Baineadh geit as roinnt de na daltaí a bhí i mbun na hArdteiste i bPobalscoil Ghaoth Dobhair, Co Dhún na nGall an tseachtain seo nuair a thug siad faoi deara go raibh ceist fúthu féin le freagairt ar an bpáipéar Gaeilge.
Baill den ghrúpa ceoil An Crann Óg iad Cathal Ó Curráin nó Cathal Banjo mar a thugtar go coitianta air agus Eimhear Nic Comhail agus bhí ceisteanna faoin ngrúpa ceoil i gcuid C den scrúdú cluastuisceana.
“Shíl mé go raibh sé greannmhar,” a dúirt Cathal Ó Curráin in agallamh ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu.
“Bhí mé i mo shuí sa choirnéal agus thiontaigh achan duine thart agus bhí siad ag rá ‘sin sibhse’, bhí mé lag ag gáirí!” a dúirt an ceoltóir ildánach.
Bhain na ceisteanna le tacaíochta airgid a cheadaigh Aire Stáit na Gaeltachta don ghrúpa, an campa samhraidh a d’eagraigh siad sa mbliain 2007 agus dlúthdhiosca agus físeáin a sheol siad sa bhliain 2015.
“Bhí a fhios agam na freagraí sular tháinig siad amach ar an téip,” a dúirt Cathal Ó Curráin a thug le fios go raibh súil aige aghaidh a thabhairt ar Ollscoil Luimnigh an bhliain seo chugainn le staidéar a dhéanamh ar chúrsaí ceoil agus Gaeilge.
Ach roimhe sin, tá 3 cinn de pháipéir le tabhairt fúthu aige an tseachtain seo chugainn agus samhradh gnóthach ag casadh ceoil.
Tá An Crann Óg le breis agus seachtain a chaitheamh i Nua-Eabhrac agus tá turas ceolmhar ar an Ghearmáin beartaithe acu le linn saoire an tsamhraidh.
Seo mar a labhair Cathal Ó Curráin le Séamus Mac Géidigh ar Bharrscéalta inniu:
Fág freagra ar 'Ceist Ardteiste fúthu féin ar cheoltóirí as Gaoth Dobhair'