Ceiliúradh ceanúil cuí ar Mhichael D agus na ceithre scór slánaithe aige

Lucht ealaíon ag tabhairt ómóis don chéad Aire Ealaíon agus seanscéalta a bhfuil meirg orthu curtha bunoscionn ag Kate Winslet

Ceiliúradh ceanúil cuí ar Mhichael D agus na ceithre scór slánaithe aige

Ar an Domhnach chraol TG4 Ómós – Michael D @ 80 clár speisialta dátheangach in ómós don Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn agus na ceithre scór slánaithe aige. Murach an víreas corónach an-seans gur craoladh beo ar cheolchoirm a bheadh eagraithe ach mar thoradh ar an scaradh fisiciúil ’séard a bhí againn ná dreasanna ceoil is filíochta is amhránaíochta ó ealaíontóirí ar fud na tíre nasctha le paistí cainte ó aíonna difriúla.

Ómós ag lucht na n-ealaíon don chara sa chúirt is dílse riamh ag ealaíontóirí ag bord rialtais. Meabhraíodh dúinn gurbh é an scoláire agus file ón nGaillimh an chéad Aire Rialtais do na healaíona. Beidh cuimhne go deo air i measc na nGael mar an tAire a thug tionscnamh uaillmhianach na teilifíse Gaeilge ar an bport.
Dhein Eoghan Mac Giolla Bhríde aithris bhreá ar línte óna dhán Luíonn Focail go Trom ag tús an chláir agus vae linn ansin.

Ceol is amhráin ó Sibéal Ní Chasaide, Séamus Ó Flatharta, Frankie Gavin, Máirtín O’Connor, Van Morrison, Tolü Makay agus a thuilleadh eile nach iad. Níor chuir an clár seo roimhe léamh a dhéanamh ar shaol is saothar Mhichael D., ach thug ionchur ón Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh agus Mary Robinson éachtaintí áirithe dúinn. Ceiliúradh ceanúil cuí.

Ní haon dóithín í Kate Winslet nuair a bhíonn sí os cionn a buille. Mise á rá leat nach bhfuil barr cleite isteach ná bun cleite amach aici sa saothar is déanaí uaithi, Mare of Easttown (Dé Luain, Sky Atlantic/Now TV). Cuirtear seanscéalta a bhfuil meirg orthu bunoscionn: an bleachtaire patuar ag tabhairt faoin chás tábhachtach, neamhghnách agus an laoch spóirt áitiúil fós ag maireachtaint fé scáil a gaiscí imeartha. ‘Lady Hawk’ atá baiste ar Mare Sheehan (Kate Winslet) de bharr a gaiscí ar an gcúirt chispheile cúig bliana ar fhichid roimhe seo.

Ón gcéad luí súl is léir go bhfuil an saol imithe ina coinne ó shin. Cuma ghioblach mhíshlachtmhar uirthi. Í neamhanamúil agus ar nós cuma liom. Í in adharca a hiníne (a bhfuil a mac féin aici) agus a máthar. Ceithre ghlúin agus triúr ban in aon tíos. A hiar-fhear céile béal dorais agus é díreach geallta lena bhean nua. Mar is léir óna sloinne agus ainm na hiníne, Siobhan, is de shliocht na hÉireann iad. An buidéal James agus an sagart mar ghaol ag daingniú na féiniúlachta sin, mar dhea.

Tá brú uirthi ag an obair mar go bhfuil cás duine atá ar iarraidh gan réiteach le bliain. Faoi dheireadh an chláir tá dúnmharú tarlaithe agus is cinnte go dtitfimid isteach i nósanna imeachta. Ach le The Killing mar shampla tá i bhfad níos mó ná sin i gceist.

Tá carachtair théagartha, thánaisteacha curtha os ár gcomhair cheana féin.

Carachtair dhaonna ar fuirist bá a bheith againn leo. Lena chois sin ní chuirtear fiacail sa léiriú a dhéantar ar shaol an bhaile seo in Pennsylvania. Andúil drugaí/alcóil, bochtanas, toircheas mná óga, drochíde sa teaghlach, poist gan dealramh agus brionglóidí nár fíoraíodh. Is go seachtainiúil a scaoilfear na gálaí chugainn. Táim ar tinneall cheana féin.

Fág freagra ar 'Ceiliúradh ceanúil cuí ar Mhichael D agus na ceithre scór slánaithe aige'

  • An Teanga bheo

    Saol fads agat

  • Padraic de Bhaldraithe

    Meastú nach barrchleite agus bunchleite atá i gceist sa nath cainte sin atá thuas.
    “Ná fág bunchleite isteach ná barrchleite amach san obair sin” (EID 1959). Barrchleite = outer feather (FGB)