Dá mbeadh an rogha acu, b’fhearr le formhór ár dTeachtaí Dála díospóireacht eile ar ghinmhilleadh a sheachaint. Ainneoin a neamhthola, beidh an t-ábhar achrannach ag teannadh arís leo sula i bhfad.
Tá an Tionól Saoránach (féach ‘ocht gceist’ thíos) ag éisteacht le tuairimí éagsúla faoin gcosc ar ghinmhilleadh le linn cruinniú dhá lá atá á reáchtáil i Mullach Íde. Tiocfaidh siad le chéile arís an mhí seo chugainn chun bailchríoch a chur ar na moltaí a chuirfidh siad faoi bhráid an Oireachtais.
Má shíleann tú go bhfuil an t-amchlár sin beagáinín neamhréadúil, a léitheoir dhil, táimid ar aon intinn. Ach cuimhnigh nach bhfuil tuarastal á fháil ag comhaltaí an chomhthionóil mar chúiteamh ar fhreastal ar chruinnithe deireadh seachtaine.
Ní haon iontas é mar sin gur mian leo tuairisc ar ghinmhilleadh a dhréachtú chomh luath agus is féidir ionas gur féidir déileáil leis na hábhair eile a d’iarr an rialtas orthu a bhreithniú.
Is i 1983 a reáchtáladh an reifreann a chuir cosc ar ghinmhilleadh sa Bhunreacht. Thug an Chúirt Uachtarach le fios ina dhiaidh sin nach deimhniú ar chosc dlíthiúil ar ghinmhilleadh ach a mhalairt a cheadaigh leasú a ritheadh i 1983. Cuireadh leasuithe ar an leasú sin faoi bhráid an phobail i reifrinn a reáchtáladh i 1992 agus in 2002. Diúltaíodh dóibh araon.
Thug pobalbhreith a foilsíodh san Irish Times Dé hAoine le fios gur leasú ar an ochtú leasú, a cheadódh ginmhilleadh i gcásanna áirithe (tar éis éignithe, mar shampla) a theastaigh ó 38 faoin gcéad de na vótóirí a ceistíodh. Teastaíonn aisghairm nó cealú iomlán an ochtú leasú ó 28 faoin gcéad, agus tá 18 faoin gcéad ina choinne. Ní raibh aon tuairim ag na daoine eile a ceistíodh (ocht déag faoin gcéad).
Má chuireann an Tionól moltaí chuig an Oireachtas a bheas ag teacht ar dhóigh éigin leis an raon tuairimíochta seo, bunófar coiste uilepháirtí lena phlé. Ina dhiaidh sin, cá bhfios?
Ainneoin drogall na bpolaiteoirí, agus ainneoin na ndeacrachtaí casta a chaithfí a shárú dá mbeadh leasú níos liobrálaí ar ghinmhilleadh le dréachtú, léiríonn gach pobalbhreith go bhfuil meon an phobail ag athrú.
Cuirfidh an t-athrú meoin brú ar an Oireachtas gníomhú dá réir, luath nó mall.
An Tionól Saoránach: ocht gceist
1 Cad é?
Foras sealadach neamhspleách a bhunaigh an rialtas chun ábhair éagsúla a bhaineann le todhchaí na tíre a phlé, agus chun athruithe a dhréachtú lena gcur faoi bhráid an Oireachtais.
2 Cé atá páirteach?
Roghnaíodh 99 saoránach mar chomhaltaí, ar bhonn randamach ach a bhí ionadaíoch ar thoghthóirí uile an stáit ó thaobh aoise, inscne, aicme shóisialta agus réigiúin.
3 Aon duine eile?
Ceapadh an breitheamh Mary Laffoy ina cathaoirleach ar an Tionól.
4 Seachas ginmhilleadh, céard eile a phléifear?
D’iarr an rialtas ar an Tionól ceithre ábhar eile a phlé.
(a) Na dúshláin/deiseanna a bhaineann le daonra atá ag dul in aois.
(b) Téarmaí seasta Oireachtais (mar atá i bhfeidhm mar shampla sa Bhreatain).
(c) Reáchtáil reifreann.
(d) Conas ‘tír cheannródaíoch’ a dhéanamh d’Éirinn maidir le dul i ngleic le hathrú aeráide.
5 An bhfuil teorainn ama i bhfeidhm?
Tá uasteorainn bliana leagtha síos ag an rialtas. Bhí an chéad chruinniú ag an Tionól i mí Dheireadh Fómhair 2016. Beidh deireadh lena gcruinnithe mar sin i mí Dheireadh Fómhair i mbliana, ar a dheireanaí.
6 An bhfaigheann comhaltaí an Tionóil tuarastal nó táille de chineál ar bith?
Ní fhaigheann. Cuirtear lóistín agus béilí ar fáil dóibh, agus íoctar costais taistil chomh maith.
7 An gcraoltar imeachtaí an Tionóil ar líne?
Craoltar, ar líonláithreán an Tionóil www.citizensassembly.ie de ghnáth. Níl seisiúin áirithe atá á reáchtáil i rith an deireadh seachtaine seo á gcraoladh. An fáth: beidh tuairimí réamthaifeadta á nochtadh lena linn ag mná a fuair ginmhilleadh. Ceilfear ainmneacha agus céannacht na mban ar chomhaltaí an Tionóil.
8 An bhfuil ceangal ar bith ar an rialtas glacadh le moltaí an Tionóil, nó barántas ar bith ann go mbeidh toradh reachtúil ar bith ar a shaothar?
Níl.
Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.
Fág freagra ar 'Ceist an ghinmhillte, ceist nach féidir le polaiteoirí í a chur ar an méar fhada go deo…'