Céim sa treo ceart tugtha ag Éirinn ach go leor eile le déanamh

Cé nár éirigh le foireann Stephen Kenny tús spleodrach a chur le ré an bhainisteora nua i Sóifia, bhí údar misnigh ann mar sin féin

Céim sa treo ceart tugtha ag Éirinn ach go leor eile le déanamh

Imreoirí na hÉireann. Pictiúr: INPHO/Kostadin Andonov

Mura mbeadh feicthe agat ach toradh an chluiche idir Éirinn agus an Bhulgáir Déardaoin seo caite, shamhlófá nach raibh mórán idir ré nua sacair na hÉireann agus an tseanré, agus ré a bhí ann roimhe sin agus an ceann a bhí ann roimhe sin arís.

Comhscór 1-1 agus cúl scóráilte lena cheann ag an bhfathach Shane Duffy? Seanscéal agus meirg air.

Cé nár éirigh le Stephen Kenny tús spleodrach a chur le cúrsaí i Sóifia agus é i bhfeighil ar an bhfoireann den chéad uair, bhí údar misnigh ann mar sin féin.

Bhí 60% de sheilbh na liathróide ag Éirinn agus bhí beagnach dhá oiread pasanna acu nár mar a bhí ag a bhfreasúra. Sin dhá rud nár tharla rómhinic roimhe seo.

Mar sin féin, níor éirigh le himreoirí Kenny mórán deiseanna ar chúil a chruthú in aghaidh na Bulgáire agus beidh sé ag iarraidh é sin a chur ina cheart anocht in aghaidh na Fionlainne, a chaill a gcluiche in aghaidh na Breataine Bige i rith na seachtaine.

Níl na himreoirí ar ais ag traenáil ach le cúpla seachtain anuas agus ní nach ionadh bhí an chuma ar chuid acu go raibh siad tugtha tamall maith roimh dheireadh an chluiche Déardaoin. Seans go bhfeicfear roinnt athruithe anocht.

D’éirigh réasúnta maith le Adam Idah in aghaidh na Bulgáire, go háirithe agus gan ann ach an ceathrú cluiche ag an ógánach ag leibhéal na sinsear.

Thuirsigh sé sa dara leath, áfach, agus ní haon iontas a bheadh ann dá bhfeicfí Shane Long nó David McGoldrick, atá ag filleadh ó ghortú, ag tosú anocht.

Fuair Matt Doherty áit ar an bhfoireann in áit an chaptaein Séamus Coleman ach ní raibh Doherty thar mholadh beirte agus seans go dtabharfar deis anois d’fhear na gCealla Beaga a chuid a dhéanamh.

Is maith a thuigeann Kenny go bhfuil gá le feabhas roimh an gcluiche mór in aghaidh na Slóvaice an mhí seo chugainn ach céim sa treo ceart a bhí ann sa Bhulgáir agus beidh sé ag súil céim eile chun cinn a thabhairt tráthnóna.

Fág freagra ar 'Céim sa treo ceart tugtha ag Éirinn ach go leor eile le déanamh'