Ceist mhór le freagairt inniu ach a thuilleadh ceisteanna ar na bacáin

Is cuma diúltach nó dearfach toradh na vótála inniu faoin gclár rialtais, beidh ceisteanna eile le freagairt ag ceannairí na bpáirtithe

Ceist mhór le freagairt inniu ach a thuilleadh ceisteanna ar na bacáin

Micheál Martin, Leo Varadkar agus Eamon Ryan. Pictiúir: RollingNews.ie

Faoi thráthnóna inniu beidh a fhios againn an bhfuil éirithe le Fianna Fáil, Fine Gael agus An Comhaontas Glas an clár rialtais atá curtha le chéile acu a dhíol lena gcuid ball.

Beidh na comhairimh éagsúla ar bun ó mhaidin agus tá súil le fógra thart ar a sé tráthnóna.

Beidh freagra an uair sin againn ar cheist mhór amháin ach is cuma diúltach nó dearfach an freagra sin tá ceisteanna eile múscailte ag an bpróiseas seo ar fad.

De réir bhunreacht na nGlasach ní mór dóibh toghchán ceannaireachta a reáchtáil taobh istigh de shé mhí den olltoghchán. Tá a fhios againn go bhfuil a hainm curtha chun cinn ag Catherine Martin agus tá go leor tacaíochta léirithe ag comhairleoirí agus baill den pháirtí di.

Chuir sé iontas ar go leor acu gur léirigh sí tacaíocht chomh neamhbhalbh don chlár rialtais ar deireadh thiar. Tá imní ar a lán go scriosfar iad in athuair, mar a tharla an t-am deiridh a ndeachaigh siad i rialtas.

Agus cé go bhfuil an chuid is mó de na tráchtairí polaitíochta den tuairim go bhfuil go leor géillte sa gclár rialtais don Chomhaontas Glas, níl sa cháipéis chéanna ach straitéis theibí agus dá réir níl dátaí ná costais luaite leis an haidhmeanna inti. Tuigeann muid ar fad gur féidir spriocanna a ligean i ndearmad de bharr ‘cúinsí’ eacnamaíochta agus polaitíochta.

An phríomhaidhm atá ag Fianna Fáil sa bpróiseas seo ar fad ná greim a fháil ar oifig an Taoisigh. Ní bréag a rá go bhfuil siad ag iarraidh a chruthú go bhfuil sé de cheart acu a bheith i rialtas mar a bhíodh cheana. Má éiríonn leis an vóta inniu, ní bheidh sé le rá faoi Mhicheál Martin gurbh é an t-aon cheannaire de chuid Fhianna Fáil ó bunaíodh an páirtí nach raibh ina Thaoiseach. Ach beidh ceisteanna go leor le cur faoina cheannaireacht. Seoladh leabhrán amach chuig na baill a bhí ag vótáil le seachtain anuas ag gealladh go ndéanfaí athnuachan ar Fhianna Fáil. Cén sórt athnuachana a dhéanfar anois nuair is léir nach bhfuil ag éirí leis an hiarrachtaí ar athnuachan a rinneadh le cúpla bliain anuas? Cén uair an thabharfaidh siad aghaidh ar dheacrachtaí an pháirtí i mBaile Átha Cliath? Cén uair a stopfaidh siad ag bunú a gcuid straitéisí ar an imní atá orthu go bhfuil Sinn Féin ag tógáil vótaí uathu.

Agus Leo Varadkar? An fear a bhfuil oifig an Taoisigh geallta dó in athuair i mí na Nollag 2022. An mbeidh aiféala air má ghlactar leis an gclár rialtais seo nach ndeachaigh sé chun na tíre le teacht i dtír ar an mborradh atá faoi thacaíocht Fhine Gael? Agus má dhéanann an socrú rialtais seo dochar do sheasamh Fhine Gael sna míonna agus sna blianta seo romhainn an mbeidh a chuid comhghleacaithe faoi réir lena dhúshlán a thabhairt?

An cheist mhór inniu – an nglacfar leis an gclár rialtais agus an dtoghfar Micheál Martin ina Thaoiseach ar maidin amárach? Is nuair a bheidh freagra na ceiste sin againn a thiocfaidh na ceisteanna eile ar fad chun cinn.

Agus an cheist is mó ar fad – cén fhad a mhairfidh an socrú nua seo agus cén páirtí is mó a bhainfidh tairbhe as?

Beidh na freagraí sin againn lá níos faide anonn.

Fág freagra ar 'Ceist mhór le freagairt inniu ach a thuilleadh ceisteanna ar na bacáin'