Mála taistil – deich nóiméad á phacáil agus sé seachtaine á fholmhú

Caithfidh mé a rá go bhfuil ag éirí go breá liom gan aon cheann de na rudaí a chuir mé sa mála is mé ag imeacht oíche ó mo theachín beag féin 

Mála taistil – deich nóiméad á phacáil agus sé seachtaine á fholmhú

An bhfuil a fhios ag aon duine cén dlí de chuid na fisice a rialaíonn  málaí taistil? Is cuma cén fhad a chaithim i mo shuí faoi chrann úll ag machnamh ar an gceist sin, ní thuigim fós cén fáth go dtógann sé deich nóiméad orm an mála a phacáil ach go dtógann sé suas le sé seachtaine é a fholmhú, nó a ‘dhíphacáil’, (chun an téarma teicniúil a úsáid) nuair a thagaim abhaile.

Glacaim leis gurb é an mála céanna é a tháinig abhaile liom is a bhí agam ag imeacht. Is ní fhéadfadh go bhfuil aon rud thíos ann nár chuir mé féin isteach ann. Shílfeá go gcaithfeadh go mbeadh corr-rud istigh ann a theastódh uaim sna seachtainí ó tháinig mé ar ais.

Caithfidh mé a rá go bhfuil ag éirí go breá liom gan aon cheann de na rudaí a chuir mé sa mála is mé ag imeacht ar feadh oíche amháin ó mo theachín beag féin. Murach go bhfuil an spás gann is go bhfuil an mála ag imeacht ón leaba go dtí an t-urlár go dtí an tseilf agus ar ais ar an leaba le sé seachtaine, ní bhacfainn é a fholmhú ar chor ar bith.

An píosa is aistí den scéal, fiú is dá mbeinn faoi mhionn os comhair cúirte, ní fhéadfainn a insint duit céard a phacáil mé.

Tá a fhios agam nach bhfuil mo scuab fiacla istigh ann mar gur thóg mé amach í an oíche ar tháinig mé abhaile is zipeáil mé suas an mála arís le faitíos go mbeadh deis ag tada eile léim amach as.

Céard a theastódh uait d’oíche amháin as baile ar aon chaoi? Tá siad ann a deir nach bhfuil uait ach airgead i do phóca is tú ag imeacht is go mbeidh tú in ann chuile shórt eile a bheadh uait a aimsiú in áit eicínt. Fanaimse amach ó na daoine sin, is má tá aon chiall agat fanfaidh tú féin amach uathu freisin. Níl a mbreithiúnas le trust.

Ar a laghad ar bith agus tú ag imeacht bíodh an scuab fiacla pacáilte agat, is bhí sé chomh maith agat an taos a chaitheamh síos sa mála freisin. Is má tá fút sásamh a bhaint as an saol, cuimhnigh nach n-imeodh ach brúid gan athrú stocaí i dtaisce aige. Is ná dearmad athrú ar na héadaí beaga eile a thabhairt leat freisin.

Is dóigh go mbeifeá ceart leis an méid sin, dá mba duine le ciall thú.

Ní hé go bhfuil galar na ró-imní ormsa, ach má tá athrú éadaigh amháin á phacáil agat cén dochar duit trí nó ceithre cinn eile a shá síos sa mála? Nárbh fhearr i bhfad a bheith réitithe do pé ar bith rud a bheadh romhat ar an mbóthar?

Ar chuimhnigh tú céard a dhéanfá dá dtarlódh gníomh Dé (mar a thugann lucht an árachais air) is tú ag sclamhadh sceallóga i bPlaza Chionn Átha Gad? Cá bhfios nach mbeifeá trí lá agus trí oíche ag fánaíocht thart go rámhailleach ag iarraidh do bhealach a dhéanamh abhaile. Dá dhonacht é, ar a laghad bheadh éadaí glana agat.

Pacáil an chait mhara a thugaim uirthi. Fealsúnacht phacála í atá bunaithe ar theoiric na catastróife. Níl mé cinnte an molfainn í.

Fág freagra ar 'Mála taistil – deich nóiméad á phacáil agus sé seachtaine á fholmhú'

  • Seanán Ó Coistín

    In ainm Chroim. Níl sé deacair mála a fholmhú. Bheadh sé déanta san am céanna is a thógfadh sé ar dhuine an t-alt sin a léamh.