Chomh cinnte is atá caipín ar Mhaidhcil Healy Rae, tá gá le leaganacha cainte nua sa Ghaeilge…

Tá tús curtha ag ár gcolúnaí le bailiúchán de leaganacha nua i nGaeilge. Iarrfaidh sé deontas ar Fhoras na Gaeilge ar ball…

Chomh cinnte is atá caipín ar Mhaidhcil Healy Rae, tá gá le leaganacha cainte nua sa Ghaeilge…

An Teachta Dála, Michael Healy

Má tá beatha ar bith i ndán don Ghaeilge caithfidh muid leaganacha nua-aimseartha cainte a chumadh. Na cinn atá againn faoi láthair baineann siad leis an am a raibh daoine ‘seal ag tarraingt fheamainne, ag cur fhataí agus ag baint fhéir’.

Tá na Meiriceánaigh cumasach ag cumadh leaganacha nua i mBéarla. ‘This is where the rubber meets the road,’ a deir siad. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an teoiric go maith ach go gcaithfear í a chur i bhfeidhm anois.

Tá tús curtha agam féin le bailiúchán de leaganacha nua i nGaeilge. Iarrfaidh mé deontas ar Fhoras na Gaeilge agus éileoidh mé ardú táille ar Tuairisc.ie.

Seo cuid de na seoda atá curtha le chéile agam go dtí seo:

*Chomh buan le tuairim Trump.

*Chomh driseogach le Michael O’Leary.

*Chomh luaineach le polaiteoir aimsir thoghcháin.

*Chomh sleamhain le hoifigeach caidreamh poiblí.

*Chomh santach le creach-chiste.

*Chomh cinnte is atá caipín ar Mhaidhcil Healy Rae.

*Chomh claonta le tráchtaire ar Fox News.

*Chomh glórach le tvuít.

*Chomh dearmadach le Garda ag clárú coireanna.

*Ní hiad fir mhóra na hIodáile a itheann an spaigeití ar fad.

*Feicfidh mé aríst thú mar a dúirt Trump leis an Little Rocket Man.

*Mian gach mná gach ní daor i Debenhams agus i mBrown Thomas.

*Margadh maith é margadh Aldi.

*Scéal nach bhfuil i dtéacs ná i ríomhphost.

*Más maith teas na tine leictreach is fearr teas an duvet

*Glór nach binn gogallach cóisir cearc i mBarra an Teampaill.

Fág freagra ar 'Chomh cinnte is atá caipín ar Mhaidhcil Healy Rae, tá gá le leaganacha cainte nua sa Ghaeilge…'

  • Síle Ní Chathasaigh

    Tá síad sin ar fheabhas! Lean ar aghaidh níos mó a chur le chéile!

  • Antain Mac Lochlainn

    Fíormhaith. Ceann a chuala mé le gairid: ‘Chomh gann le huisce coisricthe i Lóiste Oráisteach.’

  • Padraig Ó Gallachoir

    sean -fhocail núa chumtha a rinne mé fhein blianta ó shin :’ Ní lá na gaoithe lá na h-umbrellas’.
    ‘Is fada an bothar nach bhfui ciorcalán ann’. ‘Níl aon olc sa tsaol nach fearr dón Cigire Canach’.
    ‘Bá lé deontais a rinneadh na caisleain’. ‘Is olc an chearc nach bhfaigheann pinsin dithe fhéin’.