‘Céard a dhéanfaidh muid leis an mbitcoin anois agus titim ar an yen thar oíche?’

An chéad rud ar maidin, imíonn an t-aláram (atá ar an bhfón). Piocaim suas é ón áit a mbíonn sé leagtha agam, ar an bpreas le taobh na leapa, agus tosaím ag scrolláil

‘Céard a dhéanfaidh muid leis an mbitcoin anois agus titim ar an yen thar oíche?’

‘Cén fáth go mbíonn fón ina láimh ag chuile dhuine fásta?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom an lá cheana.

Nuair a rugadh í, ní raibh fón cliste fós agam agus is deacair a chreidiúint go bhfuil an oiread athruithe tagtha ar an saol laethúil maidir leis na fóin chliste sna blianta beaga ó shin.

‘Is dóigh mar go bhfuil siad ag iarraidh go mbeifí in ann teacht orthu,’ a dúirt mé léi.

‘Ach cén fáth go mbíonn siad ag breathnú air chuile nóiméad?’ a d’fhiafraigh sí.

Tá an ceart aici. Sheachain mé fóin chliste ar feadh i bhfad, ach fuair mé ceann sa deireadh agus feictear dom, mura mbím cúramach, go bhfuil baol mór ann go mbeidh mé ag seiceáil an fhóin go rómhinic. Tá a fhios agam go mbainim an iomarca úsáide as an bhfón mar atá.

An chéad rud ar maidin, imíonn an t-aláram (atá ar an bhfón). Piocaim suas é ón áit a mbíonn sé leagtha agam, ar an bpreas le taobh na leapan, agus tosaím ag scrolláil.

Breathnóidh mé ar cheannlínte nuachta, seans. Breathnóidh mé an bhfuil aon teachtaireacht tagtha isteach thar oíche chugam ar na haipeanna teachtaireachta. B’fhéidir go dtabharfainn sracfhéachaint ar an r-phost.

Níl mé in ann a rá cén fáth go ndéanaim é seo, ach feicfidh mé an ciorcal beag dearg sin agus uimhir ann ar choirnéal íocón na haipe agus déarfaidh mé liom féin, ‘b’fhearr dom é sin a sheiceáil’.

Meas tú cén rud a cheapaim a bheadh ann a d’fhéadfadh a bheith chomh práinneach sin gur ghá dom breathnú air sula n-éirím as an leaba? Glac uaimse é, is beag an baol go mbeidh éinne ag cur nótaí chugam thar oíche agus freagraí á lorg acu uaim ar cheisteanna móra tábhachtacha.

Níor oscail mé messenger aon mhaidin fós is go bhfaca mé, ‘Bridget!! Éirigh go beo! Céard a dhéanfaidh muid leis an mbitcoin anois agus titim ar an yen thar oíche?’

‘Errr, díol? Nó, b’fhéidir, ceannaigh? Nach bhfuil rud éicint sórt aisteach faoin mbitcoin sin?’

Ná is beag an baol go mbeadh Vladimir Putin, nó a leithéid, ag cur nóta chugam ag iarraidh cinntí práinneacha uaim thar oíche maidir lena straitéis mhíleata.

Chuirfeadh sé an-iontas go deo orm dá n-osclóinn an fón maidin éicint is dá bhfeicfinn leithéidí, ‘Hé B, níl a fhios agam an thuas ná thíos atá mé sa tSiria. Céard é do bharúil?’

Sea, ní bhfuair mé deis fós a leithéid seo de fhreagra a thabhairt ar aon duine.

‘Mo bharúil? Nach bhfuil sé in am agaibh ar fad éirí as? #Síocháin’.

Nuair a osclaím an fón ar maidin, d’fhéadfainn dul i mbannaí air gur ceann de thrí rud a bheidh romham…

1. Comhairle saoil de chineál éigin agus é scríofa i bhfoirm liosta: ‘Deich gcúram atá páistí óga in ann a dhéanamh sa mbaile’, nó ‘Tóg na trí chéim seo agus beidh tú níos eagraithe chuile lá. Cliceáil anseo.’  

2. Teachtaireacht ó Save the Bees.  

3. Méim inspioráideach, leithéidí ‘Lean d’aislingí, tá fios an bhealaigh acu’ nó ‘Faoi cheann fiche bliain beidh aiféala ort faoi na rudaí NACH ndearna tú seachas na rudaí a rinne tú…’

Dála an scéil, níl mholfainn d’éinne glacadh leis an gcomhairle sin. Más tada é, faoi cheann fiche bliain beidh aiféala ort as na rudaí NACH ndearna tú AGUS na rudaí a rinne tú.

Fág freagra ar '‘Céard a dhéanfaidh muid leis an mbitcoin anois agus titim ar an yen thar oíche?’'

  • frainc

    Ní galar éinne amháin é a chroí!