Ceist cumhachta agus cos ar bolg é mí-iompar an bheirt Andrew

Athrú ag teastáil sa gcultúr le deireadh a chur le mí-úsáid ghnéis agus ciapadh

Ceist cumhachta agus cos ar bolg é mí-iompar an bheirt Andrew

Láidir, fearúil cróga. Sin an sainmhíniú atá ar an ainm Andrew má lorgaíonn tú é ar an idirlíon. Is breá liom féin an t-ainm agus tá traidisiún láidir de mar ainm baiste i gConamara. Faraor, le seachtain, tá an dá Andrew atá i mbéal an phobail in athuair tar éis náire a tharraingt ar an ainm.

Ní dóigh gur cheart comparáid a dhéanamh idir an bheirt. Níl mórán i bpáirt ag gobharnóir Nua-Eabhrac Andrew Cuomo agus Andrew, an dara mac ag Banríon Eilís Shasana, seachas a n-ainm baiste. Tá duine acu tofa ag an bpobal i gceann de na stáit is cumhachtaí i Meiriceá le deich mbliana anuas. An t-aon rud eile atá i bpáirt ag an mbeirt an tseachtain seo go bhfuil siad i mbéal an phobail faoi chiapadh agus mí-úsáid ban.

Tá Cuomo ag éirí as a ról mar ghobharnóir ar Nua-Eabhrac mar thoradh ar fhiosrúchán ag Ard-Aighne an Stáit sin a chruthaigh go raibh bunús le líomhaintí go mbíodh ciapadh agus bulaíocht ar bun aige ar mhná a bhíodh ag obair leis. Go drogallach a ghlac sé leis an mbreithiúnas ina aghaidh agus chuir sé cuid den mhilleán ina óráid Dé Máirt ar na hathruithe i ngnásanna iompair phoiblí le blianta anuas.

Tá an Prionsa Sasanach imithe i bhfolach ar na meáin arís eile ó tugadh cúiseanna dlí ina aghaidh i gcúirt i Nua-Eabhrac as mí-úsáid agus éigniú a dhéanamh ar Virginia Roberts Giuffre le linn dó a bheith ag freastal ar ócáid a bhí eagraithe ag Jeffrey Epstein. Chuir Epstein lámh ina bhás féin sa bpríosún i Nua-Eabhrac dhá bhliain ó shin tar éis a chiontaithe i sraith cúiseanna a bhain le mí-úsáid ghnéis agus mangaireacht ban óg. Níor séanadh go raibh an prionsa cairdiúil le Epstein ach séanann sé go raibh sé páirteach in aon chuid de na heachtraí mídhleathacha a bhain leis na cailíní óga.

B’fhéidir gurb é an rud is déistiní faoin dá scéal seo gur fir iad seo a bhfuil iníonacha acu féin – triúr ag Cuomo agus beirt ag an bprionsa. An mbeadh siadsan sásta dá bhfaighidís luaidreáin go rabhthas ag caitheamh lena gclann féin mar a chaith siadsan le mná eile? Ar bhealach ní bhaineann an drochíde seo le fir nó mná ach go dtarlaíonn sé gur minice fir níos cumhachtaí ná mná agus ar a gcumas dá réir aimhleas a bhaint as an gcumhacht sin.

Ceist cumhachta agus cos ar bolg atá i gceist anseo. Is léir go bhfuil daoine ann a chreideann go bhfuil sé de chead ag aicme agus inscne áirithe a rogha rud a dhéanamh le daoine eile. Sin an rud is mó a theastaíonn a athrú sa gcultúr a bhaineann le mí-úsáid agus le ciapadh. Níor cheart go mbeadh cead ag aon duine beag is fiú a dhéanamh de dhuine eile mar go bhfuil san duine sin níos laige nó níos óige nó nach bhfuil an t-údarás céanna aige nó aici sa láthair oibre.

Tá súil agam go bhfoghlaimeofar na ceachtanna sin ó eachtraí na seachtaine seo. Gearrtar pionós ar an té a chiontaítear as coir ach bíodh sé le tuiscint freisin nach bhfuil glacadh leis an gcineál seo iompair in aon áit ná ar aon bhealach cuma cá bhfuil tú tofa ná cén cúlra atá agat.

Fág freagra ar 'Ceist cumhachta agus cos ar bolg é mí-iompar an bheirt Andrew'

  • Pádraig O'hEipicín

    Maistíneacht. (Bulaiocht.)

  • An Teanga Bheo

    Ciúin nó ciontach cé acu é anois ?