Tá doiléire ann maidir le bord Údarás na Gaeltachta i láthair na huaire agus é ráite ag Roinn na Gaeltachta go bhfuil fógra le déanamh maidir le “bord nua” go gairid.
Tháinig deireadh le tréimhse an bhoird dheireanaigh ag deireadh na bliana seo caite ach ní dhearnadh aon fhógra ó shin maidir le bord nua a cheapadh.
Nuair a d’fhiafraigh Tuairisc d’Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo an raibh bord an Údaráis ag feidhmiú i láthair na huaire, dúradh gur cheist í sin do Roinn na Gaeltachta.
Dúirt an Roinn go mbeadh fógra á dhéanamh faoi bhord nua go gairid. Tá Tuairisc fós ag fanacht ar dheimhniú cé acu an raibh nó nach raibh Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú d’uireasa boird ar feadh tréimhse ó thús na bliana.
Nuair a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta a Ráiteas Deireadh Bliana do 2024 ag tús na míosa, ní dhearnadh aon tagairt do bhord nua agus cuireadh Siobhán Ní Ghadhra i láthair mar chathaoirleach an bhoird.
Gan bord, ní bhíonn an tÚdarás in ann cinntí áirithe a dhéanamh faoi dheontais a cheadú agus airgead a chaitheamh.
Eascraíonn cuid mhaith den éiginnteacht faoi cheist bhord Údarás na Gaeltachta ó chinneadh an rialtais dheireanaigh toghcháin an Údaráis a thabhairt ar ais. Fógraíodh ag deireadh 2022 go raibh sé i gceist na toghcháin a chur ar bun arís agus bhí sé i gceist iad a reáchtáil mí an Mheithimh seo caite ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ach níor ritheadh an reachtaíocht chuí in am.
Níor mhair tréimhse an bhoird dheireanaigh ach dhá bhliain go dtí deireadh 2024, seachas tréimhse cúig bliana mar a bhíodh roimhe sin, mar gur measadh go mbeadh na toghcháin don bhord fillte.
Cuireadh An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 os comhair na Dála mí Iúil 2024 ach ní dhearnadh aon phlé eile air ó shin. D’fhógair an Rialtas an tseachtain seo caite go raibh an bille ar cheann de na cinn a dtabharfaí tosaíocht dóibh i mbliana.
Ní hé seo an chéad uair éiginnteacht a bheith ann faoi bhord Údarás na Gaeltachta. Bhí an bord breis is sé mhí gan cathaoirleach anuraidh go dtí gur ceapadh Siobhán Ní Ghadhra ag deireadh 2024. An bhliain roimhe sin, bhí an tÚdarás ag feidhmiú gan bord ar feadh tréimhse go dtí gur ceapadh comhaltaí agus cathaoirleach eatramhach.
Fág freagra ar 'Ceist ann faoi bhord Údarás na Gaeltachta agus ‘bord nua’ le fógairt '