Ceithre mholadh faoin teicneolaíocht do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge

Tugann an saineolaí ríomhaireachta Jules Ní Chonchobhair spléachadh ar chuid de na cluichí ríomhaireachta Gaeilge atá ar fáil agus ar na bealaí ar féidir le tuismitheoirí Gaeilge a chur chun cinn ar an Nintendo, PS4 agus ar ghléasanna eile

Ceithre mholadh faoin teicneolaíocht do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge

Ba é Samsung an chéad fhón soghluaiste a raibh córas oibriúcháin Gaeilge air, agus na fóin agus na táibléid uilig acu ar fáil i nGaeilge. Más ríomhaire atá uait, tá rogha agat idir Windows agus Linux. Ón XP ar aghaidh tá leagan Gaeilge Microsoft ar fáil dá gcóras oibriúcháin. Tús maith do dhuine ar bith a bheadh ag iarraidh tuilleadh Gaeilge a bheith ar fáil dóibh i saol na teicneolaíochta. Seo ceithre mholadh faoin teicneolaíocht do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge.

1. Faighigí aipeanna Gaeilge

Ó Twitter agus Facebook go Gmail agus WhatsApp, tá rogha leathan aipeanna Gaeilge ar fáil. Déan físchomhrá le cara trí Skype nó WhatsApp, cuardaigh an t-idirlíon le Mozilla Firefox, agus breathnaigh ar fhíseáin le VLC.  Más tú máistir na scarbhileoige, nó draoi an fhocail, ní gá iompú ar aon teanga eile seachas an Ghaeilge le LibreOffice. Is cuma an Windows, Mac nó Linux a bheidh in úsáid agat, beidh tú in ann leas a bhaint as an teasáras agus an gramadóir Gaeilge atá leis.

Tá tú ar thóir tuilleadh aipeanna Gaeilge? Bain úsáid as an nGaeilge agus tú i mbun cuardaigh le Google agus Mozilla Firefox.  Is iad Ríomhacadamh a rinne formhór na n-aipeanna seo, agus tá liosta táirgí ar a suíomh acu. Agus an rud is fearr faoi na haipeanna seo – seachas an teanga bhreá ina bhfuil siad ar fáil – tá siad uilig saor in aisce!

2. Cluichí Gaeilge

Bí i do spásaire le Pioneer Space Sim, tóg d’impireacht féin le FreeCiv, nó bí i gceannas ar arm Indiach nó Rómhánach le Mega Glest. Mura bhfuil dóthain ansin, tá leagan Gaeilge ag teacht go luath ar Dicey Dungeons, cluiche rólimeartha ina ndéanfar dísle díot agus tú i mbun troda le Lady Luck í féin. Tá léirmheasanna iontacha ar an gcluiche, agus tóir ar an leagan Gaeilge cheana féin.

3. Cruthú agus códáil

Mura bhfuil tú in ann fanacht ar Dicey Dungeons, céard faoi do chluiche féin a chruthú? Le Scratch tá sé éasca cluiche, beochan agus go leor eile a chruthú. Ní gá go mbeadh cur amach ar bith a bheith agat ar an gcódú le húsáid a bhaint as. Cuireann siad físeáin tacaíochta agus smaointe ar fáil, mar sin, tá neart deiseanna ann chun do rogha iontas a chruthú.

Ós ag caint ar chódú atáimid, tá áiseanna eile ar fáil trí Ghaeilge. Cuireadh an chéad chuid den Churaclam nua teicneolaíochta CS First ar fáil i nGaeilge le déanaí, agus tá Code.org aistrithe ag an ollamh Kevin Scannell.

Má tá aithne agat ar éinne atá ag streachailt le códú agus róbaitic, beidh cara sa chúirt acu le Skribot – róbat tarraingteach atá curtha ar fáil in Éirinn, agus logánú déanta ar na haipeanna go Gaeilge, ag Clár TechSpace. Priontáilte ar chóras tríphlánach, tá sé éasca le cuidiú Skribot dul i ngleic le bunphrionsabail an chódaithe agus na róbaitic. Ó tharla na  haipeanna uilig a bheith ar fáil i nGaeilge, tá Skribot feiliúnach do na Gaeil óga agus do na Gaeil fhásta i do shaol!

4. Bígí fiosrach agus léirígí spéis san ábhar!

An mbíonn imní ort faoin méid ama a chaitheann do ghasúir le cluichí ríomhaireachta agus gan tuairim faoi spéir agat céard atá sna cluichí sin? Cuir ceist ar na páistí faoi. Bí fiosrach, agus léirigh spéis sa chaitheamh aimsire atá acusan.

Le chuile ghlúin bíonn conspóid éigin idir tuismitheoirí agus gasúir faoi rud amháin nó eile. Is éasca a rá go bhfuil cead acu breathnú ar scannán amháin nó clár teilifíse nó dhó, ach tá sé deacair srian ama a chur le himirt cluiche ríomhaireachta. Mar thuismitheoirí, ní féidir linn a bheith ag súil le smacht a choinneáil ar rud éigin nach dtuigimid. Ná bímis aineolach agus ag caitheamh anuas ar a gcaitheamh aimsire, b’fhearr tuiscint níos fearr a fháil air.

Tá buntáistí ag baint le himirt cluichí ríomhaireachta agus leis an teicneolaíocht trí chéile. Cuirtear le scileanna comhordaithe, scileanna réiteach fadhbanna agus scileanna sóisialta trí chluichí a imirt. Mar sin, a thuismitheoir dhil, faigh rialtán breise don PS4 sin. Cá bhfios? B’fhéidir go n-aimseofá caitheamh aimsire nua! Is cinnte go bhfuil an tuismitheoir seo ag súil le cuid den Nollaig a chaitheamh leis na gasúir agus an Nintendo!

Fág freagra ar 'Ceithre mholadh faoin teicneolaíocht do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Ní tuismitheoir mé ar chor ar bith, ach tá a bhfuil le fáil iontach ar fad :-)