Ceiliúradh déanta ar ‘fhuinneamh dochloíte’ agus ‘flosc chun na beatha’ Charlie Bird

Rinneadh ceiliúradh i mBaile Átha Cliath inniu ar shaol Charlie Bird a raibh ainm in airde air mar go ndearna sé tuairisciú do RTÉ ar chuid de na scéalta móra a tharla in Éirinn agus thar sáile sna 40 bliain a raibh sé ag plé leis an gcraoltóireacht

Ceiliúradh déanta ar ‘fhuinneamh dochloíte’ agus ‘flosc chun na beatha’ Charlie Bird

Seoid náisiúnta agus údar inspioráide a léirigh “crógacht as na ngnáth” an cur síos a rinneadh ar an iar-iriseoir le RTÉ, Charlie Bird ag seirbhís i mBaile Átha Cliath ag ceiliúradh a shaoil.

Bhásaigh Charlie Bird an tseachtain seo in aois a 74 bliain tar éis dó a bheith buailte le roinnt blianta leis an ngalar néarón luadrach.

Bhí ainm in airde ar chomhfhreagraí nuachta RTÉ mar go ndearna sé tuairisciú ar chuid de na scéalta móra a tharla in Éirinn agus thar sáile sna 40 bliain a raibh sé ag plé leis an gcraoltóireacht.

Agus é ag caint ag an tseirbhís chuimhneacháin, dúirt iar-chomhfhreagraí eile le RTÉ, Joe O’Brien, go raibh “a bhealach bríomhar féin tuairisceoireachta” ag a chara Charlie Bird.

“Chothaigh soiléire agus éifeacht na stíle sin meas agus gean an lucht éisteachta,” a dúirt sé.

“De réir mar a chuaigh na blianta ar aghaidh, Charlie a thugadh cách ar Charlie Bird, an Charlie a raibh aithne againn air. Nuair a chuimhnímse ar Charlie, cuimhním ar an bhfuinneamh dochloíte a bhí ann agus an chaoi a raibh sé in ann boladh scéal nuachta a fháil.”

Cuireadh tús leis an tseirbhís ag meán lae sa Seomra Cruinn i dTeach an Ardmhéara ar Shráid Dásan. Tugadh a chónra chaolaigh isteach sa seomra agus Banna Píob Chathair na Mart á tionlacan. Ina diaidh shiúil a chéile Claire Mould leis an madra Tiger, a raibh cion an tsaoil ag Charlie air, agus a theaghlach.

Dúirt Claire gurbh é an flosc sin chun na beatha a mheall grá a croí do ‘Bird’, flosc nach raibh maolú riamh air.

Ní raibh aon leadrán ina chomhluadar agus ba bhreá leis aghaidh an chomhluadair a bheith air, a deir sí.

Mhol sí beirt iníonacha Charlie agus ghabh sí buíochas leo as a ngrá agus a dtacaíocht. Gan iad, a deir sí, “ní fhéadfainn an tseachtain deiridh seo a sheasamh”.

“Tá grá mo chroí agam duit Bird agus aireoidh mé uaim go mór thú,” a dúirt Claire.

Dúirt sí gur iarradh uirthi labhairt amach óna croí ach gur “deacair sin a dhéanamh nuair atá do chroí briste”.

Ba é Joe O’Brien, cara agus iar-chomhghleacaí Charlie Bird, an príomhcheiliúraí ag an tseirbhís agus chas Kevin Conneff, a bhíodh leis an Chieftains, The Parting Glass agus cónra Charlie Bird á hiompar amach as an seomra ag seisear dá theaghlach.

Labhair a bheirt chlainne Neasa agus Orla go geanúil faoina n-athair agus thug a chúigear garpháistí  cuimhneacháin aníos – ina measc dhá bheathaisnéis faoi fhéin, pictiúr den teaghlach uilig, paidrín a thug an t-amhránaí Daniel O’Donnell dó, leabhar Bruce Springsteen, cárta poist a phéinteáil Joe Duffy agus an maide siúil a bhí aige nuair a dhreap sé Cruach Phádraig in 2021 nuair a bailíodh os cionn €3 mhilliún do charthanachtaí.

Fad agus a bhí físeáin dá shaol a dtaispeáint, bhí amhrán Bruce Springsteen, Land of Hope and Dreams, á chasadh, an t-amhrán ab ansa le Charlie.

Beidh luaithreach Charlie Bird a cur i gcré na cille ar Inis Oírr, áit a raibh an-ghean aige air agus a raibh dlúthchairde aige le blianta fada.

 

Fág freagra ar 'Ceiliúradh déanta ar ‘fhuinneamh dochloíte’ agus ‘flosc chun na beatha’ Charlie Bird'