Cén sórt réamh-úrscéal a scríobhfaí inár dteanga féin sa 15ú haois?

Sa cholún seo moltar leabhair Ghaeilge ar son do leasa is d’aimhleasa. An babhta seo, saothar diamhair neamhchoitianta ó Liam Mac Cóil

Cén sórt réamh-úrscéal a scríobhfaí inár dteanga féin sa 15ú haois?

Conas mar a bheadh an t-úrscéal Gaeilge dá mb’amhlaidh gur tosnaíodh ar é a shaothrú i gceart san 19ú haois? Rud éigin ar nós na nithe a scríobh William Carleton is dócha, agus tugann na haistriúcháin a déanadh orthu siúd le Seán Mac Maoláin agus daoine eile léargas maith dúinn ar a gcineál.

Ceist níos diamhaire fós is ea, cén sórt a bheadh againn dá mb’amhlaidh gur saothraíodh an réamh-úrscéal inár dteanga féin sa 15ú haois? Ar aon leibhéal amháin sin é is ciall le An Choill le Liam Mac Cóil (Leabhar Breac €18). Údar is ea Liam nach mbeifí ag coinne leis an rud céanna uaidh faoi dhó (seachas an tríológ iontach An Litir, Bealach na Spáinneach, I dTír Strainséartha) agus ní taise don saothar diamhair neamhchoitianta friotalálainn seo uaidh.

 Fainic agus rabhadh! Ní móide gur leabhar é seo don ainmhí coitianta sin nach bhfeictear ach go hannamh, ‘an gnáthléitheoir’. Leabhar é don té ar mian leis a chuid ficsin a bheith dúshlánach, éagsúil, stíl-lárnach, an té ar maith leis léamh go mall is blas a bhaint as gach abairt ar a crot is ar a déanamh is ar a craiceann.

 Ní fhágann sin nach scéal den scoth é mar scéal nuair a chuireann tú eolas ar na ciútaí stíle agus ar an gcóiriú teanga atá ann. Ar bhlurba cúil an leabhair fiafraítear dínn: ‘Dá mbeadh clóphreas ag na Gaeil sa chúigiú haois déag, i dtús na gluaiseachta Eorpaí sin a dtugtar an Renaissance air, cén sórt leabhar a chuirfidís i gcló?’ Tá le tuiscint as gur leabhar den chineál seo a bheadh ann.

 De ghnáth tugtar scéalta rómánsaíochta ar an gcineál scéalaíochta sin a raibh éileamh air i measc na n-uasal ina gcaisleáin agus ina ndúnta sna meánaoiseacha déanacha, scéalta a bhain le ridirí agus le gaiscígh agus le heachtraí laochrúla a mbíodh teidil a raibh ‘lorgaireacht’ nó ‘tóraíocht’ nó ‘eachtra’ go minic orthu. Leithéid ‘Lorgaireacht an tSoithigh Naofa’ ar déanadh leagan Gaeilge de in Uíbh Fhailí i lár an 15ú haois, nó ‘Tóraíocht an Ghiolla Dheacair’ agus tóraíochtaí eile ina gcultacha dúchais. 

 Is ag tarraingt astu seo atá an t-údar, agus d’fhéadfadh an dá bhrí a bheith ag ‘tarraingt astu’, cé gur dóigh liom gur le hómós agus le humhlaíocht a scríobhadh An Choill. Dúisíonn fear sa choill, ‘ridire aineoil’ nach bhfuil a fhios aige cé hé féin nó cá bhfuil sé. Déanann iontas de gach a bhfuil ina thimpeall, agus go háirithe de féin. Gabhann ag gearradh is ag bascadh na luifearnaí d’fhonn a shlí a dhéanamh tríd an gcaschoill agus é ag iarraidh dul amach ar ‘bhá mhór na beatha’.

 Is gairid go dtuigtear duit nach scéal mar a thuairisc é seo. Is ea, tá eachtra ann, ach ar nós go leor de litríocht na meánaoise déanaí ní féidir nach dtaibhseofaí duit nach foláir nó gur fáthscéal nó fabhalscéal nó scéal siombalach de shaghas éigin atá á nochtadh dúinn. 

 Is é is fearr faoin bhfiafraí seo a chuireann tú ort féin nach bhfuil aon fhreagra soiléir air. Léigh an eachtra mar eachtra, tá go maith agus níl go holc, ach beidh na ceisteanna eile ag boilgearnach aníos an t-am ar fad.

 Nuair atá sé i mbun lusra a theascadh an ag díbirt an aineolais atá sé? Cad dó a sheasann an féileacán a thuirlingíonn chuige, nó duilleoga uile an tsamhraidh a dtugann sé gean dóibh? Cad a chomharthaíonn na hainmhithe go léir a chasann uime ar a shiúlta dó, an cairrfhia, an mac tíre, an nathair nimhe, an fiachat, an fiach dubh, ‘an leon fíochmhar deargrua’, óir níorbh ainmhí an t-ainmhí sna heachtraí seo riamh ach siombail de ghnáth.

 Agus cé hé an ridire fáin, an gaiscíoch aineoil? Cuireann sé uime ainmneacha éagsúla – Sir Meliant, Sir Bhile, Sir Mise, an ridire fáin, an fear aineoil, an ridire ar mearú – agus b’fhéidir gur tusa tú féin é chomh maith céanna, mar is féidir seo a léamh mar thuras Everyman, mar Pilgrim’s Progress, mar eachtra an duine atá ag iarraidh teacht ar a Chlaíomh Solais, ar a Chlaíomh Eolais féin.

 Is í an cheist mhór aige ná conas a ráinig sé sa choill i dtosach agus ‘céard í an chonair chuí’ le dul amach as, nó le teacht slán. Tá ‘gairdín aoibhnis’ amuigh ansin áit éigin, agus b’fhéidir nárbh fholáir dul faoi dhéin ‘cnocán an léargais’ má tá a leithéid ann. Formhór an ama is ar seachrán agus ar seachmall atá sé agus dá mhéad a smaoiníonn sé ar an staid ina bhfuil sé agus ar mhórcheisteanna na beatha is ea is mó a ghabhann a aigne ‘i gcastacht agus in aimhréidh’ air. 

 Is é sin, ar shlí eile ar fad, is úrscéal sár-nua-aimseartha é seo ina bhfuil an duine ag iarraidh ‘teacht ar a mhise féin’ ar bhóthar an tsaoil ar nós oiread sin laochra le cúpla céad bliain anuas. Ach an oiread leis an ridire, ní foláir duit do léamh féin a dhéanamh air.

 Agus déanfaidh mar tá go leor den litríocht i bhfolach ina lúba: an Bíobla gan amhras, an Fhiannaíocht, an diagacht theagascach, ridirí an Bhoird Chruinn, Dante, agus mura bhfuil breall orm léim Wittgenstein amach – ‘an rud nach féidir labhairt faoi is éigean tost mar gheall air.’

Is í an stíl féin, áfach, laoch an leabhair, stíl Nua-Ghaeilge atá gearrtha as agus múnlaithe ar fhriotal an 15ú haois. Gaisce an méid sin. Más dóigh leat go bhfuil tú féin sa choill stíle seo i dtosach, rachaidh tú i dtaithí air go mear.

 Bua eile de bhuanna an leabhair ná go gcuirtear d’fhiacha ort tumadh siar isteach san aois ina bhfuil sé suite, ní hamháin ó thaobh na teanga de, ach ó thaobh meoin de chomh maith. Glacann sin léim samhlaíochta a thabharfaidh do dhúshlán, ach is leathnú aigne agus doimhniú tuisceana a thoradh. 

Le fírinne, dá mbeadh seo scríofa lándáiríre sa 15ú haois agus curtha amach sa chlóphreas úd, d’áireofaí é mar shaothar sárchaighdeáin i bhfad níos airde ná go leor a breacadh san am.

Fág freagra ar 'Cén sórt réamh-úrscéal a scríobhfaí inár dteanga féin sa 15ú haois?'