Céim eile ar an turas go dtí Corn an Domhain atá sa chuairt go dtí an Astráil

Imreoidh foireann na hÉireann a gcéad chluiche in aghaidh na hAstráile i Staid Suncrop Brisbane inniu

Céim eile ar an turas go dtí Corn an Domhain atá sa chuairt go dtí an Astráil

Príomhchóitseálaí na hÉireann, Joe Schmidt. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Ní mórán scíthe a fuair imreoirí idirnáisiúnta na tíre seo ó chroch Cúige Laighean craobh an Pro 14 leo i Staid Aviva coicís ó shin. Ní raibh ach cúpla lá ag na himreoirí agus ag an lucht leanta le ré órga rugbaí na hÉireann a cheiliúradh, greim faighte againn ar gach comórtas sa limistéar seo, an Grand Slam, Corn na gCuradh agus an Pro 14. Ar an Astráil a bheidh aird na ndaoine anois agus cuairt an tsamhraidh ar an tír sin le haghaidh trí chluiche.

Cé go bhfuil 32 imreoir ar phainéal Joe Schmidt don turas seo a gcuirfear tús leis i Staid Suncrop Brisbane inniu, Dé Sathairn, níl ach beirt ina measc nach bhfuil caipíní idirnáisiúnta acu fós. Sin iad Tadhg Beirne, fear a d’imir do na Scarlets san Aviva coicís ó shin agus Ross Byrne Chúige Laighean. Níl aon dabht ach go bhfuil a n-áit tuillte ag an mbeirt seo ach beidh le feiceáil an mbeidh siad in ann dóthain brú a chur ar na himreoirí chéad rogha le háit a fháil dóibh féin. Mar sin féin tá sé an-tábhachtach go bhfuil siad leis an bpainéal mar gur leid atá sa turas seo i leith réiteach Joe Schmidt do chorn rugbaí an domhain a bheas á imirt sa tSeapáin ag deireadh 2019. Is iad na himreoirí seo a bheas ag imirt i gcoinne na hAstráile, chomh maith le leithéidí Seán O’Brien agus Josh van der Flier atá gortaithe faoi láthair, a bheas mar ionadaithe againn ag an gcorn domhanda.

Maidir leis an turas féin, is cinnte go mbeidh Schmidt ag iarraidh chuile leas a bhaint as le tástáil cheart a dhéanamh ar a chuid roghanna, ní hamháin ag na cluichí seo ach do chomórtais na Sé Náisiún agus an Choirn Dhomhanda atá le teacht. Is cinnte freisin go mbeidh Schmidt agus lucht leanta na hÉireann anseo sa mbaile agus na mílte atá san Astráil ag súil go mbeidh muid in ann a léiriú go bhfuil gradam an dara foireann rugbaí ar domhan tuillte againn. Is iad na hAll Blacks atá sa gcéad áit, na Sasanaigh atá taobh thiar dínn sa tríú háit agus an Astráil níos faide siar sa gceathrú háit. Seans gur spreagadh ann féin é seo don Astráil agus dá mbainisteoir Michael Cheika, fear a bhí i gceannas ar Chúige Laighean roimhe seo.

Ní miste liomsa cé aige a bheas an bua sna trí choimhlint seo a bheas á n-imirt le linn na dtrí seachtaine atá amach romhainn in Brisbane (inniu), Melbourne (an 16 Meitheamh) agus i Sydney (an 23 Meitheamh). Níl uaimse ach go leanfaí leis an bhforbairt agus leis an dul chun cinn atá déanta againn le cúpla séasúr.  Tá duais ollmhór ar fáil ag deireadh 2019 agus níl sa turas seo ach céim amháin ina threo sin.

Fág freagra ar 'Céim eile ar an turas go dtí Corn an Domhain atá sa chuairt go dtí an Astráil'