Chreid John Hume i gcumhacht na comhghuaillíochta thar aon ní eile

Chothaigh John Hume, a chuirfear i gcré na cille inniu, comhghuaillíochtaí ar feadh a shaoil sa pholaitíocht

Chreid John Hume i gcumhacht na comhghuaillíochta thar aon ní eile

Tá glúin de mhuintir na hÉireann, thuaidh agus theas nár chuala John Hume ariamh ach a bhfuil tionchar ollmhór aige ar a saol.

Maireann siad faoi shíocháin a bheadh doshamhlaithe murach gur dhiúltaigh John Hume, as éadan, glacadh leis go raibh an choimhlint abhus dofhuascailte nó dosheachanta.

Bhí sé imithe as an saol poiblí le naoi mbliana déag, geall leis, nuair a fuair sé bás go moch maidin Dé Luain in aois 83 ach tá údar ag an bpobal trí chéile a bheith buíoch dó. Airítear gach lá éifeacht a anailíse agus na gcomhghuaillíochtaí a chothaigh sé mar thaca lena fhís.

Ó cailleadh é is iomaí duine a thagair go magúil nó le cion dá ‘aon óráid inaistrithe’ amháin faoi Éire chomhaontaithe shíochánta. Ach bhí sé cumasach i mbun cumarsáide agus chleacht sé an t-athrá chun a anailís a dhaingniú in aigne an phobail. Bhí sé dubh dóite in aghaidh an fhoréigin, teachtaireacht a chraobhscaoil sé go seasta sa bhaile agus i gcéin is é ag bailiú tacaíochta dá leagan amach.

Ba é a chomhghuaillíocht chonspóideach le Gerry Adams, uachtarán Shinn Féin, chun Sealadaigh an IRA a iompú ar bhealach an daonlathais agus an chomhaontaithe an chomhghuaillíocht dheiridh a bhunaigh sé, ach roimhe sin chothaigh sé caidrimh idirnáisiúnta a bhí cinniúnach i bhfuascailt na sáinne.

Luath sna hochtóidí is minic a chluineadh iriseoirí a bhí ag freastal ar nuachtócáidí aontachtacha sáiteáin faoi Hume a bheith ‘thar lear’. Chloistí drochmheas ar a fheachtas chun ceist Thuaisceart Éireann a idirnáisiúnú. Bhí eite san UUP, an páirtí mór aontachtach ag an am, a bhí glan in aghaidh an díláraithe, agus d’fheil sé dóibh  go mbreathnófaí ar na Trioblóidí mar cheist slándála inmheánach don Bhreatain.

Ó 1974 nuair a loit stailc an Ulster Workers’ Council, meascán de pharaimíleataigh dhílseacha agus polaiteoirí aontachtaithe, an feidhmeannas comhroinnte cumhachta, chinn Hume nár mhór comhthéacs na polaitíochta a athrú. Ba iad siléig an RUC agus meatacht rialtas na Breataine i dtaca le himeaglú agus bagairt an UWC chomh maith le héagumas rialtas na hÉireann a spreag Hume chun comhghuaillíochtaí úra a chothú. Ba é a bharúil nach ndéanfadh an Bhreatain aon cheo maidir le cearta an phobail mura gcuirfeadh cumhacht mhór eile brú uirthi. Dá bhrí sin chuir sé ceann leis an obair chun a dhul i bhfeidhm ar Washington agus an Bhruiséil.

Chonaic an saol mór ról uachtarán Mheiriceá, Bill Clinton, i bpróiseas na síochána sna nóchaidí, ach leagadh an bhunchloch dó sin sna seachtóidí. Ó 1974 ar aghaidh, dhírigh John Hume ar an rialtas ba chumhachtaí ar domhan, An Teach Bán. Le cabhair ó thaidhleoirí na hÉireann agus ó Ted Kennedy agus polaiteoirí Gael-Mheiriceánacha eile, amhail Tip O’Neill, Daniel Moynhan agus Hugh Carey, d’éirigh leis a áitiú ar an Uachtarán Jimmy Carter a ladar a chur sa scéal.

Dúirt an tUachtarán Carter, a raibh cosaint chearta an duine ina airteagal creidimh aige, gur réiteach síochánta a bhí riachtanach i dTuaisceart Éireann agus gheall sé infheistíocht dá gcuirfí deireadh leis an lámh láidir.

Dúirt Jimmy Carter i scannán cúpla bliain ó shin gur faoi thionchar Hume agus a chairde, an Ceathrar Marcach, a tháinig sé ar an bpolasaí sin. Ghoill ráiteas an Uachtaráin go mór ar an mBreatain agus ar chairde na Ríochta Aontaithe i Roinn Stáit Mheiriceá. Ba chéim chinniúnach í mar bhris sé an ceangal a bhí ag Whitehall ar Washington.

Chonacthas toradh an athraithe sin arís nuair a d’áitigh an tUachtarán Ronald Reagan ar an bPríomh-Aire Margaret Thatcher a bheith páirteach sa bpróiseas as ar eascair Comhaontú Hillsborough i 1985. Bhí tacaíocht airgid ó Mheiriceá ceangailte leis an gconradh sin agus faoi aimsir Bill Clinton bhí line dhíreach ag Hume go dtí an Teach Bán.

Rinne sé an saothar céanna ar fud na hEorpa. Liosta le háireamh iad na geallúintí agus na deontais a fuair sé ón Aontas Eorpach agus ó leithéidí Jacques Delors. Fiú sular toghadh é ina fheisire Eorpach i 1979 bhí sé ag cuimilt meala le ceannairí ar fud na hEorpa ag cur ar a súile dóibh go raibh gá le tacaíocht idirnáisiúnta chun stop a chur leis an lámh láidir abhus agus saol eacnamaíochta an phobail a fheabhsú. Ba mhór aige fealsúnacht bhunaithe an Aontais Eorpaigh. Chuaigh sé i gcion go mór air go bhféadfadh tíortha teacht le chéile tar éis dhá Chogadh Domhanda.

Chothaigh sé comhghuaillíochtaí sa bhaile freisin, le páirtithe polaitíochta agus rialtais i mBaile Átha Cliath. Bhí an caidreamh le páirtithe aontachtacha corrach go minic ach bhí dlúthpháirt aige le haontachtaithe ina chathair dhúchais.

Is cuimhin liom ócáid nuair a scrios buamaí loiscneacha de chuid Shealadaigh an IRA gnólacht mhór le teaghlach de bhunadh na cathrach. Chuaigh mise agus foireann teilifíse go hInis Eoghain le hagallamh a dhéanamh le John Hume.

Bhí scata fear ag dul isteach an doras nuair a shroich mé an teach, lucht gnó aontachtach as Doire a bhí ag iarraidh a dhul i gcomhairle leis faoi phlean tarrthála.

Bhíodh caidreamh rialta eatarthu, a dúirt siad. “Sin mar atá John,” arsa duine acu linn, “creideann sé i nath a athar ‘you can’t eat a flag’ agus déanann sé a dhícheall linn go léir.”

Fág freagra ar 'Chreid John Hume i gcumhacht na comhghuaillíochta thar aon ní eile'

  • Poraic o'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam uasal.