Ceathrar imreoirí Gaeltachta ar fhoireann na Gaillimhe do chluiche ceannais na hÉireann

Tabharfaidh Gaillimh agus Corcaigh aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais mhionúir na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh

Ceathrar imreoirí Gaeltachta ar fhoireann na Gaillimhe do chluiche ceannais na hÉireann

Cian Hernon, Warren Seoighe, James McLaughlin agus Daniel Cox. Pictiúir: INPHO

Tá ceathrar imreoirí as Conamara ainmnithe ar fhoireann mhionúir peile na Gaillimhe a rachaidh chun páirce i gcluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh.

Níl aon athrú tagtha ar an bhfoireann ón gceann a thosaigh an cluiche leathcheannais i gcoinne Chiarraí agus an cúigear déag céanna á gcur chun páirce ag bainisteoir na foirne Dónal Ó Fátharta, arb as an Spidéal dó.

Tá Cian Hernon (Bearna), James McLaughlin (Maigh Cuilinn), Warren Seoighe (Naomh Anna) agus Daniel Cox (Maigh Cuilinn) ainmnithe ar fhoireann na Gaillimhe atá ag iarraidh craobh na mionúr a bhuachan den chéad uair ó 2007.

Bhí Hernon agus Cox ar an bhfoireann a chaill i gcoinne Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh. Bhí beirt eile, an cúl báire Donie Halleran agus an lántosach Tomo Culhane, ar fhoireann na bliana seo caite, a bhí faoi stiúir Uí Fhátharta chomh maith.

Is é Jonathan McGrath as Cathair Loistreáin atá ina chaptaen ar fhoireann na Gaillimhe.

Corcaigh a bheidh le sárú acu sa chluiche ceannais agus fuair na Muimhnigh an ceann is fearr ar Mhaigh Eo sa chluiche leathcheannais agus níl aon athrú déanta acusan ach an oiread ar an bhfoireann a chuaigh chun páirce an lá sin.

D’aimsigh Patrick Campbell 1-2 i gcoinne Mhaigh Eo agus cé gur gortaíodh é sa chluiche céanna, tá biseach tagtha air ó shin agus tá a áit coinnithe aige ar an bhfoireann.

Foireann na Gaillimhe

1. Donie Halleran (Seamróga Chortúin)

2. Jonathan McGrath (Cathair Loistreáin)

3. Ruairí King (Naomh Feichín, An Clochán)

4. Liam Tevnan (Gaeil an Tuaiscirt)

5. Cian Hernon (Bearna)

6. Ethan Fiorentini (Naomh Micheál)

7. Kyle O’Neill (Cathair Loistreáin)

8. James McLaughlin (Maigh Cuilinn)

9. Daniel OFlaherty (Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach)

10. Evan Nolan (Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach)

11. Warren Seoighe (Naomh Anna, Leitir Móir)

12. Dylan Brady (Cora Finne)

13. Nathan Grainger (Baile Chláir na Gaillimhe)

14. Tomo Culhane (Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach)

15. Daniel Cox (Maigh Cuilinn)

Foireann Chorcaí

1. Cian O’Leary (Dúglas)

2. Adam Walsh Murphy (Fánaithe na Claise)

3. Daniel Linehan (Caisleán an Mhaighnéaraigh)

4. Daniel Peet (Cloich na Coillte)

5. Darragh Cashman (Sráid an Mhuilinn)

6. Neil Lordan (Baile Nóra)

7. Joseph O’Shea (Oircheann)

8. Jack Lawton (Raonaithe Airgidín)

9. Kelan Scannell (Raonaithe Chairbre)

10. Hugh Murphy (Éire Óg)

11. Conor Corbett (Fánaithe na Claide)

12. Eoghan Nash (Dúglas)

13. Michael O’Neill (Cill na Mallach)

14. Patrick Campbell (Raonaithe Nemo)

15. Jack Cahalane (Caisleán an Mhaighnéaraigh)

 

Fág freagra ar 'Ceathrar imreoirí Gaeltachta ar fhoireann na Gaillimhe do chluiche ceannais na hÉireann'

  • Aonraí Breathnach

    An bhfuil Bóthar na Trá i Conamara??