Ceoltóir agus cumadóir óg as Ros an Mhíl ag dul ó neart go neart

Labhair Tuairisc.ie le Róisín Seoighe, ceoltóir óg as Conamara atá ag gnóthú clú di féin, faoina saothar agus faoina turas go dtí Béal Feirste an tseachtain seo do Scoil Samhraidh Mhic Reachtain

Ceoltóir agus cumadóir óg as Ros an Mhíl ag dul ó neart go neart

Agus mé i mbun cainte le Róisín Seoighe, ceoltóir óg cumasach as Ros an Mhíl i gConamara, tá sé deacair a chreidiúint nach bhfuil sí ach naoi mbliana déag d’aois agus a céad bliain ar an gcoláiste díreach críochnaithe aici. Tá tuiscint aici ar an gceol agus uirthi féin nach n-éireoidh le go leor daoine teacht go deo uirthi.

Tá aitheantas bainte amach aici cheana féin mar chumadóir agus mar cheoltóir, le hamhráin ar nós ‘Geasa’, ‘Sín do lámh’ agus ‘Níl mé marbh’ atá ar fáil ar líne. Bhuaigh sí Gradam NÓS don amhrán nuachumtha is fearr in 2018 agus chas sí a hamhrán féin mar chuid de chamchuairt náisiúnta an tseó Aisling anuraidh freisin.

Is léir ón méid a deir sí go raibh grá agus paisean ag Róisín Seoighe don cheol ó bhí sí ina páiste. Thosaigh sí ag canadh ar an sean-nós agus gan í ach sé nó seacht mbliana d’aois agus bhí an ceol ina timpeall agus í ag fás aníos.

“Bhí sé ag m’athair agus mo sheanathair roimhe sin,” a deir sí. “Bhí sé deacair gan dul isteach ann is dócha – bhí sé timpeall orm ar aon nós, agus thaitin sé liom mar rud.”

Thosaigh Róisín ag cumadh a cuid amhrán féin agus í sna luathdhéaga. Ní raibh sí i bhfad ag casadh an ghiotáir ag an am.

“Níl a fhios agam cén chaoi ar thosaigh sé ach oíche amháin thóg mé an giotár agus thosaigh mé ag scríobh. Scríobh mé amhrán amháin – ní cuimhin liom anois céard faoi a bhí sé nó tada mar sin – ach choinnigh mé leis agus ansin bhí mé ag scríobh agus ag scríobh agus ag scríobh.”

Céard faoi a mbíodh sí ag scríobh nuair a thosaigh sí?

 

“Rudaí a bhí ag dul ar aghaidh i mo shaol agus rudaí a bhí ag cur as dom nó rudaí a bhí mé ag iarraidh fáil as m’intinn,” a deir sí. “Ansin thosaigh mé ag breathnú ar rudaí a bhí ag tarlú go domhanda nó rudaí a bhí ag tarlú sa nuacht.”

Is as sin a tháinig an t-amhrán dátheangach ‘Freedom Song’ a bhuaigh comórtas PREDA nuair a bhí sí san idirbhliain i Scoil Chuimsitheach Chiaráin sa Cheathrú Rua. Tharraing amhrán sin Róisín go leor airde agus mhol an ceoltóir mór le rá Damien Dempsey, a d’eagraigh an comórtas, go hard é.

An bhfuil an scríbhneoireacht tábhachtach i gcónaí di chun rudaí a chur di?

“Tá!” a deir sí ar an bpointe. “Tá sí fíorthábhachtach domsa. Sin é an chaoi a bhfuair mise réidh leis an oiread fadhbanna a bhí agam ó thosaigh mé. Sin é a deir daoine – gur teiripe é an ceol ar aon nós, fiú amháin mura bhfuil tú ag scríobh. Má éisteann tú le hamhrán agus má chuireann tú an méid atá ag dul ar aghaidh leatsa i gcomparáid leis an gcineál scéil atá ag duine eile, tá tú in ann ansin a thuiscint gur airigh an duine sin an bealach ar airigh tusa faoi.”

Ní maith leis an Seoigheach a bheith ag rá le daoine go díreach céard faoi a cuid amhrán. B’fhearr léi ligean do dhaoine teacht ar a míniú agus a dtuiscint féin, ag brath ar a scéal féin. Is léir go bhfuil aibíocht ar leith ag an mbean óg seo agus í an-airdeallach ar an gcaoi a dtéann an ceol i bhfeidhm orainn.

Is é ‘Geasa’ an t-amhrán is déanaí léi atá ar fáil ar líne, agus tá sí sásta labhairt faoin scéal taobh thiar de.

“Is faoin indibhidiúlacht atá ‘Geasa’, faoin mbealach gur féidir le duine amháin eile éifeacht a bheith acu ort. Má tá daoine amuigh ansin nach mbeidh ag aontú leat, beidh ar a laghad duine amháin a aontóidh leat agus a chreidfidh ionat. An fhís sin atá i gceist, is dócha.

“Nuair a thosaigh mé ar an gcoláiste bhí daoine a bhí in ann an rud a bhí mise a dhéanamh a thuiscint. Nuair a scríobh mé an t-amhrán sin, sin an chaoi ar airigh mé faoi – go mbeadh na mílte daoine nach n-aontódh leat, ach caithfidh tú cuimhneamh go mbeidh ar a laghad duine amháin a bheidh ar do thaobh.”

“Tá duine mar sin agatsa is dócha?” a fhiafraím di.

“Is dócha!” a deir sí, ag gáire, ach níl a thuilleadh le rá aici faoi sin.

Cuirim suim sa mbealach a mbíonn Róisín ag scríobh a cuid amhrán féin i nGaeilge agus i mBéarla. Míníonn sí dom céard a spreag í tosú ag scríobh i nGaeilge.

“Níor chuimhnigh mé riamh scríobh i nGaeilge mar leis na hamhráin sean-nós, tá bealach ar leith a chonaic mé amhráin scríofa – sean-amhráin a bhí iontu. Ní fhaca mé an fhís sin go raibh áit ann le haghaidh ceol níos nua-aimseartha a chasadh i nGaeilge.”

Ach ansin, chuaigh Róisín ar camchuairt le Aisling? agus chas sí le ceoltóirí óga eile.

“As sin chuimhnigh mé, b’fhéidir gur cheart dom amhráin a scríobh i nGaeilge. D’iarr an léiritheoir Darach Mac Con Iomaire orm, an scríobhfainn amhrán i nGaeilge.”

Ní raibh sí cinnte an mbeadh sí in ann é a dhéanamh. Ach, a deir sí, spreag an chamchuairt sin í an t-amhrán a scríobh.

“Is cuma cén teanga a bhfuil tú ag scríobh inti, má tá inspioráid agat le haghaidh amhrán a scríobh, scríobhfaidh tú é,” a deir sí.

‘Níl mé Marbh’ an t-ainm atá ar an amhrán sin, agus is faoin nGaeilge atá sé – fógra é gur ann di i gcónaí agus gur féidir í a úsáid.

“Tháinig mise ar an tuiscint go raibh mé in ann é sin a dhéanamh, go bhfuil sí beo, gur féidir í a úsáid ar bhealach níos nua-aimseartha,” ar sí.

Tá pobal ceoltóirí cosúil le Róisín Seoighe ann faoi láthair atá ag cumadh agus ag casadh ceol nua-aimseartha i nGaeilge.

“Tugann muid ar fad inspioráid dá chéile,” ar sí.

Beidh  ag taisteal go Béal Feirste Déardaoin beag seo chun ceol a chasadh d’Oíche na mBan, ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain.

“Táim ag súil go mór leis,” a deir sí. “Tá sé go deas mná a cheiliúradh agus aitheantas a fháil mar chailín atá ag casadh amhrán ó bhí sí an-óg sa mbaile. Tá sé an -deas a bheith in ann dul go Béal Feirste agus mo chuid amhrán féin a chasadh agus go n-éisteoidh daoine leo. Táim bródúil go mbeidh mé in ann bheith páirteach san oíche sin.”

Bhí an ceoltóir óg ag obair ar chúpla amhrán nua a thaifeadadh le gairid.

“Is dócha tar éis tamaill go mbeidh albam curtha amach agam, ach faoi láthair táim ag iarraidh dhá nó trí amhrán a dhéanamh. Ansin feicfidh muid ina dhiaidh sin céard a thiocfas as!” ar sí.

Casann sí amhrán nua dá cuid, ‘Láidir’, dom sula bhfágaimid slán ag a chéile. Níl ‘Láidir’ ar fáil ar líne go fóill ach táim lánchinnte go dtiocfaidh athrú air sin go luath. Amhrán é seo a théann i bhfeidhm go mór orm ón dtús, amhrán atá cumhachtach ach séimh ag an am céanna, le rithim agus beocht nach féidir a shéanadh. Cuireann sí a croí isteach san amhrán agus is léir go dtagann an ceol go nádúrtha chuici. Ní fhiafraím di céard faoi an t-amhrán nó cad as ar tháinig na liricí. Níl aon ghá. Ag éisteacht léi ag canadh, tá mo thuiscint féin agam ar an amhrán, agus is féidir liom, mar a dúirt sí níos luaithe, teacht ar mo mhíniú féin air más mian liom. Rud amháin atá soiléir ná go bhfuil bealaí difriúla ann le bheith láidir, agus is léir go bhfuil a bealach sainiúil féin aimsithe ag Róisín Seoighe.

 

Fág freagra ar 'Ceoltóir agus cumadóir óg as Ros an Mhíl ag dul ó neart go neart'

  • Ruairí

    Sár amhráin! Sár chantaireacht!

  • Pól Ó Braoin

    Chuaigh sin go croí ionam. Ar fheabhas ar fad, bail ó Dhia ort. Go raibh maith agat, a Róisín.