuardaigh, bhain 13% acu le Meiriceá agus bhain 6% leis an mBreatain. Breis is 33,000 úsáideoir a bhí ag an bhfoclóir i gCeanada, 25,000 úsáideoir a bhí san Astráil agus breis is 10,000 úsáideoir a bhí sa Fhrainc agus sa Ghearmáin.

Tá foireann an fhoclóra fós ag tochas a gcinn ag iarraidh meabhair a bhaint as an laghdú ar líon na n-úsáideoirí in St Lucia i mbliana. Ochtar a bhain úsáid as an suíomh ansin in 2020 i gcomparáid le 17 duine in 2019. Malairt scéil a bhí ann san Airgintín, mar ar tháinig ardú 30% ar líon na n-úsáideoirí, ó 550 go dtí 725.

In 2020, tháinig méadú 13% ar an líon úsáideoirí ag focloir.ie i gcomparáid le 2019.

2.4 milliún usáideoir a bhí ag Teanglann.ie in 2020, ardú 27%, agus d’amharc na daoine sin ar nach mór 40 milliún leathanach.

Fág freagra ar '‘Christmas’, ‘Santa’ agus ‘star’ ar na focail is mó cuardach ar foclóir.ie ag deireadh bhliain na paindéime'