Céard atá ag tarlú do neodracht an stáit seo?

Tá plean ag an rialtas gnáthshaighdiúirí a chur i mbaol báis ar mhaithe le haisling impiriúil na Fraince

Céard atá ag tarlú do neodracht an stáit seo?

Ar thug éinne faoi deara gur fhógair an rialtas go bhfuil Sciathán Fiannóglaigh an Airm le tarraingt siar as Mailí i dTuaisceart na hAfraice? An bhfuil a fhios ag éinne céard le haghaidh atá an Sciathán céanna ann?

Cinnte, tá muintir na hÉireann bródúil as an ról a d’imir Fórsaí Cosanta an stáit i mbun seirbhíse leis na Náisiúin Aontaithe.  Bródúil ach go háirithe toisc nach raibh muid ag iarraidh aon phobal a chur faoi chois mar a dhein na tíortha impiriúla (ar nós na Breataine, na Fraince, na hÍsiltíre is eile).

Seirbhís don chine daonna a bhí i gceist san iarracht stop a chur le cogaíocht agus síocháin a choinneáil ar fud an domhain.

Ach ní hin a bhí, nó atá, ar siúl i Mailí.  Ansin tá rialtas atá gar don Fhrainc ag leanúint leis an gcogadh a d’fhear na Francaigh ar mhuintir Tuareg i dtuaisceart na tíre – cogadh atá ar siúl ó 1861.

Agus cuireadh saighdiúirí Éireannacha ann nuair a dhiúltaigh Ceanada glacadh lena raibh ar siúl ag an rialtas – an sléacht, an t-ár, an chreach.  Agus an leithscéal dó seo ná maíomh gur troid in aghaidh antoiscigh Ioslamacha, an dream céanna a fuair tacaíocht na Fraince (agus an Iarthair) sa tSiria.

Ní cóir go mbeadh muid i Mailí ar chor ar bith, agus cé go bhfuil an Sciathán Fiannóglach le tarraingt as, tá plean ag an rialtas gnáthshaighdiúirí a chur ann, iad a chur i mbaol báis ar mhaithe le haisling impiriúil na Fraince.

Is cuid é seo den iarracht le saighdiúirí na hÉireann a chur i seirbhís thíortha móra na hEorpa, in éineacht leis an gcaint faoi Arm Eorpach a bhunú agus cumas a bheith ag an Aontas cur isteach ar thíortha eile ar fud an domhain ar mhaithe le “leas an Aontais” agus polasaí eachtrach an Aontais a chosaint.

Go hoifigiúil is tír neodrach i gcónaí muid, ach ní dhéanann na huaisle aon trácht riamh ar an neodracht, agus is ar éigean gur féidir linn a rá go bhfuil muid neodrach agus muid páirteach sa bPáirtnéireacht ar son na Síochána (faoi choimirce NATO (Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh), ag ligean do na Stáit Aontaithe trealamh míleata is saighdiúirí a chur go dtí láithreacha cogaidh trí aerfort na Sionainne, is eile.

Ní bhíonn aon díospóireacht faoi na nithe seo, ach corrthagairt aontaobhach don scéal: daoine ag caitheamh anuas ar an neodracht is ag rá gur chóir dúinn dul isteach le NATO, ach gan freagra ceadaithe d’éinne ar RTÉ ná sna nuachtáin mhóra.

Mar shampla, le mí anuas bhí dhá phíosa eile sa nuachtán sin ag moladh dúinn fáil réidh le neodracht.

San Irish Times, dúirt an tIar-Choirnéal Dorcha Lee gur chóir dúinn cur go mór lenár gcaiteachas ar an gcosaint, sé sin ar na Fórsaí Cosanta.

Séard atá i gceist aige ná trealamh nua míleata a cheannach, agus muid a chur in oiriúint chun go mbeimis in ann cogadh “ceart” a throid.

Arís sa Sunday Business Post, mhol Dan O’Brien nach cóir dúinn a bheith ag brath ar dhaoine eile chun muid a chosaint agus gan ár gcuid féin den obair a dhéanamh.

Arís, séard a bhí i gceist aige ná go mbeadh muid inár mball de NATO, agus luaigh sé an gá le tuilleadh caiteachais a dhéanamh ar chúrsaí cosanta.

Ach smaoinigh air seo. Chaith Saddam Hussein san Iaráic agus Muammar Gaddafi sa Libia na billiúin dollar ar threalamh míleata den scoth a cheannach, ach nuair a tháinig ionradh an Iarthair níorbh fhiú tráithnín an trealamh costasach céanna.  Scriosadh ar fad é taobh istigh de chúpla uair an chloig.

Smaoinigh freisin nach ndearna aon tír ionradh orainne ach Sasana agus ríthe Shasana. Ach níl sé i gceist ag Lee ná O’Brien go ndéanfadh muid sinn féin a chosaint ina gcoinne siúd!

Agus in ainneoin go bhfuil deamhain déanta de na Rúisigh ag bolscaireacht an Iarthair tá a fhios againn nach bhfuil seans dá laghad go ndéanfadh an Rúis ionradh orainn ach an oiread.

Má dhéanann aon dream aon ionradh orainn ní bheadh ar ár gcumas aon chosaint eile a dhéanamh orainn féin ach amháin le feachtas treallchogaíochta (mar a dhein muid le brú a chur ar na Sasanaigh imeacht ó na sé chontae fichead).

Sin é an cineál airm atá de dhíth, arm treallchogaíochta, oilte i gceart, le cumas teicneolaíochta is cumarsáide. Arm ar mhaithe le saoirse na hÉireann a mbeadh tacaíocht a muintire féin aige agus a chinnteodh go n-íocfadh aon fhórsa ionraidh go daor as iarracht a dhéanamh sinn a chur faoi chois. 

Nach bhfuil sé in am fíordhíospóireacht a bheith againn faoin ábhar seo, agus stop a chur le bheith ag sleamhnú 

isteach i NATO sula mbeidh sé ródhéanach?

Fág freagra ar 'Céard atá ag tarlú do neodracht an stáit seo?'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is maith liom gur cás le Eoin an ‘neodracht’.