Céard leis a raibh mé ag súil ag tús 2021?

Chuaigh mé ar ais go tús an fhéilire go bhfeicfinn cén sórt pleananna a bhí agam ag tús na bliana

Céard leis a raibh mé ag súil ag tús 2021?

Seo é anois é, an last chance saloon, mar níl fágtha i mbliana ach dhá mhí, mí go leith dháiríre má bhaineann tú an Nollaig as. Is bhí sé chomh maith agat. Is ag baint an mhaith as dea-obair na bliana a bheidh mé faoi Nollaig.

Abair sé seachtaine fágtha, nó mí… mí má bhaineann tú an tréimhse roimh Nollaig amach as. Is bhí sé chomh maith agat dearmad a dhéanamh ar an gcoicís roimh an Nollaig mar ní dhéanfar tada nach bhfuil baint dhíreach aige le scailtín fíona agus pióg mhionra. Nó, níor cheart go ndéanfaí ar aon chaoi, tá sé scríofa in áit eicínt.

Ní mórán mí, ná cúig seachtaine. An leor é le rud éigin a dhéanamh a chuirfidh cruth éigin ar an liosta sin a breacadh go cúramach ar phár ag tús na bliana. Níor dhiúltaigh páipéar peann riamh, a deirtear (ráiteas nach dtuigim i gceart, ach sílim go bhféadfadh go bhfuil sé tráthúil anseo. Bain do chiall féin as.).

Ceist eile ná céard sa diabhal a bhí ar bun agam le deich mí taobh amuigh de bheith ag seachaint an níocháin? Tá mé á sheachaint anois agus mé á scríobh seo.

B’fhéidir go raibh an ceart ag an bhfealsúnaí Stóch Epictetus a dúirt dhá mhíle bliain ó shin nach raibh sé ag súil le tada ina shaol ach toil Dé. Faraor nár chuir mé ‘seachain an níochán’ ar liosta na bliana do 2021 is bheinn in ann a rá go raibh sé sin déanta go slachtmhar agam.

Chuaigh mé ar ais go tús an fhéilire go bhfeicfinn cén sórt pleananna a bhí agam ar aon chaoi. Céard leis a raibh mé ag súil ag tús 2021? An raibh aon rud ar an liosta sin agam a d’fhéadfainn a dhéanamh fós i mbliana? Bhí a fhios agam go raibh liosta déanta agam de jabanna beaga atá le déanamh timpeall an tí agus bhí mé amhail is cinnte nach raibh aon cheann acu déanta agam. Nó má bhí, chuirfeadh sé an-iontas orm.

D’oscail mé amach mí Eanáir. An chéad rud a chonaic mé ar an liosta ná ‘déan rud éigin leis an drochcholaistéaról a laghdú’. Níl hope agam leis an gceann sin roimh dheireadh na bliana. Is dóigh gur sórt athrú saoil é sin níos mó ná sprioc, a chuimhnigh mé ansin, d’fhéadfainn an ceann sin a chrochadh liom go dtí an bhliain seo chugainn.

Níorbh é toil Dé an dara rud ar an liosta ach an oiread. ‘Ceannaigh rothar agus foghlaim cén chaoi le rothaíocht sa gcathair gan thú fhéin a mharú’. Bhí dearmad glan déanta agam ar an gceann sin agus, má bhím ionraic, tá an beagáinín faitís orm tabhairt faoi.

Is cosúil go ndearna mé go maith ag tús na bliana, chonaic mé rothar deas agus fuair mé amach cén phraghas a bhí air. Ansin chuir mé ‘sábháil airgead le haghaidh an rothair’ leis an liosta is tá an chuma ar an scéal nach ndearna mé tada eile ar phlean an rothair ina dhiaidh sin.

Ní hé go raibh sé an-daor amach is amach, níl mé ag iarraidh rothar a dhéanfadh an Tour de France ná tada mar sin. Níl ann ach go bhfuil mé ag iarraidh rothar atá chomh cosúil le cathaoir uillinne agus is féidir a bheith, agus fós a bheith ina rothar. Cuirfidh mé an ceann sin é fhéin ar aghaidh go dtí an bhliain seo chugainn.

Sladmhargaí mhí Eanáir b’fhéidir.

Fág freagra ar 'Céard leis a raibh mé ag súil ag tús 2021?'