Cén chuma a bheadh ar Stormont dá mbeadh córas vótála eile i bhfeidhm?

Cé go bhfuil an Ionadaíocht Chionmhar níos casta agus níos moille, tugann sé seans níos fearr do pháirtithe beaga

Cén chuma a bheadh ar Stormont dá mbeadh córas vótála eile i bhfeidhm?

Pictiúr: Jim Summers/Twitter

San olltoghchán i 1918, sé córas na Breataine a bhí á úsáid: an t-iarrthóir leis an líon ab airde vótaí a thóg an suíochán. Bhí an córas ceaptha páirtithe beaga a choinneáil amach as an bpróiseas polaitíochta. Ach níor oibrigh sé i 1918 le Sinn Féin a choinneáil siar mar gur thréig daoine an Páirtí Náisiúnach, seachas sna contaetha ó thuaidh. In áit Sinn Féin a choinneáil amach, sé an chaoi gur oibrigh an córas le níos mó suíochán a thabhairt do Shinn Féin ná mar a bheadh ag dul dóibh faoi aon chóras eile toghchánaíochta. Fuair Sinn Féin 70% de na suíocháin le 47% den vóta. D’athraigh Rialtas na Breataine an córas vótála in Éirinn agus tugadh isteach Ionadaíocht Chionmhar nó PR-STV, mar a thugtar air i mBéarla, le haghaidh toghcháin áitiúla in Éirinn amháin, leis an Local Government (Ireland) Act 1919 i dtoghchán i mbaile Shligigh. Cuireadh an modh nua vótála ag obair ar fud na tíre sna toghcháin áitiúla i 1920.

Nuair a cuireadh an chríochdheighilt i bhfeidhm, úsáideadh Ionadaíocht Chionmhar i dTuaisceart Éireann i dtosach báire ach chuir parlaimint Stormont deireadh leis sa bhliain 1929, rud a d’fheil don UUP. In olltoghchán fuair Aontachtóirí 71% de na suíocháin le 51% den vóta.

Ardaíonn sin an cheist cé mar a bheadh an toradh dá mbeadh an córas sin i bhfeidhm sa toghchán don Chomhthionól ó thuaidh an tseachtain seo caite?

Tábla I: Dáileadh na vótaí agus na suíochán i dToghchán an Chomhthionóil 2022

SF DUP UUP SDLP All TUV Aon Nspl Comh. Glas PBPA Aontú Iomlán
Suíocháin ’22 27 25 9 8 17 1 2 0 1 0 90
% Suíocháin ’22 30% 27.8% 10% 8.9% 18.9% 1.1% 2.2% 0% 1.1% 0% 100%
% Vótaí ’22 29% 21.3% 11.2% 9.0% 13.5% 7.6% 1.9% 1.9% 1.1% 1.6% 100%

 

Mar is léir ón dtábla thuas, rinne trí pháirtí céatadán níos mó suíochán a fháil ná mar a bhí céatadán vótaí acu: an DUP a fuair 27.8% de na suíocháin le 21.3% den vóta agus Páirtí Alliance a fuair 18.9% de na suíocháin le 13.5% de na vótaí agus Sinn Féin a fuair 30% de na suíocháin le 29% de na vótaí. Siad na páirtithe beaga a chaill amach, go speisialta an TUV, nár éirigh leo ach suíochán amháin a fháil le 7.6% den vóta. Chuaigh vótaí aistrithe an TUV chuig an DUP rud a thug buntáiste d’iarrthóirí an DUP.

Dá mbeadh córas na chéad daoine thar an líne i bhfeidhm, is é sin córas faoina dtoghfaí an cúigear is mó vótaí céad rogha i ngach toghcheantar, seo thíos an toradh a bheadh ann.

Tábla II: Dáileadh na suíochán dá roghnófaí an chéad chúigear is airde i ngach Toghcheantar

SF DUP UUP SDLP All TUV Aon Nspl Comh. Glas PBPA Aontú Iomlán
Suíocháin 29 27 9 6 15 2 2 0 0 0 90
% Suíocháin 32.2% 30% 10% 6.7% 16.7% 2.2% 2.2% 0% 0% 0% 100%
% Vótaí ’22 29% 21.3% 11.2% 9.0% 13.5% 7.6% 1.9% 1.9% 1.1% 1.6% 100%

Dúirt duine den DUP gur ar an gcóras vótála a bhí an locht gur chaill an páirtí an oiread suíochán. Bhí cuid den cheart aige. Dá mbeadh an cúigear is airde vótaí á dtoghadh i ngach toghcheantar bheadh dhá shuíochán níos mó ag an DUP ná mar a fuair an páirtí, ach bheadh dhá cheann níos mó ag Sinn Féin chomh maith, toradh a d’fhágfadh an DUP sa dara háit i gcónaí ó thaobh líon na suíochán.

Rinne Páirtí na Comhghuaillíochta go maith as córas na hIonadaíochta Cionmhaire, mar go raibh a gcuid iarrthóirí in ann vótaí aistrithe a fháil ón SDLP, ón gComhaontas Glas agus ón UUP do réir mar a bhí iarrthóirí ó na páirtithe sin á gcur as an áireamh. I roinnt toghcheantar fuair siad cuid den fharasbarr a bhí ag Sinn Féin chomh maith. In Aontroim Thuaidh, mar shampla, fuair Patricia O’Lynn 277 den fharasbarr de 910 a bhí ag Philip McGuigan, iarrthóir Shinn Féin.

Ó thaobh ionadaíochta de is é an córas is measa an córas a úsáidtear sa Tuaisceart leis na suíocháin in Westminster a líonadh: an té is airde vóta a fhaigheann an suíochán i dtoghcheantair aon suíocháin. In 2019 fuair an Alliance suíochán amháin as 18 suíochán in Westminster, cé go bhfuair iarrthóirí ón bpáirtí sin 16.8% de na vótaí, an séú cuid de na vótaí a caitheadh. Ní bhfuair an UUP oiread is suíochán amháin cé go raibh 12% de na vótaí ag an bpáirtí.

Ag deireadh an lae, cé go bhfuil an Ionadaíocht Chionmhar níos casta agus níos moille, tugann sé seans níos fearr do pháirtithe beaga ná mar a thabharfadh córas bunaithe ar an gcúigear is airde vóta. Tá an chuma ar an scéal freisin go dtugann sé buntáiste do na hiarrthóirí atá sa lár ar an speictream polaitíochta, mar go mbíonn siad ag mealladh vótaí aistrithe ón dá thaobh, rud a thugann seans níos fearr dóibh fanacht sa rás sách fada le dóthain vótaí aistrithe a fháil.

B’in an buntáiste a bhí ag Alliance i dToghchán an Chomhthionóil, páirtí sa lár nach raibh luaite le campa an aontachtais ná leis an gcampa náisiúnach.

Fág freagra ar 'Cén chuma a bheadh ar Stormont dá mbeadh córas vótála eile i bhfeidhm?'