Ceist ar chóir do gach páirtí a chur i ndiaidh fhoilsiú na tuarascála baincéireachta: ‘What if you’re wrong?’

Cibé aird a thabharfar ar an tuairisc atá foilsithe faoi dheireadh ag an bhFiosrúchán Baincéireachta, b'fhearr gan neamhaird a dhéanamh de chomhairle Philip Lane

21/1/2015 Professor Philip Lane, economist and professor of international macroeconomics and director of the Institute for International Integration Studies at Trinity College, Dublin, is pictured arriving to the Oireachtas banking inquiry today at the Dail. Photo: Mark Stedman/RollingNews.ie
Philip Lane. Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Ní ar chomhaltaí an choiste atá an milleán, ach ba léir a áiféisí is a bhí an scéal i bhfad sular foilsíodh a dtuairisc ar na fáthanna gur theip ar bhainc, ar gheilleagar agus ar státchiste na hÉireann i 2008.

Níor bunaíodh an coiste go dtí mí na Samhna 2014, agus níor thosaigh éisteacht na fianaise go dtí earrach na bliana seo caite. Fiú má chuirtear san áireamh an reifreann i 2011 inar dhiúltaigh an pobal don mholadh go dtabharfaí breis cumhachtaí fiosraithe do choistí Oireachtais, ní féidir an mhoill a cuireadh ar an obair a chosaint.

Ní cás eisceachtúil amach is amach an scéal léanmhar seo má chuimhnítear, mar shampla, ar choiste Chilcott sa Bhreatain nach bhfuil tuairisc foilsithe fós aige ar an gcogadh san Iaráic. Ní iniúchadh ar chogadh a bhí i gceist anseo, áfach, ach iniúchadh ar ghéarchéim airgeadais.

Ba é ceann de na bunfhadhbanna a bhain leis an obair ná gur thosaigh an fiosrúchán nuair a bhí na daoine ar an liosta thíos éirithe as:

  • An Taoiseach, Brian Cowen
  • An tAire Airgeadais, Brian Lenihan, nach maireann
  • An tArd-Aighne Michael McDowell
  • Ard-Rúnaí na Roinne Airgeadais Kevin Cardiff
  • Ard-Rúnaí Roinn an Taoisigh, Dermot McCarthy
  • Gobharnóir an Bhainc Cheannais, John Hurley
  • An Rialtóir Airgeadais Patrick Neary

Bheadh sé dona go leor dá mbeadh duine nó beirt ar an liosta thuas éirithe as oifig, ach faoin am a chuaigh an coiste i mbun oibre ní raibh duine ar bith acu siúd atá luaite againn agus an cúram céanna orthu is a bhí i 2008. Anuas air sin, bhí scata daoine eile, in Éirinn agus sna h-údaráis idirnáisiúnta, i bpoist nua nó imithe ar phinsean faoin am ar bunaíodh an coiste.

Tugann an mhoill agus na srianta dlíthiúla a cuireadh ar a gcuid oibre le fios nach ndearnadh iarracht cheart a an scéal a leigheas; beartaíodh cúrsaí a chur i leataobh go síoraí. 

Bhí ábhar dianmhachnaimh níos soiléire sa mhéid a bhí le rá ag Gobharnóir an Bhainc Cheannais, Philip Lane, leis an gcoiste airgeadais i dTeach Laighean Dé Máirt. Is ag caint ar an bhfeachtas toghcháin atá romhainn a bhí sé, agus é ag iarraidh ar pholaiteoirí agus ar vótóirí smaoineamh ar an todhchaí.

Glactar leis sa Roinn Airgeadais, sa Bhanc Ceannais, agus i ngach tairiscint a chuireann na príomhpháirtithe os ár gcomhair, go leanfar le forbairt an gheilleagair sna blianta atá amach romhainn. B’fhéidir go leanfar. Ach mura leanfar? 

De ghnáth seachnaíonn gobharnóirí an Bhainc comhairle ródhíreach agus róshoiléir a eisiúint roimh thoghchán, ach níor chuir Philip Lane fiacail ann Dé Mairt.

Tá dualgas ar an mBanc Ceannais, a dúirt sé, a dhícheall a dhéanamh leis an gcóras airgeadais a choinneáil seasmhach (an gá a rá gur san aimsir láithreach a labhair sé?), agus baol timpiste amach anseo a chur sa mheá.

Is ina dhiaidh sin a labhair sé faoin dualgas atá ar pholaiteoirí agus forógraí toghcháin á ndréachtadh acu atá bunaithe ar fhás leanúnach sa gheilleagar. D’iarr sé ar na polaiteoirí aghaidh a thabhairt ar cheist a bhí fiúntach, dar leis:  “Is dóigh liom gur cheist mhaith í ar fiú í a chur: cad a tharlaíonn más rud é go bhfuil sibh mícheart?” *

Níor phléigh sé freagra na ceiste, ach thug sé cuntas ar na prionsabail ar chóir cloí leo, dar leis. Ní foláir a bheith stuama agus fiacha móra rialtais a laghdú sna blianta fáis. Ní foláir a bheith ullamh do lá na coise tinne. 

Ar ndóigh, tá aird na bpolaiteoirí dírithe:

(a) ar an olltoghchán, agus 

(b) ar na blianta breátha fáis atá romhainn.

Níl aon chaint dáiríre fós ar an gcontúirt – agus is cinnte go dtarlóidh sé luath nó mall – go n-athródh an léargas gan choinne. 

Is ansin a bheidh gá fiacha breise stáit a sheachaint agus le hacmhainní éigeandála a cheadódh do rialtas cuid den dochar a bhaint as an gcéad ghéarchéim eile.

An duine is deireanaí a rinne amhlaidh? Charlie McCreevy. An cuimhin le duine ar bith scéim choigiltis na SSIAs anois?

Casann gach roth.

* I mBéarla: “I think it’s a good question to ask: what if you’re wrong?”

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Ceist ar chóir do gach páirtí a chur i ndiaidh fhoilsiú na tuarascála baincéireachta: ‘What if you’re wrong?’'

  • alan

    Alt fíorshuimiúil. Dhá sheanfhocal a ritheann liom; ‘ní ceart deimhin a dhéanamh den dóchas’ agus ‘fál ar an ngort t’réis na foghla’.
    Ciméara na cumhachta ar pholaiteoirí aríst eile agus uisce (Éireann!) lena mbéal. Tá geilleagar an domhain báite i mórfhiacha éaguimseacha NACH FÉIDIR A ÍOC AR AIS agus gan de bheartas acu ach an méirfhadachas agus tuilleadh caiteachais.
    Ó sea, bíonn cluas bhodhar agus craiceann righin ar lucht na foghla freisin!