Cén uair? B’fhearr dúinn dearmad a dhéanamh ar cheisteanna mar sin ar feadh tamaill eile…

Ba bhreá linn eolas soiléir a fháil ón Rialtas faoi go leor rudaí ach ní bhrostaíonn gá seift, go háirithe le linn paindéime

Cén uair? B’fhearr dúinn dearmad a dhéanamh ar cheisteanna mar sin ar feadh tamaill eile…

Tá cinnteacht nach bhfuil ar fáil de dhíth orainn. Mar shampla, ba mhaith linn go léir, chomh luath agus is féidir, go dtabharfadh an rialtas freagraí díreacha simplí ar cheisteanna mar seo:

Cén uair a athosclófar na scoileanna?

Cén uair a cheadófar cluichí a imirt arís?

Cén uair a chuirfear deireadh le srianta Leibhéal a Cúig?

Cén uair a cheadófar bainis nó sochraid mar is gnáth arís?

Cén t-achar a thógfaidh sé sula mbeidh cuairt ar sheanduine sábháilte?

Cén t-achar a thógfaidh sé go mbeidh vacsaín curtha ar fáil do chách?

Tá ceisteanna mar atá thuas, agus go leor eile, ag cur imní ar dhaoine le breis agus deich mí faoin am seo. Ba bhreá lenár bhformhór freagra soiléir a chloisteáil ó Rialtas gan mhoill ar cheisteanna dá leithéid. 

Bheadh áthas, mar shampla, ar thuismitheoirí agus ar ghasúir dea-scéal cinnte a fháil faoi athoscailt na scoileanna. Faraor, ní bhrostaíonn gá seift, go háirithe le linn paindéime.

Ní fógairt shoiléir ach cur chuige soiléir a theastaíonn le ceisteanna mar atá thuas a réiteach dáiríre. Mar a léirigh gach geallúint, gach cinneadh agus gach leid a thug airí agus foinsí rialtais ó thús na bliana faoi scrúduithe na hArdteistiméireachta.

 Fógraíodh faoi dheireadh Dé Céadaoin go rachfaí chun cinn le gnáthscrúduithe i mí an Mheithimh ach go gcuirfear gráid ríofa ar fáil do mhic léinn chomh maith agus go mbeadh deis acu a rogha a dhéanamh eatarthu.

 Ní gá a rá go raibh sé soiléir ar an toirt beagnach nár réitigh an cinneadh a d’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley gach fadhb ná gach cúis amhrais.

 Is é bun agus barr scéal na scrúduithe gur ar an gcoinníoll céanna le gach cinneadh rialtais eile a dhéantar faoi láthair a rachfar chun cinn leo: is a fhorleithne is atá an Covid-19 ag scaipeadh a bheidh cur i bhfeidhm gach cinneadh ag brath. Dáiríre d’fhéadfaí ‘Is le caoinchead an víris atá an scrúdú seo á reáchtáil’ a chur i gcló ar pháipéir scrúduithe na bliana seo. Is é sin, mura gcuireann an víreas bac orthu.

 Ní ar airí rialtais amháin atá an milleán go bhfuil víreas ró-chinnteachta – cinnteacht nach féidir a chomhlíonadh – ag dul i bhfeidhm orthu. Tá leagan gaolmhar den víreas céanna á scaipeadh i measc Theachtaí Dála an fhreasúra agus sna meáin.

 Cúpla uair an chloig sular fógraíodh cinneadh an rialtais Dé Céadaoin, dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald sa Dáil go raibh mic léinn agus tuismitheoirí cráite mar gheall ar mhoilleadóireacht agus éidreoir an rialtais. D’fhiafraigh sí den Taoiseach an mbeadh ráiteas á eisiúint a chuirfeadh cinnteacht ar fáil.

 Níl ach locht amháin ar shíorcheistiú den sórt sin sa Dáil nó ar chláir raidió agus teilifíse. Teastaíonn cinnteacht uainn go léir chomh luath agus is féidir í (gabhaim mo leithscéal) a chinntiú. Rud nach féidir a dhéanamh go minic.

 Ní féidir an fhírinne lom a sheachaint. Tá saol na tíre faoi sháil an víris, agus beidh ar feadh trí mhí eile ar a laghad – mar a d’admhaigh an Taoiseach in agallamh leis an Daily Mirror Dé hAoine. 

Tá gach seift a mholtar maidir le saol na tíre a fheabhsú ag brath go hiomlán ar an víreas agus ar na figiúirí a léiríonn a fhorleithne is atá sé sa tír.

 Is léir mar sin na ceisteanna nach fiú a chur sa Dáil nó ar chláir teilifíse agus raidió. Is léir an chinnteacht nach fiú a lorg. Agus is ríléir na ceisteanna ba chóir don fhreasúra agus d’iriseoirí (craoltóirí go háirithe) a chur maidir le beartais agus ullmhúcháin nach féidir na srianta sláinte ar shaol na tíre a mhaolú dá n-uireasa.

Ní cinnteacht go cur chuige.

Fág freagra ar 'Cén uair? B’fhearr dúinn dearmad a dhéanamh ar cheisteanna mar sin ar feadh tamaill eile…'