Choimeád mistéir ‘Rún na Bóinne’ ar tinneall go dtí ceann scríbe tú

Bhí Séan Mac an tSíthigh sa tóir ar Rúin Shí an Bhrú sa chlár faisnéise agus cé nach bhfuair sé aon fhreagra críochnúil bhí an goile sásaithe

Choimeád mistéir ‘Rún na Bóinne’ ar tinneall go dtí ceann scríbe tú

Tá Sí an Bhrú ar cheann de na séadchomharthaí is ársa ar domhan. Meastar go bhfuil an Láithreán Oidhreachta Domhanda i mBrú na Bóinne tuairim is 5,200 bliain d’aois, rud a fhágann níos sine ná Pirimidí na hÉigipte é. Sa chlár Rún na Bóinne (TG4), a craoladh le linn na Nollag, chuaigh an t-iriseoir Seán Mac an tSíthigh ag fiosrú an bhfuil rúin fós le scaoileadh ag an gcarn ársa cáiliúil seo.

Ba sna seascaidí a thosaigh an láthair ag scaoileadh a chuid rún. Tugadh faoi deara an ealaín a bhí greanta ar na clocha colbha agus an bhreith a tugadh ná gur tuama pasáiste a bhí anseo do thaoisigh Neoiliteacha. De réir a chéile tugadh faoi deara go raibh níos mó ná sin i gceist agus go raibh an réalteolaíocht san áireamh i dtógaint an chairn. Tuigimid anois go bhfuil an carn nasctha le grianstad an gheimhridh agus go gceansaíonn an pasáiste éirí na gréine ar an lá sin.

An cheist a dhein an clár dátheangach seo a chíoradh ná an bhfuil seomraí eile faoi cheilt sa charn. Sa seanchas scríofa agus béil tá tagairtí do sheomraí agus fochaill eile. Luíonn sé le réasún go bhféadfadh an struchtúr grianstad an tsamhraidh a cheansú agus dul faoi na gréine a aimsiú chomh maith le héirí na gréine.

Bhí meitheal eolaithe idirnáisiúnta lena dtrealalmh sofaisticiúil bailithe le chéile sa Bhóinn le dul ag cíoradh. Radar talún agus uirlisí don mhicrea-domhantarraingt ag póirseáil go ciúin agus go dofheicthe sa charn is iad ag iarraidh fochaill a aimsiú.

I rith an ama chuaigh an Sítheach ag tochailt sa seanchas mar aon le cuairt a thabhairt ar láithreacha eile agus caint a chur ar sheandálaithe féachaint an bhféadfaí aon ní a thabhairt chun solais. Chuamar ó Chnóbha go Dubhadh agus Sliabh na Caillí.  As sinn chuamar chuig An Cheathrú Mhór agus An Cheathrú Chaol i gContae Shligigh. Arís is arís eile cuireadh abhaile orainn go bhfuil an-seans go bhfuil rúin fós le sceitheadh ag an gcarn rúndiamhair seo. Cuireadh abhaile orainn chomh maith an dua a caitheadh le tógaint an chairn (clocha ag teacht daichead míle ón láthair) agus go raibh i bhfad níos mó i gceist leis an láthair seo ná ionad adhlactha. Cúrsaí ama, an réalteolaíocht agus nasc na mbeo leis na mairbh fite fuaite ina chéile.

Is é Seán atá deas ar chaint a chur ar rannpháirtithe agus is léir go bhfuil an-suim aige san ábhar. Choimeád an clár ar cipíní sinn go dtí ceann scríbe. Cé nach bhfaighimid an freagra críochnúil bhí an goile sásaithe.

Fág freagra ar 'Choimeád mistéir ‘Rún na Bóinne’ ar tinneall go dtí ceann scríbe tú'