Ceist faoin nGaeilge i nDaonáireamh an Tuaiscirt – tá an saol ag athrú

’Sé an t-aonú lá fichead den mhí seo Lá an Daonáirimh i dTuaisceart Éireann agus tá ceisteanna nua an babhta seo ann

Ceist faoin nGaeilge i nDaonáireamh an Tuaiscirt – tá an saol ag athrú

Tá ceisteanna nua san daonáireamh i dTuaisceart Éireann i mbliana, ina measc cinn a bhfuil súil ag Gaeilgeoirí go neartóidh na freagraí a gcás. 

Tá claonadh gnéis, grúpa eitneach agus úsáid teasa inathnuaite i measc na n-ábhar nua a bhfuiltear ag iarraidh sonraí a bhailiú fúthu. 

An gciallaíonn sé sin go bhfuil an saol i dTuaisceart Éireann ag athrú? Le céad bliain ba í an cheist dhéimeagrafach ba mhó a tharraing aird; ba é líon na bProtastúnach (aontachtach) i gcomparáid le líon na gCaitliceach (náisiúnach) an cheannlíne ba mhó suim. Ach an léireoidh an daonáireamh nua athruithe ar struchtúir an phobail? 

’Sé an t-aonú lá fichead den mhí seo Lá an Daonáirimh i dTuaisceart Éireann. Caithfear an suirbhé a chomhlánú an lá sin ar a dheireanaí ach tá an gnó déanta ag a lán cheana féin ar líne. Ní fhoilseofar torthaí go dtí an bhliain seo chugainn agus ní bheidh iomlán an eolais go beacht ar fáil go dtí 2023. 

Tá Conradh na Gaeilge ag tathant ar dhaoine an ceistneoir a líonadh i nGaeilge; tá sé éasca a dhéanamh, thóg sé 10 nóiméad ormsa. Ceisteanna soiléire iad atá furasta le freagairt. Dúirt cúpla duine liom go raibh sceitimíní orthu mar gurbh fhéidir Daonáireamh 2021 a chomhlánú i nGaeilge. 

Sheolfadh an gníomh sin teachtaireacht láidir chuig na húdaráis a dúradar. Táthar ag fanacht le gníomh ó Stormont chun cearta teanga a chur ar bhonn teann agus is léir go dtreiseodh méadú ar líon na gcainteoirí an cás amach anseo. 

Tá deis ag daoine an Ghaeilge a roghnú mar phríomhtheanga, céim nua, agus tá seans go bhfaighidh na ceisteanna faoi chumas sa teanga freagraí níos cruinne ná mar a fuarthas cheana.

Ceist as an nua is ea an ceann faoi chlaonadh gnéis, claochlú ar réigiún inar ritheadh feachtais fhíochmhara in aghaidh homaighnéasach. I bhfianaise chomh tábhachtach is atá polasaithe timpeallachta fiafraítear freisin an bhfuil córas teasa inathnuaite ag daoine sa bhaile. Comhartha sóirt iad na ceisteanna sin maille leis an bhfiosrú faoin nGaeilge ar shochaí atá ag athrú, cé gur minic a shílfeá go bhfuil meonta reoite. 

Nuair a scríobhann dílseoirí ag polaiteoirí mar a tharla an tseachtain seo caite ag baint leas, mar rabhadh, as freasúra foréigneach in 1985/86 músclaítear amhras faoin méid dul chun cinn atá déanta. Is é an scéal céanna é leis na heasaontóirí poblachtacha, iad calctha sa tseanaimsir agus i modhanna na láimhe láidre.

 Léiríonn torthaí na dtoghchán le cúpla bliain anuas athruithe déimeagrafacha áfach. Athdhearbhaíodh na hathruithe sin sna pobalbhreitheanna de chuid Lucid Talk. Ní fada ó bhíodh daoine a d’éiligh reifreann faoi Éire aontaithe ag déanamh talamh slán de gur ghearr go mbeadh an lá leo mar go mbeadh móramh náisiúnach/Caitliceach abhus. Bhíodh an port céanna ag aontachtaithe, bunaithe ar mhóramh Protastúnach, iad araon ag faire an daonáirimh.

Tá deich mbliana caite ó d’aithin Peter Robinson, mar cheannaire an DUP, an fhírinne. Dúirt sé ag comhdháil bhliantúil an pháirtí go mbeadh sé riachtanach a chur ina luí ar (líon áirithe) náisiúnaithe gur bhuntáiste dóibh é fanacht san Ríocht Aontaithe. Mhol sé aontachtachas oscailte le bheith inmharthana.

Bhí anailís Robinson bunaithe ar na figiúirí i dtoghcháin, tá an tacaíocht laghdaithe ó shin agus is beag iarracht atá déanta ag na páirtithe chun iad féin a dhéanamh níos tarraingtí do náisiúnaithe. A mhalairt atá fíor ó tá an scoilt faoin mBreatimeacht, idir na haontachtaithe ar thaobh amháin agus Sinn Féin, SDLP agus Alliance ar an taobh eile, leathnaithe a thuilleadh de bharr an achrainn faoin bPrótacal. 

Beidh toghchán an Tionóil 2022 thart faoin am a fheicimid an chéad thuairisc ar chomhdhéanamh an daonra. Inseoidh na vótóirí a scéal féin, chífimid an mbeidh ‘an lár’ chomh líonmhar leis an dá bhloc eile, aontachtaithe agus náisiúnaithe. Ní dhéanfaidh an daonáireamh scagadh ar bhonn polaitíochta ach beidh sé ina scáthán ar an tsochaí a dhéanann na cinntí polaitiúla. Beifear in ann anailís a dhéanamh ar threochtaí sóisialta agus féiniúlachta, gluaiseacht na Gaeilge ina measc, mar bhonnchloch don phleanáil do na blianta cinniúnacha atá amach romhainn.

Fág freagra ar 'Ceist faoin nGaeilge i nDaonáireamh an Tuaiscirt – tá an saol ag athrú'