‘Céard atá á dhéanamh agatsa sa seomra comhrá seo, nár chóir duit a bheith ag scríobh?’ 

Tharla rud greannmhar an lá cheana. Casadh duine nua orm i seomra comhrá ar an idirlíon a dtugaim cuairt air go rialta agus níorbh fhada go bhfuair muid amach gur scríbhneoirí a bhí sa bheirt againn, céim sa scríbhneoireacht chruthaitheach ag an mboc eile agus chuile shórt. Ach tháinig an náire sna sála ar an […]

‘Céard atá á dhéanamh agatsa sa seomra comhrá seo, nár chóir duit a bheith ag scríobh?’ 

Tharla rud greannmhar an lá cheana.

Casadh duine nua orm i seomra comhrá ar an idirlíon a dtugaim cuairt air go rialta agus níorbh fhada go bhfuair muid amach gur scríbhneoirí a bhí sa bheirt againn, céim sa scríbhneoireacht chruthaitheach ag an mboc eile agus chuile shórt.

Ach tháinig an náire sna sála ar an ngliondar a thagann ar chiaróga nuair a aithníonn siad ciaróga eile. Maidin Chéadaoin a bhí ann, thart ar a 11, agus ní raibh leithscéal ag ceachtar againn.

‘Céard atá á dhéanamh agatsa anseo an t-am seo den lá mar sin, nár chóir duit a bheith ag scríobh?’

‘D’fhéadfainn an cheist chéanna a chur ortsa!’

‘Táimse ag scríobh, tá preasráiteas á chur i dtoll a chéile agam.’

‘Táimse ag obair leis, tá colún duine éigin eile á cheartú agam.’

Bhí comhrá spéisiúil againn ina dhiaidh sin faoin úsáid a bhainimid, mar scríbhneoirí, as seomraí comhrá agus as an idirlíon i gcoitinne.

Bunfhíric de chuid saol an scríbhneora ná gur saol uaigneach é. Carachtair do chuid scéalta agus corrchat nó madra as an áireamh, ní bhíonn comhluadar agat ar an urlár oibre agus níor chóir go mbeadh.

Ach santaíonn scríbhneoirí comhluadar chomh maith le duine ar bith eile agus bímid in éad le hoibrithe oifige a mbíonn deis chúlchainte acu in aice leis an bhfuaraitheoir uisce, nó go deimhin le tógálaithe, freastalaithe nó altraí a mbíonn an deis acu a bheith ag clabaireacht leo ar feadh an lae faoi chúrsaí oibre, faoi chúrsaí grá nó go deimhin faoi ábhar ar bith faoin spéir.

Is féidir le hoibrithe monarchan, le cuntasóirí nó le feirmeoirí an raidió nó ceol éigin a chur ar siúl chun an ruaig a chur ar leadrán na hoibre, ach cuireann an raidió nó ceol as don scríbhneoireacht go minic: de d’ainneoin féin sciorrfaidh abairtí nó liricí a chloisfeá isteach i gcaint do chuid carachtar.

‘Ní théim isteach sa seomra comhrá seo nuair a bhíonn scríbhneoireacht dháiríre idir lámha agam,’ a dúirt an fear eile.

‘Múchaimse an t-idirlíon ar fad,’ a dúirt mise, ag iarraidh an ceann is fearr a fháil air (dream comórtasaíoch sinn, mar scríbhneoirí.)

‘Ach má bhíonn ort taighde a dhéanamh, nó focal éigin a chuardach san fhoclóir?’

Bhí mé sáinnithe i gcúinne aige anois, ach d’éalaigh mé. ‘Á! Is é an chaoi go scríobhaim an chéad dréacht de shaothar cruthaitheach ar bith le peann, ar pháipéar, agus i bhfad ón idirlíon. Bíonn na foclóirí, áiseanna teanga eile agus an Vicipéid oscailte agam ar scáileán mo ríomhaire nuair a bhím i mbun eagarthóireachta ar an méid a scríobh mé le peann agus páipéar, ach ní théim isteach i seomra cainte ar bith.

‘Ní théim isteach iontu sin ach nuair a bhím i mbun aistriúcháin, ag obair ar phíosa iriseoireachta, nó ag ceartú saothar duine éigin eile.’

Agus sin é, go bunúsach, an cur chuige a bhíonn agam. Scríbhneoir mé, ach ní aonarán mé: teastaíonn comhluadar uaim chomh maith le duine ar bith eile, agus ar an urlár oibre, leis.

‘Cogar,’ a dúirt an fear eile, ‘an mbeidh tú anseo arís an t-am seo amárach?’

‘Gach seans,’ a d’fhreagair mé, ‘mura mbeidh scríbhneoireacht dháiríre le déanamh.’

Fág freagra ar '‘Céard atá á dhéanamh agatsa sa seomra comhrá seo, nár chóir duit a bheith ag scríobh?’ '