Cén galar is measa, an víreas bolgaí moncaí nó galar an chiníochais agus na homafóibe?

Ní túisce víreas ‘nua’ aimsithe nó tá sé á shamhlú, sna meáin, le daoine dubha agus le fir aeracha – d’ainneoin go bhfuil an víreas bolgaí moncaí chomh tógálach céanna do chách

Cén galar is measa, an víreas bolgaí moncaí nó galar an chiníochais agus na homafóibe?

Níl slán fágtha againn fós leis an gcoróinvíreas agus tá víreas ‘nua’ ag cnagadh ar an doras: an víreas bolgaí moncaí.

Tá uaschamóga ar an bhfocal sin ‘nua’ agam toisc nach bhfuil an víreas bolgaí moncaí (atá contúirteach agus míthaitneamhach ach nach mbíonn marfach de ghnáth) chomh nua sin. Tá sé linn le fada an lá – ach bhí sé teoranta d’iarthar agus lár na hAfraice.

Tá an víreas bolgaí moncaí sa nuacht faoi láthair toisc go bhfuil sé ag scaipeadh ó dhuine go duine anois – seachas ó ainmhithe go daoine amháin – agus toisc go bhfuil cásanna á dtuairisciú i dtíortha Eorpacha, i Meiriceá Thuaidh agus san Astráil, seachas san Afraic amháin.

Agus leis sin táimid tagtha chomh fada le croílár na ceiste.

Níl scéal seo an víreas bolgaí moncaí ach ina thús nó tá ciníochas agus homafóibe le brath ar an tuairisceoireacht.

An ciníochas ar dtús.

Níor chuala muid faic riamh faoin víreas bolgaí moncaí nuair a bhí sé teoranta d’iarthar agus lár na hAfraice; daoine i bhfad i gcéin a bhí ag fulaingt leis tar éis an tsaoil. Ceart go leor, tá dhá chasadh suntasach sa scéal anois: tá an galar ag scaipeadh idir daoine seachas idir ainmhithe agus daoine amháin, agus tá sé ag scaipeadh lasmuigh dá ghnáthóg nádúrtha.

Ach má tá an víreas bolgaí moncaí ag scaipeadh san Eoraip, i Meiriceá Thuaidh agus san Astráil – idir daoine de chuile imir, glacaim leis – cén fáth nach bhfeicim ach pictiúir de dhaoine a bhfuil craiceann dubh orthu, agus atá buailte ag an ngalar, sna híomhánna in aice leis na tuairiscí faoin scéal?

Tuigim go bhfuil sé deacair éalú ó ghné na hAfraice den scéal; tar éis an tsaoil, is sa mhór-roinn sin a tháinig an víreas chun cinn. Ach tá steiréitíopa diúltach á neartú ag rogha íomhánna na meán, go fochomhfhiosach pé scéal é: gur ‘le daoine dubha’ a bhaineann galair den chineál seo. Rud atá fíoraisteach, má chuimhníonn tú gurb é an nuacht a bhaineann leis an víreas bolgaí moncaí faoi láthair ná go bhfuil sé ag scaipeadh idir daoine nach bhfuil cónaí orthu san Afraic agus nach mbeadh craiceann dubh, shílfeá, ar chuid mhaith acu.

Tá sé deacair éalú, leis, ó ghné eile den scéal: gur fir a mbíonn gnéas acu le fir eile cuid shuntasach de na daoine san Eoraip, i Meiriceá Thuaidh agus san Astráil ar tuairiscíodh an galar a bheith orthu.

Ní hé sin le rá, áfach, gur galar a bhaineann le fir aeracha amháin atá sa víreas bolgaí moncaí. Ach ar an drochuair is é sin a shílfeá ón mbéim atá á leagan ar an ngné sin den scéal sna meáin.

Ní galar gnéis atá sa víreas bolgaí moncaí i mbrí bheacht an fhocail; is féidir an galar a tholgadh ach dóthain ama a chaitheamh gar do dhuine a mbeadh sé air. Ach dealraíonn sé gur trí mheán an ghnéis a scaipeann sé cuid mhór den am, ach oiread le SEIF – galar eile a samhlaíodh le fir aeracha sna laethanta tosaigh, sna 1980idí, ach nach ndéanann aon idirdhealú idir daoine LADT+ agus daoine díreacha. Mar a thuigimid le fada an lá.

Is fíor go mbíonn níos mó páirtnéirí gnéis éagsúla ag fir a luíonn le fir, ar an meán, ná mar a bhíonn ag fir a luíonn le mná nó ag mná a luíonn le mná. D’fhéadfadh sé, ar an gcúis sin, go bhfuil an víreas bolgaí moncaí ag scaipeadh níos tréine idir fir a luíonn le fir – ach ní hé sin le rá, ná baol air, nach bhféadfaidh daoine nach fir aeracha iad an galar a tholgadh.

Tá sé le tuiscint, tar éis paindéim a chuir ár saol as a riocht ar feadh dhá bhliain, go mbeadh scéal faoi víreas ‘nua’ go mór i mbéal an phobail. Ach ná déanaimis na seanbhotúin chéanna: ná déanaimis scéal chailleach an uafáis agus ná ceanglaímis galar le grúpaí áirithe nuair atá an galar sin chomh tógálach céanna do chách.

Fág freagra ar 'Cén galar is measa, an víreas bolgaí moncaí nó galar an chiníochais agus na homafóibe?'

  • Antóin

    Má bhí agus má tá an galar sin leitheadach san Afraic agus má thuairiscítear an méid sin ní thuigim conas is féidir a rá go bhfuil baint ag an scéal le ciníochas. Más fíor go bhfuil an galar leitheadach i measc fir a luíonn le fir eile agus má thuairiscítear an méid sin ní thuigim conas is féidir a rá go bhfuil baint ag an scéal le homafóibe. Má fhéachann tú ar an saol trí shúile an chiníochais agus na homafóibe áfach feicfidh tú ciníochas agus homafóibe i do thimpeall i gcónaí.

    Ach é sin ráite, iarracht eile atá sna scéalta seo eagla a scaipeadh sa phobal díreach mar a rinneadh in aimsir Covid. An fáth b’fhéidir nach bhfeiceann tú ach pictiúir de dhaoine a bhfuil craiceann dubh orthu, agus atá buailte ag an ngalar, sna híomhánna in aice leis na tuairiscí faoin scéal ná go bhfuil sé ag dul deacair orthu pictiúir a aimsiú de dhaoine a bhfuil craiceann geal orthu agus atá buailte ag an ngalar.

    Agus Hans Kluge, Stiúrthóir Réigiúnda na hEagraíochta Domhanda Sláinte san Eoraip imníoch go scaipfí an galar dá mbeadh daoine cruinn le cheile ag ollslógaí amhail féilte ceoil i lár an tsamhraidh. Daoine óga ag dul ar aghaidh lena saol! Go bhfóire Dia orainn!

    Agus RTÉ ag tuairisciú maidin inniu gur aimsíodh an chéad chás san oileán seo, i dTuaisceart Éireann. Ní fada anois go mbeidh a gcuid tuairisceoirí amuigh lena leabhair nótaí ag fógairt duaircís is díomá, mascanna agus dianghlasála agus vacsaíní eile. An bhfaighidh siad muid a dhalladh arís? Súil le Dia agam go mbeidh daoine amuigh ag baint sult as na laethanta fada nuair atá tuairisceoirí RTÉ ag iompú na leathanach.

    Ach gan aon trácht acu ar na daoine atá ag fulaingt ó tugadh ‘vacsaín’ Covid dóibh ná ar an 20,182 fho-iarmhairt amhrasta a cuireadh in iúl don Údarás Rialála Táirgí Sláinte in Éirinn ná aon trácht ar an ráta méadaithe báis ó tugadh “vacsaíní” Covid do dhaoine.

    Cé a bheidh thíos leis seo ar fad ? Iad siúd a thugann cluas don tseafóid ar na meáin. Cé a bheidh thuas? Duine ar bith a bhfuil scaireanna aige i gcomhlachtaí cógaisíochta.