‘Cearrbhach cruthanta’ a d’fhógair cogadh 50 bliain ar gheallghlacadóirí

Ar nós chuile chearrbhach bhíodh Barney Curley thuas seal, thíos seal

‘Cearrbhach cruthanta’ a d’fhógair cogadh 50 bliain ar gheallghlacadóirí

Barney Curley. Pictiúr: Rollingnews.ie

‘Cearrbhach cruthanta’ a thabharfadh saoiste a bhí orm lá den tsaol ar Barney Curley a bhásaigh an tseachtain seo caite agus é bliain le cois na ceithre scóir. Tá mo chomrádaí é féin ar Shlí na Fírinne anois, ach ba mhinic an aidiacht ar bharr a ghoib aige agus é ag cur síos ar dhuine a bhí ardcháilithe i mbun a chúraim.

Sin ráite, ní bhíodh aon fhaitíos air ach an oiread é a cheangal leis an drochmheas. “B****x Cruthanta” a thugadh sé i gcónaí ar fhear a bhí iomráiteach go maith i saol na Gaeilge ag an am, ach nach raibh mórán de ghean ag mo mhéit air.

‘Fuacht ná faitíos.’ Sin dhá fhocal eile nach dtiocfadh amú le Barney sa gcogadh a d’fhógair sé ar gheallghlacadóirí 50 bliain ó shin díreach.

Athrú aisteach ab ea é ar shaol a thosaigh agus é ag siúl cosnochta chun na scoile i mBaile an Irbhinigh i gcontae Fhear Manach. Ina dhiaidh sin bhí sé mar ábhar sagairt de chuid na nÍosánach agus é de mhian aige a dhul ag plé le hobair mhisinéireachta san Afraic.

Ach b’in Barney Curley i gcaitheamh a shaoil. An dá thaobh dó ag teacht salach ar a chéile. Leath den phobal rásaíochta a cheap go mba le Robin Hood a bhí sé ag dul. An leath eile den tuairim nach raibh a shamhail le fáil ach an meirleach Astrálach Ned Kelly – na geallghlacadóirí go tréan ina measc siúd.

Tar éis dó scaitheamh a chaitheamh ag obair i monarcha Mhanchain, tamall eile ina bhainisteoir ar sheó-bhannaí agus tamall eile fós ag plé le smuigléireacht trasteorann, luigh Curley isteach i ndáiríre ar an gcearrbhachas. Geall maith ar chapall darbh ainm Crisp (3-1) ag Féile Cheltenham i 1971 a chuir ar an mbóthar é. In imeacht bliana d’fhág geallta de dhéanamh an £35,000 a bhuaigh sé ar Roberto (7/2) i Derby Shasana go mbíodh an fhaire chráite ar chuile chor dá ndéanfadh sé.

Thosaíodh na sluaite á leanacht an nóiméad a d’fheicfidís é i bhfáinne na gcearrbhach ar thraic na rásaíochta. Nod a bhí ansin do na geallghlacadóirí tosaí ag dúnadh na málaí, ach níos minice ná a chéile ba chur i gcéill a bhíodh i gceist. Céad nó dhá chéad plódaithe ina thimpeall ag coirnéal amháin agus giolla de chuid Barney ag cur síos an airgid ar a shon i ngan fhios don saol a gcúinne ab fhaide uathu.

Ar nós chuile chearrbhach bhíodh sé thuas seal, thíos seal. Cúpla bliain tar éis bhua Roberto ní raibh oiread aige agus a dhéanfadh torann ar leic. Go deimhin i 1975 nuair a d’eagraigh sé coup a thuill £2.5 milliún in airgead an lae inniu dó, bhí fiacha £30,000 air.

Bhí an plean a chuir sé i dtoll a chéile go hiomlán dleathach ach leagtha amach chomh pointeáilte leis an scéal a bhaineann leis an scannán The Italian Job.

Barney Curley. Pictiúr: Rollingnews.ie

Bhí capall dá chuid féin darbh ainm Yellow Sam réitithe don bheart, Curley a roghnaigh go mba ar chúrsa Bhaile an Bheileogaigh a rithfeadh sé. Bhí cúis mhaith leis sin mar go raibh a fhios aige nach raibh ach aon teileafón poiblí amháin ag an gcúrsa beag seo i dTuaisceart chontae na Mí – é sin i mbosca ar an seandéanamh agus teacht ag an bpobal air.

Nuair a tháinig an lá, 20/1 an praghas a bhí as Yellow Sam, ach bhí a fhios ag Barney a luaithe agus a chuirfí £100 ar go dtitfeadh sin i chuile shiopa geallghlacadóireachta in Éirinn agus i Sasana. B’in an fáth go raibh an £15,000 a bhí le cur aige roinnte amach aige ar sheachtar a raibh muinín aige astu. Scaipeadar san a sciar féin ar dheichniúr eile a rabhthas in ann brath orthu.

£200 le cur ina bpócaí féin agus idir £50 agus £300 le cur mar gheallta a bhí ag an 70 agus orduithe dóibh gan dul in aice le haon siopa go mbeifí fíorghar de thús an rása.

25 nóiméad sula raibh sin le tarlú bhain cara le Barney a raibh Benny O’Hanlon air amach bosca an teileafóin i mBaile an Bheileogaigh. Bhí cúpla duine taobh amuigh ag fanacht le glaoch a dhéanamh ach dúirt Benny leo go raibh aintín leis ag fáil bháis san ospidéal agus gur mhaith leis deis a bheith aige slán a fhágáil aici sula séalódh sí.

Bhogfadh a leithéid de scéal croí cloiche agus thugadar siúd a bhí ag fanacht tús áite don Anluaineach a chaith an leathuair dár gcionn i ndianchomhrá ar an bhfón agus gan mac an pheata ar an taobh eile den líne.

Idir an dá linn bhí ‘arm Barney’ ag cur síos a gcuid geallta £50 agus £300 ar fud na tíre. Choinnigh siad amach as siopaí an gheallglacadóra Seán Graham a thug airgead an ghill ar iasacht do Barney ar choinníoll nach leagfaí aon bhlas dó ina chuid siopaí féin. Níor cuireadh oiread agus cianóg ar Yellow Sam i mBaile an Bheileogaigh – dá bharr sin níor bhog an praghas ó 20/1.

Bhí deatach ag teacht as línte fóin na siopaí geallghlacadóireachta in Éirinn – iad uilig ag iarradh teagmháil a dhéanamh leis an gcúrsa le scéal an ‘coup’ a chur in iúl dá leathbhádóirí ansiúd go laghdófaí a phraghas. Choinnigh an ‘blíp’, ‘blíp’ a bhí le cloisteáil ó fhón Benny O’Hanlon an deis sin uathu.

Agus é ag trasnú na líne, bhí 20-1 fós as Yellow Sam agus Barney Curley ar mhuin na muice, cé gur dhiúltaigh na geallghlacadóirí an t-airgead a íoc amach go ceann píosa, rud a d’fhág go mb’éigean do Curley £5 a fháil ar iasacht le peitreal a chur sa gcarr ar an mbealach abhaile.

35 bliain ina dhiaidh tharraing Barney beagnach £4 milliún as ilgheall inar bhuaigh trí cinn de na ceithre chapall. Dá mbuafadh an ceathrú ceann (agus ba dhó ba mhó a bhí ceapadh) bheadh £19 milliún aige.

Ainneoin an chearrbhachais sin ar fad, duine thar a bheith cráifeach ab ea é, fear nár bhlais d’aon deoch mheisciúil riamh ina shaol. Nuair a maraíodh mac óg leis i dtimpiste bhóthair i 1995, bhunaigh Barney carthanacht ina chuimhne agus tá scoileanna agus ospidéil go leor tógtha ag Direct Aid for Africa sa tSaimbia ó shin.

Ní raibh sé deacair cantal a chur ar Barney má cheap sé aon éagóir a bheith déanta air. Mura bhfaca tú ariamh an liobairt a thug sé do John McCririck agus do Luke Harvey, beo ar an aer ag rásaí in Folkstone in 2005, is maith is fiú a dhul á chuardach ar líne. Mar ba dhual dó, chuaigh sé thar fóir agus ghabh a leithscéal go poiblí cúpla lá dár gcionn. Bean an tí, Maureen, a d’ordaigh dó sin a dhéanamh, a dúirt Curley. Máirt na hInide a bhí ann agus mar bhreithiúnas aithrí gheall sé nach dtaobhódh sé páirc na rásaí arís go mbeadh an Carghas caite!

Trócaire Dé air.

Fág freagra ar '‘Cearrbhach cruthanta’ a d’fhógair cogadh 50 bliain ar gheallghlacadóirí'

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam uasal.