Céard ba cheart a bheith san airdeall air i gcluiche na hÉireann i gcoinne na hAirgintíne?

Tá Éire ag iarraidh cáiliú dá gcéad chluiche leathcheannais ag Corn an Domhain inniu ach, toisc go bhfuil roinnt gortuithe ag cur as do na hÉireannaigh, beidh siad faichilleach ar fhoireann láidir na hAirgintíne

Santiago Cordero ag déanamh dul chun cinn i gcoinne na Seoirsia. INPHO/James Crombie
Santiago Cordero ag déanamh dul chun cinn i gcoinne na Seoirsia. INPHO/James Crombie

Stíl nua ag na hAirgintínigh

Is foireann dhifriúil é ceann na hAirgintíne leis an gceann atá feicthe againn le cúpla bliain anuas, go háirithe an fhoireann a fuair an ceann is fearr ar Éirinn i gCorn an Domhain i 2007. Roimhe seo, ba dhual do na hAirgintínigh a bheith níos fearr ar an bhfrithionsaí. Le tosaithe láidre a bhí in ann sárchosaint a dhéanamh, is minic a chuaigh na cúlaithe i muinín an bhróig chun an liathróid a theilgeadh suas faoin bpáirc.

Le bliain nó dhó anuas, tá beagáinín d’athrú tagtha ar an stíl imeartha sin agus tá na Pumas ar a gcompord anois agus iad ag rith leis an liathróid ina seilbh acu. Tá 22 úd scóráilte acu go dtí seo sa chomórtas agus an liathróid tugtha uathu acu sa taicil 50 uair sa cheithre chluiche go dtí seo, níos mó aon fhoireann eile. Chun é sin a chur i gcomparáid le hÉirinn, níor éirigh linne an liathróid a thabhairt uainn sa taicil ach 17 n-uaire. Stáit Aontaithe Mheiriceá an t-aon fhoireann ar éirigh leo níos lú ná sin a dhéanamh.

Mar gheall air sin, nuair a bheidh seilbh na liathróide ag an Airgintín, déanfaidh siad iarracht imirt faoi ardluas agus níor mhór d’imreoirí na hÉireann a bheith ullamh don chur chuige sin. Beidh aclaíocht na n-imreoirí tábhachtach sa chuid dheireanach den chluiche, ach bheifeá ag súil gur ag foireann Joe Schmidt a bheadh an buntáiste ansin.

Beidh Rhys Ruddock ar an mbinse inniu. INPHO/Dan Sheridan
Beidh Rhys Ruddock ar an mbinse inniu. INPHO/Dan Sheridan

Ceisteanna ann faoi ionadaithe na n-ionadaithe

gur an-chailliúintí go deo iad Paul O’Connell, Peter O’Mahony agus Seán O’Brien, léirigh na fir atá tagtha isteach, go háirithe Iain Henderson agus Chris Henry, go mbeidh siad in ann ag an dúshlán.

Is í an fhadhb is mó ag Joe Schmidt anois ná go bhfuil sé d’uireasa na n-imreoirí maithe sin ar an mbinse. Tá feicthe againn le cúpla cluiche anuas nach dtagann aon mheath ar chaighdeán na himeartha ag Éirinn nuair a thagann na hionadaithe isteach. Dea-theist an méid sin ar an obair iontach atá á déanamh agus an foireann ag traenáil.

Is í an fhadhb atá anois ann ná go mbeidh imreoirí ag teacht isteach nach bhfuil an traenáil sin ar fad déanta acu. I gcás Rhys Ruddock, a thóg áit Peter O’Mahony agus atá ar an mbinse inniu, ní raibh seisean fiú mar chuid den phaineál 45 imreoir a tháinig le chéile i mí an Mheithimh, tráth a raibh se gortaithe. Tá ceithre mhí caite ag an bhfoireann i dteannta a chéile ach ní raibh ag Ruddock le dul i dtaithí ar na patrúin imeartha acu ach seachtain.

Tosach na hÉireann, Cian Healy. INPHO/Dan Sheridan
Tosach na hÉireann, Cian Healy. INPHO/Dan Sheridan

Níl Cian Healy 100% fós

haon iontas é nach bhfuil Cian Healy i mbarr a mhaitheasa fós i ndiaidh na ngortuithe uile a bhí ag cur as dó le bliain anuas. Mar sin féin, tá beagáinín den ádh air gur choinnigh sé a áit ar an bhfoireann, go háirithe agus Jack McGrath ag imirt chomh maith sin.

Cuireadh Healy faoi bhrú go luath sa chluiche i gcoinne na Fraince agus ghéill sé cúpla cic éirice uaidh sa tréimhse sin. Chomh maith leis sin, bhí cáil riamh ar Healy as na ruthair iontacha a thabhairt suas faoin bpáirc, ach níl sé leath chomh feiceálach sa chuid sin den imirt agus a bhí le cúpla bliain anuas.

Is léir go bhfuil Joe Schmidt ag iarraidh a bheith foighneach le Healy agus bheadh súil agat go bhfeabhsóidh sé de réir mar a imríonn sé níos mó cluichí, ach bheadh trua agat mar sin féin do McGrath atá suite ar an mbinse gan tada as bealach déanta aige.

Fág freagra ar 'Céard ba cheart a bheith san airdeall air i gcluiche na hÉireann i gcoinne na hAirgintíne?'