CEIST: Cén chathair ina mbíonn an fhéile Éireannach is faide ó thuaidh ar chlár na cruinne?

FREAGRA: Oulu, cathair 196,000 duine i dtuaisceart na Fionlainne, ina bhfuil tuairim is deichniúr Éireannach ina gcónaí ann agus foireann peile Gaelaí acu

CEIST: Cén chathair ina mbíonn an fhéile Éireannach is faide ó thuaidh ar chlár na cruinne?

Brent Cassidy. Pictiúr: Ari Karjalainen

Nuair a bhíonn The Oulu Irish Elks ag imirt in éadan na Helsinki Harps, an cluiche CLG is faide ó thuaidh ar domhan a bhíonn ann. Is amhlaidh an scéal d’Fhéile Éireannach Oulu.

Tá Brent Cassidy, an fear atá taobh thiar den fhéile Éireannach is faide ó thuaidh ar chlár na cruinne, ina chónaí san Fhionlainn le beagnach 18 bliain, ón uair a tháinig wanderlust na gCeilteach air agus é ar an ollscoil i Meiriceá.

Bhí an Gael-Mheiriceánach ag déanamh staidéir ar Léann na Fóillíochta agus Bainistiú Imeachtaí ach bhí clár nua in ollscoil Oulu dar teideal Northern Societies and Culture san Fhionlainn a mheall go mór é. Bhí an-suim aige i gcultúr na Sami cheanaagus chinn sé dul sa seans, cé go raibh sé deacair ag Eorpaigh féin taisteal chun na Fionlainne.

Bhí rún ag Cassidy fanacht ar feadh semester amháin ach thaitin cultúr na Fionlainne go mór liom.

“Chuaigh mé ar ais ar an ollscoil i Meiriceá, chríochnaigh mé an cúrsa ach phill mé ar an tír aoibhinn seo.Tá an cultúr iontach suimiúil anseo – tá an geimhreadh fuar agus dorcha agus sa samhradh ní bhíonn oíche ar bith ann, bíonn an ghrian ag soilsiú i gcónaí.

Oulu

“Ta sé iontach suaimhneach, ní bhíonn foréigean ann. Mar sin tá difir an domhain idir an saol anseo agus an saol i Meiriceá – go háirithe anois, tá cúrsaí i Meiriceá dochreidte. Jesus!”.

Agus an bhfuil aon ghearán aige aige in éadan na bhFionlannach?

Ólann iad i bhfad barraíocht caife! Sin uile.

Ar íorónaí an tsaoil, ba san Fhionlainn a chuir Brent, a tógadh i gCarolina Thuaidh, suim ina fhréamhacha Éireannacha.

“Agus mé óg, bhíodh m’athair agus m’athair mór ag caint i gcónaí ar na Caisidigh a d’fhág Éire agus a chuaigh go Meiriceá.

“Nuair a d’fhás mé aníos, thosaigh mé ag déanamh taighde faoi mo ghaolta is fuair mé amach gurbh as Fear Manach ó dhúchas iad agus thosaigh mé ag tabhairt cuairteanna ar Éirinn ach bhí mé liom féin agus níor fhoghlaim mé rud ar bith,” ar sé ag gáire.

Ach níor stad sin Brent.

Nuair a tháinig sé ar ais d’fhan sé ar feadh míosa agus sin an t-am ar chuir sé suim sa Ghaeilge. Is cuimhin leis an bomaite nuair a tháinig an epiphany.

“Bhí mé i dTír Chonaill agus bhí mé i mo sheasamh taobh amuigh de shiopa i nGort an Choirce agus nuair a chuala mé an Ghaeilge den chéad uair. Chinn mé ansin go bhfoghlaimeoinn an teanga.”

“Bliain ina dhiaidh sin, bhí mé i nGleann Cholm Cille agus bhuail mé le Eddie Keenan, an Feirsteach a bhí sa Churrach le Máirtín Ó Cadhain agus bhí Eddie ina spreagadh mór domsa. Is é a dúirt sé liom ‘Foghlaim na rudaí beaga ar tús agus is cuma cé chomh fada is a bhíonn turas teanga, beidh Gaeilge agat san am atá le theacht.’ Sin é a dúirt sé liom.”

Deir Brent gur chuir Gleann Cholmcille a áit dhúchais i gCarolina Thuaidh i gcuimhne dó, go háirithe na sléibhte agus na daoine.  “Labhraíonn na Caroliners go fadálach le blas deas agus sin mar atá sé i nGleann Cholmcille. Chuidigh sé sin liom agus mé ag foghlaim na Gaeilge,” ar sé.

Ag an am céanna, bhí Brent ag cur suim sa cheol chomh maith. Thosaigh sé ar an bhodhrán agus chuir sé iontas air a oiread de mhuintir na Fionlainne a raibh dúil acu i gceol traidisiúnta na hÉireann. Níorbh fhada go raibh sé ag glacadh páirt i seisiúin a raibh an-ráchairt orthu.

In 2005, tosaíodh The Irish Society of Oulu agus reáchtáladh trí choirm cheoil lena sheoladh inar sheinn grúpaí logánta.

Cé go raibh sé 30 céim faoin reophointe, ‘sea, -30 Celsius – díoladh amach na coirmeacha agus na scuainí ag dul timpeall an choirnéil ón ionad. Ó tharla Brent a bheith gan obair ag an am, bhí an t-am aige do thogra úr – féile cheoil thraidisiúnta in Oulu. Dúirt a chairde leis nach n-éireodh choíche léi mar go raibh an chathair rófhada ó thuaidh.

“Bhí an chéad fhéile ar siúl againn in 2006 agus  bhí gach uile choirm díolta amach,” arsa Brent agus iontas air féin. “Bhí na coirmeacha againn, ceardlann damhsa agus taispeántas ar na cúnna faoil mar tá thart ar 30 cú faoil anseo in Oulu.”

Ón tús lán dóchais sin, reáchtáladh coirm an bhliain ina dhiaidh sin agus Paddy Keenan agus Tommy O’Sullivan ann mar aíonna speisialta – an chéad bheirt ó Éirinn a tháinig chun na féile. Bhí an teach lán go doras gach oíche arís.

Ó shin i leith, tá The Irish Festival of Oulu ag dul ó neart go neart. Anuas ar an cheol, bíonn scannáin agus drámaí, oícheanta filíochta agus oícheanta scéalaíochta ann. Tá mac Eddie Keenan, Éamonn, mar a bheadh réalta pop in Oulu toisc feabhas a chuid scéalaíochta

“Thug rath na féile spreagadh mór do na Fionlannaigh agus bhí níos mó daoine ag iarraidh bheith páirteach ann agus ag iarraidh an ceol a fhoghlaim,” arsa Brent.

Faigheann an fhéile maoiniú agus urraíocht ó na húdaráis agus ó chomhlachtaí, rud a chuireann ar chumas Brent na grúpaí is mó in Éirinn a mhealladh go hOulu – leithéidí Altan, The Chieftains agus Beoga.

“Do cheiliúradh 10 mbliana na féile anuraidh, bhí na Chieftains ag seinm sa Madetoja Concert Hall, áit a mbíonn an Oulu Simfonia ag seinm agus na ticéid uilig ceannaithe mí roimh an fhéile. San amharclann anseo a bhíonn na drámaí agus iad i gcónaí iontach maith – Tom Crean le Aidan Dooley agus Silence le Pat Kinevane, mar shampla.

“Bíonn scannáin i mBéarla agus i nGaeilge agus ranganna Gaeilge againn. Mar sin soláthraíonn muid réimse chomh leathan agus is féidir de chultúr na hÉireann,” arsa an Casaideach.

Agus tá ag éirí thar barr leis an meascán..

Dúradh ar an Helsinki Times, ‘Oulu is Finland’s Irish Culture mecca’. Dúirt Aire Cultúir na Fionlainne nár mhothaigh sé “atmaisféar chomh beoga riamh roimhe ag féile áit ar bith sa tír.”

I mbliana beidh Altan, Dervish, Clann Mhic Ruairí ag an bhféile agus is é The Man in the Woman’s Shoes le Mikel Murfi dráma na bliana seo. Beidh Éamonn Keenan i mbun scéalaíochta arís le fuacht an tuaiscirt a choinneáil ó dhoras ag an fhéile Éireannach is faide ó thuaidh ar chlár na cruinne.

– Beidh Féile Éireannach Oulu ar siúl idir 4-8 Deireadh Fómhair agus tá tuilleadh eolais le fáil ag www.irkku.fi/

Fág freagra ar 'CEIST: Cén chathair ina mbíonn an fhéile Éireannach is faide ó thuaidh ar chlár na cruinne?'