Cén fáth ar chóir don Stát ioncam a sholáthar d’ealaíontóirí?

Tá ár meas tuillte ag na healaíona agus an dream a thugann aire dóibh

Cén fáth ar chóir don Stát ioncam a sholáthar d’ealaíontóirí?

Cén fáth ar chóir íoc as na healaíona?

Cén fáth ar chóir don Stát ioncam a sholáthar d’ealaíontóirí?

Sin ceisteanna a chuirtear, nó a cuireadh go minic sna meáin nuair a bhíothas ag plé ceist ioncam bunúsach a thabhairt do lucht na n-ealaíon in Éirinn.

‘Má chaitheann tú an cheist a chur – bain triail as maireachtáil i dtír nach bhfuil na healaíona ar fáil inti,’ a deir Angela Dorgan, bean atá sáite i gcúrsaí ealaíne le os cionn 25 bliain.

Agus aisteach go leor, deir sí gur thuig na daoine an cheist sin i bhfad níb fhearr tar éis na paindéime. Nuair nach raibh amharclann, pictiúrlann, ceolchoirm, dánlann, ná fiú an seisiún sa bpub ar fáil ag daoine, thuigeadar ansin an folús a bhí fágtha ina saol gan na healaíona.

Tá cuid mhaith dá saol caite ag Angela, arb as Corcaigh ó dhúchas di, ag cur na n-ealaíon chun cinn. Agus is cúis mhór sásaimh di anois, go bhfuil scéim tosaithe le bun-ioncam a sholáthar do lucht na n-ealaíon anseo.

Is í Angela Dorgan an cathaoirleach ar an bhFeachtas Náisiúnta ar son na nEalaíon – an NCFA in Éirinn. Le cúig bliana anuas, bhíodar i mbun feachtais chun ioncam bunúsach a fháil mar cheart do lucht na n-ealaíon.

Bhí ceoltóirí, amhránaithe, cumadóirí, péintéirí, dealbhóirí – chuile chineál ealaíontóir, clúdaithe acu sa bhfeachtas.

D’fhógair an tAire Catherine Martin le gairid go raibh scéim le tosú agus roghnaíodh líon teoranta daoine le buntáiste a bhaint as an scéim.

‘Tá rian mo láimhe le feiceáil ar an bplean a fógraíodh an lá sin,’ a dúirt Angela liom. Ach tugann sí an-chreidiúint do bheirt bhan eile san obair sin. Bhí an Cathaoirleach a ceapadh chun an cheist a chíoradh – Clare Duignan, an-chumasach, a deir sí. Iarchomhghleacaí liom féin í Clare a bhí tráth ina Ceannaire ar Raidió in RTÉ tar éis na mblianta a chaitheamh in ardbhainistíocht na teilifíse.

Ach níl drogall ar bith ar Angela creidiúint a thabhairt don pholaiteoir freisin – ‘Is í Catherine Martin an Carlsberg i measc Airí na nEalaíon,’ a mhaígh sí. ‘Is dócha gur thuig sí an scéal toisc gur ealaíontóir í féin.’

Ag obair go deonach mar Chathaoirleach ar an NCFA a bhí Angela i rith an ama seo. Ba é an post lánaimseartha a bhí aici ná ina Príomhfheidhmeannach ar chomhlacht a bhunaigh sí féin i 1996.

Leis an bhfírinne a dhéanamh ba faoina comhlacht féin a bhí mé ag iarraidh labhairt léi nuair a thosaigh sí ag inseacht dom faoin gcaoi ar éirigh leo sa bhfeachtas thuas. Ach tá an comhlacht a bhunaigh sí bainteach leis an saol céanna.

An tseachtain seo caite bhí sí ag tarraingt a hanála tar éis cúpla lá bríomhar ceoil i mBaile Átha Cliath – ‘Ireland Music Week.’ Le linn na féile sin, cuireadh leathchéad ceoltóir/amhránaí/cumadóir ar stáitsí éagsúla thart ar Bhaile Átha Cliath agus tugadh 90 ceannaitheoirí isteach ó thíortha thar lear chun éisteacht leo. Cuidíonn an eagraíocht stáit Culture Ireland leo san obair seo ar fad.

Sin an obair a dhéanann Angela lena comhlacht ‘First Music Contact’. Cuireann na céadta ceoltóir iarratas chucu ag iarraidh páirt a ghlacadh ann agus roghnaíonn painéal moltóirí an 50 is fearr chun dul ar stáitse le linn sheachtain an cheoil.

‘Bhunaigh mé an comhlacht i 1996,’ a deir sí, ‘agus ‘séard a dhéanann muid ná ‘píopa líne’ a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil tallann acu i réimse an hip-hop agus an phopcheoil – amhránaithe agus cumadóirí ina measc. Cuidíonn muid leo bunús láidir tráchtála a chur fúthu féin.’

Ach cé as a dtáinig an smaoineamh? Cé a bhunódh comhlacht chun cuidiú le ceoltóirí?

Mar a tharla sé, bhí Angela sáite i saol an cheoil i gCorcaigh agus í timpeallaithe ag dreamanna a raibh ceol sa bhfuil acu – leithéidí Sultans of Ping agus Frank and Walters.

Bhí aithne mhaith aici ar chomhghleacaí eile liom as Corcaigh, Colm O’Callaghan, fear a scríobhann go minic faoin gceol ina cholún sa Blackpool Sentinel. Is cuimhin liom nuair a chuir Colm tús lena chlár No Disco agus é an-óg, sular ndeachaigh sé ina léiritheoir lánaimseartha le RTÉ.

Sular thug Angela faoin obair rinne sí féin agus cairde léi suirbhé ar lucht an cheoil i gCorcaigh go bhfaighidís amach céard a bhí ag teastáil uathu. Agus ba iad na freagraí a fuaireadar bunús an ghnó atá aici anois. Thug FÁS agus an Chomhairle Ealaíon cabhair dóibh chun an eagraíocht náisiúnta a bhunú.

Ach nach bhfuil neart eagraíochtaí náisiúnta ann don cheol, a deir tú? Tá cinnte. Tá eagraíochtaí ann don cheol traidisiúnta, don cheoldrámaíocht, don snagcheol, don cheol comhaimseartha. Ach ní raibh aon cheann ann don cheol nua-aimseartha – an ceol a n-éisteann an dream óg leis, dar léi.

An lá tar éis dom labhairt le Angela, bhí sí ar eitleán go Páras, áit a raibh sí ag cur ceol na hÉireann chun cinn. Bhí sí ann freisin le páirt a ghlacadh sa bhfeachtas don cheol Francach. Is ball í de EMEE- an eagraíocht ar son easpórtáil an cheoil Eorpaigh.

Níl ann ach coicís ó bhí sí in Hamburg i mbun na hoibre céanna. Bhí beirt cheannaitheoirí ón nGearmáin ag an bhféile agus an chomhdháil a reáchtáil sí i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.

Is breá léi an obair. ‘Dá mhéid oibre a dhéanann muide ar son na gceoltóirí, is ea is fearr a éireoidh leo.’

Leagann sí béim ar thábhacht an ghnó agus tuiscint a bheith ag daoine ar chúrsaí gnó.

‘Tógann muide an strus ón obair sin uilig. Briseann muid síos gach rud a bhaineas le cúrsaí gnó ina bpíosaí beaga – plaiceanna beaga mar a déarfá.’

Tá a fhios aici go bhfuil contúirtí ann do na daoine nach bhfuil fios a ngnó acu. ‘Breathnaíonn muide faoin gcloch go mbéarfaidh muid ar an damhán alla atá i bhfolach ansin,’ a deir sí.

‘Agus táimid ag iarraidh go mbeadh an luach is fearr gur féidir leo á fháil acu ar a gcuid ceoil.’

Agus an scéim bunioncaim bainte amach anois do lucht na n-ealaíon, beidh sí ag glacadh scíthe ón taobh sin den obair. Ach nuair a fhillfidh sí ó Pháras is cinnte go mbeidh na céadta iarratas tosaithe ag teacht isteach don chéad ócáid bhliantúil eile – coinnígí súil amach dó – ‘Ireland Music Week’. Tá na suíomh atá ag Angela agus a comhlacht anseo.

Fág freagra ar 'Cén fáth ar chóir don Stát ioncam a sholáthar d’ealaíontóirí?'