Chaithfeá cuairt a thabhairt ar Theach Solais Fhánada agus Oileáin Árann a deir Lonely Planet

Rinne Lonely Planet liosta de 15 áit in Éirinn a gcaithfear cuairt a thabhairt orthu agus moladh ar leith tugtha do dhá áit sa Ghaeltacht

Chaithfeá cuairt a thabhairt ar Theach Solais Fhánada agus Oileáin Árann a deir Lonely Planet

Tá áiteanna i nGaeltacht Thír Chonaill agus i nGaeltacht na Gaillimhe i measc na n-áiteanna in Éirinn a moltar do dhaoine cuairt a thabhairt orthu i dtreoirleabhar taistil aitheanta.

Rinne Lonely Planet liosta de 15 áit in Éirinn a gcaithfear cuairt a thabhairt orthu agus tugadh moladh ar leith tugtha do dhá áit sa Ghaeltacht.

Deirtear san alt gur cheart d’aon duine a thugann cuairt ar Éirinn Slí an Atlantaigh Fhiáin a thiomáint ach in áit Aillte an Mhothair nó áiteanna eile a mbíonn tarraingt mhór orthu, moltar do dhaoine cuairt a thabhairt ar Theach Solais Fhánada i dtuaisceart Dhún na nGall.

Deir Lonely Planet go bhfuil radharc “dochreidte” ar an Atlantach fhiáin le fáil ar bharr an tí solais.

Moltar freisin san alt cuairt a thabhairt ar cheann d’fhéilte na Gaillimhe – féile rásaíochta, ealaíne nó bia. Tugtar moladh ar leith d’Oileáin Árann freisin.

Deirtear go bhfeileann na hoileáin – Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr – do dhaoine ar thuras lae nó dóibh siúd atá ag iarraidh deireadh seachtaine a chaitheamh ann. Luaitear saibhreas na Gaeilge ar na hoileáin, na fothraigh ársa amhail Dún Aonghasa, teach tábhairne Joe Watty ar Inis Mór agus Siopa Chniotáil Inis Meáin.

Tá baile Chionn tSáile, Cruach Phádraig, teach tábhairne The Gravediggers i mBaile Átha Cliath agus Inis Píc i gCorcaigh i measc na n-áiteanna eile a luaitear san alt.

Fág freagra ar 'Chaithfeá cuairt a thabhairt ar Theach Solais Fhánada agus Oileáin Árann a deir Lonely Planet'

  • John Meehan

    Alt lán d’eolas maith faoi áiteanna suimiúla ba chóir cuairt a thabhairt orthu go háirithe Teach Solais Fhanada nach bhfuil ach tiomáint bheag uaim. Grma