Chosnódh Acht Gaeilge níos lú ná £5 milliún — taighde Chonradh na Gaeilge

Dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, nach bhfuil aon bhunús le maíomh an DUP go gcosnódh Acht Gaeilge ‘£100 milliún sa bhliain’

Chosnódh Acht Gaeilge níos lú ná £5 milliún — taighde Chonradh na Gaeilge

Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn

Beidh páipéar á fhoilsiú go luath ag Conradh na Gaeilge ina ndéanfar cur síos ar an gcostas a bhainfeadh le hAcht Gaeilge ó thuaidh. Ag labhairt dó ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i nGaillimh ag an deireadh seachtaine, dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, go gcosnóidh an reachtaíocht teanga “níos lú ná £5 milliún” agus nach bhfuil bunús ar bith le maíomh an DUP go gcosnódh sé £100 milliún sa bhliain. Figiúr ‘a fuair an DUP ó Plútó’ a thug an tAire Airgeadais Máirtín Ó Muilleoir ar an meastachán sin agus é faoi agallamh ar chlár raidió an tseachtain seo caite.

Ritheadh sraith rún ag Ard-Fheis an Chonartha, a bhí á reáchtáil in Óstán Chuan na Gaillimhe, ag tacú leis an éileamh ar Acht Gaeilge agus cearta eile teanga ó thuaidh. Aontaíodh freisin go dtabharfaí “tacaíocht agus acmhainní” don ghrúpa ‘An Dream Dearg’ a tháinig chun tosaigh go mór le cúpla mí anuas agus ceist na Gaeilge ina cnámh spairne sa toghchán ó thuaidh.

Dúirt de Spáinn go bhfuil “deis ollmhór” ann anois an tAcht a bhaint amach agus go bhfuil dóchas aige go ndéanfar amhlaidh. Beidh an Conradh ag cur brú anois ar na páirtithe polaitíochta geallúint a thabhairt go mbeadh ceist an Achta Gaeilge ina ceist ‘’líne dhearg’ acu in aon chainteanna a bheidh ar siúl i ndiaidh thoghchán na seachtaine seo chugainn. Beidh stocaireacht ar bun ag an eagraíocht freisin ar Rialtas na hÉireann agus ar Rialtas Shasana dul i ngleic le ceist an Achta Gaeilge ó thuaidh, go háirithe i ndiaidh an Bhreatimeachta.

“Níl aon seans ann gur £100 milliún a bheadh i gceist le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh, mar atá ráite ag roinnt tráchtairí. Beidh an costas sin níos lú ná cúig mhilliún. Is bunrudaí a theastaíonn ón bpobal a bheith san Acht,” a dúirt Julian de Spáinn.

Dúirt sé freisin go gcuirfeadh an páipéar faoi chostas an Achta atá le foilsiú ag Conradh na Gaeilge “go mór” leis an éileamh ar Acht san ‘fheachtas iarthoghcháin’ atá roimh ghníomhairí teanga.

Dúirt an tAire Airgeadais, Máirtín Ó Muilleoir, an tseachtain seo caite gur £3.5 milliún sa bhliain nó níos lú an costas a bheadh ar Acht Gaeilge. Tá suimeanna airgid i bhfad níos mó ná á lua ag an DUP leis an Acht Gaeilge le blianta, ach b’in an chéad uair do Shinn Féin costas a lua le ceist na reachtaíochta teanga a bhfuil an oiread sin conspóide cothaithe aici ó dúirt ceannaire an DUP, Arlene Foster, nach mbeadh glacadh go deo aici le hAcht.

Dúirt Ó Muilleoir ar Talkback, clár raidió de chuid an BBC, go bhféadfaí Acht a thabhairt isteach a chosnódh £3.5 milliún nó níos lú in aghaidh na bliana.

“Is ionann é sin agus an méad céanna airgid a chuirfear amú ar an scéim RHI in imeacht 38 lá,” ar sé.

“In Albain, mar a bhfuil daonra cúig mhilliún duine, 64,000 cainteoir líofa Gàidhlig ina measc, chaith siad £1.1 milliún ar chur i bhfeidhm Acht na Gàidhlig agus £5 milliún ar an Acht iomlán. Sin an cineál airgid a bhfuil muid ag caint air,” arsa Ó Muilleoir.

Ina cholún ar an Belfast Telegraph, mhaígh an t-iarAire Cultúir Nelson McCausland, ón DUP, go gcosnódh Acht Gaeilge £2 billiún thar thréimhse 20 bliain. Dúirt sé go gcuirfeadh costas an Achta ‘cuma bheag’ ar chostas na scéime teasa inathnuaite (RHI).

Fág freagra ar 'Chosnódh Acht Gaeilge níos lú ná £5 milliún — taighde Chonradh na Gaeilge'

  • Art

    An dream dearg in aghaidh an dream buí .