Ceist thábhachtach faoin scéal a thug ar Pat Carey ráiteas a eisiúint: Cui bono?

Dá léifeá tuairisc ar choireanna, a deirtear a cuireadh i do leith, gan aon teagmháil ó na Gardaí, bheadh ábhar gearáin agat

Pat Carey

Tá ardmheas mar dhuine agus mar pholaiteoir uasal tuillte ag Pat Carey. Tá ardmheas freisin, agus tacaíocht fhreagrach, tuillte ag daoine a mbaintear mí-úsáid gnéis astu agus a iarann cabhair na nGardaí.

Níl séanadh ná deimhniú san dá abairt thuas ar na tuairiscí maidir le líomhaintí i gcoinne iar-aire rialtais a foilsíodh agus a craoladh le cúpla lá anuas, ach tá ábhar láidir comhairle iontu. Cuimhnímis ar bhun-fhíricí an scéil.

Tá Pat Carey neamhchiontach, mar atá gach saoránach nár ciontaíodh i gcúirt. Níl againn mar eolas ar na cúrsaí a thug air éirí as a phost mar stiúrthóir toghcháin Fhianna Fáil ach tuairiscí neamhdheimhnithe. Ní foláir cuimhneamh freisin go ndúirt sé sa ráiteas a d’eisigh sé Déardaoin:

1, Nach raibh aon eolas aige faoi na líomhaintí a foilsíodh.

2. Nach raibh a fhios aige fiú ar bhain na líomhaintí leis nó nár bhain, agus

3. Nach raibh sé freagrach as mígheanas ar bith mar mhúinteoir, mar oibrí pobail ná ina shaol poiblí.

Ní léir agus an colún seo á scríobh cé is túisce a d’inis an scéal seo don Irish Independent, an nuachtán inar foilsíodh an chéad thuairisc ina thaobh. Ní féidir mar sin buncheist a fhreagairt faoi fhoilsiú an scéil: ‘cui bono?’ i Laidin, nó i nGaeilge ‘cé a bhaineann tairbhe as?’

Is léir ar ndóigh an tairbhe a bhaineann na meáin as foilsiú/craoladh scéalta suimiúla (agus ba dheacair ‘mí-úsáid pháistí curtha i leith iar-aire rialtais’ a shárú ó thaobh ábhar spéise de), ach tá ceist níos bunúsaí le meá. Cén tairbhe a bhain foinse an scéil seo as a scaipeadh? Is deacair a thuiscint mar shampla cén tairbhe a bhainfeadh Garda stuama coinsiasach, atá i mbun fiosraithe, as sceitheadh na sonraí atá ar eolas ag cách anois.

Cibé críoch a bheas ar an scéal, ba chóir go ndúiseodh sé ceisteanna nach féidir le h-eagarthóirí ná le h-iriseoirí (agus údar an cholúin seo ina measc) a ligean i ndearmad:

1, Cé as a dtáinig an scéal seo?

2. Cén aidhm a bhí ag an scéalaí?

3. An ndearnadh leas an phobail nuair a foilsíodh/craoladh é?

Fillfimid ar na ceisteanna agus ar an ábhar imní seo ar ball, ach, idir an dá linn, cuirimis i leataobh an cheist is bunúsaí go mbeidh a gcuid oibre déanta ag na Gardaí: an fíor-scéal é?

D’imigh sin agus tháinig seo: eagrán 10,429 

Fiafraíodh de Joan Burton anuraidh ar shíl sí gur chóir tithe réamhdhéanta (‘prefabs’) a úsáid mar pháirt-réiteach ar ghanntanas tithe, i mBaile Átha Cliath go h-áirithe.

Bhí tógáil tithe réamhdhéanta á plé sna meáin le linn teacht-le-chéile Pháirtí an Lucht Oibre i Meán Fómhair 2014. Ba léir an uair sin go raibh an Tánaiste glan ina gcoinne.

Dar léi go raibh tréan-iarracht déanta a bheith réidh le foirgnimh réamhdhéanta sna scoileanna, agus go mbeadh sé fíor-aisteach mar sin leas a baint astu ar dhóigh eile. Ní raibh tithe réamhdhéanta oiriúnach, a dúirt sí, mar réiteach ar fhadhbanna tithíochta.

Agus anois? Níor tairgeadh oiread agus teach réamhdhéanta do theaghlach in aon áit fós. Ach tá súil ag comhairle chathair Bhaile Átha Cliath, go mbeidh tithe réamhdhéanta tógtha sar i bhfad. Níl duine ar bith ag maíomh gur lán-réiteach a dtógáil ar easpa dídine, ach tá an polasaí fógartha nó molta ag airí rialtais, Joan Burton ina measc.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidio a hAon

Fág freagra ar 'Ceist thábhachtach faoin scéal a thug ar Pat Carey ráiteas a eisiúint: Cui bono?'

  • Séamas Mac Coitir

    Ba mhaith liom a rá gan frapa gan taca go léiríonn na colúnaithe go léir go bhfuil siad sároilte ar na hábhair a bhí faoi chaibidil acu, bail ó Dhia orthu! Ba mhaith liom tagairt ar leith do thuairisc Sheosaimh Uí Chuaig. Is folasach go bhfuil léargas thar na bearta ar chúrsaí polaitíochta sa tír seo! Gura fada buan é, agus go méadaí Dia i dtreise aigne é!

  • Mise Åine

    @ Cén tairbhe a bhain foinse an scéil seo as a scaipeadh?

    Ceist mhaith, agus ceisteanna maithe eile, go deimhin, a Chathail!