‘Céim ar chúl a bheadh ann Ceann Comhairle gan Ghaeilge a thoghadh’ – Aengus Ó Snodaigh

Deir Aengus Ó Snodaigh go bhfuil cúlbhinseoirí i bhFianna Fáil nach bhfuil sásta go bhfuil Verona Murphy, duine gan Ghaeilge, á moladh ag an bpáirtí don ról

‘Céim ar chúl a bheadh ann Ceann Comhairle gan Ghaeilge a thoghadh’ – Aengus Ó Snodaigh

Deir duine díobh siúd atá san iomaíocht do ról an Cheann Chomhairle gur “céim ar chúl” a bheadh ann duine gan Ghaeilge a cheapadh sa ról.

Deir Aengus Ó Snodaigh Shinn Féin, atá ar dhuine den bheirt Ghaeilgeoirí a bhfuil a n-ainmneacha curtha chun cinn acu don ról agus vóta le caitheamh inniu agus an Dáil nua ag teacht le chéile den chéad uair, nach bhfuil sé ach cóir go mbeadh an Ghaeilge ag an té a cheapfar.

Tá sé ráite cheana ag Seán Ó Fearghaíl, an Ceann Comhairle sa Dáil dheireanach agus atá istigh ar an ról arís, go bhfuil sé “riachtanach” go mbeadh Gaeilge ag an gCeann Comhairle.

Cé go bhfuil Ó Fearghaíl ina Theachta de chuid Fhianna Fáil, an páirtí is mó sa Dáil, meastar gurb í an Teachta neamhspleách Verona Murphy a thoghfar ina Ceann Comhairle agus tacaíocht di léirithe ag páirtithe parlaiminte Fhianna Fáil agus Fhine Gael. Tá Murphy ina ball den Ghrúpa Réigiúnach Neamhspleách arb iad an dream is dóichí a bheidh ag tacú le Fianna Fáil agus Fine Gael chun an chéad rialtas eile a bhunú.

Vóta rúnda atá i gceist áfach agus deir Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go bhfuil sé fós ag súil le vóta ard, go háirithe agus míshásamh á léiriú ag Teachtaí áirithe i bhFianna Fáil faoin gcinneadh tacú le Murphy.

“Tá a fhios agamsa nach bhfuil a lán de na cúlbhinseoirí i bhFianna Fáil sásta go bhfuil sé seo ag tarlú agus roinnt acu, níl siad sásta go bhfuil daoine san iomaíocht nach bhfuil Gaeilge acu,” a dúirt Ó Snodaigh le Tuairisc.

Deir sé gur tháinig ardú ar an líon Gaeilge a bhí le cloisteáil sa Dáil nuair a bhí Ó Fearghaíl ina Cheann Comhairle agus an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, cainteoir líofa eile, ina Leas-Cheann Comhairle.

“B’fhéidir go mbeadh muid ag tógáil céim ar chúl má bhíonn duine ann gan Gaeilge líofa [anois],” ar sé.

“Measaim gur chóir go mbeadh muid ag impí go mbeadh Gaeilge ag duine a bhíonn in aon ról mar seo acu agus an tuiscint sin acu ar an teanga.”

Deir Ó Snodaigh gur labhair sé níos mó Gaeilge ná Béarla aon uair a bhí sé i gcathaoir an Cheann Comhairle sa Dáil dheireanach agus go bhfuil bealaí simplí ann, na treoracha a léamh as Gaeilge mar shampla, chun a chinntiú go mbaintear úsáid níos mó as an teanga sa Dáil.

D’aontaigh Ó Snodaigh freisin leis an méid a bhí le rá ag Seán Ó Fearghaíl nár chóir go mbeadh ról an Cheann Comhairle ina mhír mhargáintíochta sna cainteanna faoi rialtas a chur le chéile.

“Is post neamhspleách ar na páirtithe polaitiúla atá i gceist. Tá an ceart aige sa mhéid sin,” arsa Ó Snodaigh. “Níor chóir go mbeadh sé á bhronnadh mar bhronntanas ar dhuine nó ar ghrúpa Teachtaí.”

Thug Ó Snodaigh le fios don Irish Independent go dtabharfadh sé ar ais cuid den tuarastal €255,000 a théann le ról an Cheann Comhairle dá dtoghfaí é. Tá tuarastal an Cheann Comhairle níos airde ná an €243,895 a íoctar leis an Taoiseach.

Fág freagra ar '‘Céim ar chúl a bheadh ann Ceann Comhairle gan Ghaeilge a thoghadh’ – Aengus Ó Snodaigh'

  • Seán Mag Leannáin

    Cruthaíonn seo, má tá cruthú de dhíth, gurb í an Ghaeilge an chloch is lú ar phaidrín an Mháirtínigh. Náireach amach is amach.