Céard a bhí le foghlaim ó chluichí peile na deireadh seachtaine seo?

Cuireadh tús ceart le craobh peile na bliana seo ar an deireadh seachtaine ach is cluiche sách gruama idir Dún na nGall agus Tír Eoghain a bhí mar thoradh air. I bpeil na mban, ní hé aon iontas é gurb iad Corcaigh sméar mhullaigh an chnuasaigh arís

Michael Murphy (Dún na nGall) agus Ronan McNabb (Tír Eoghain) in adharca a chéile i rith an chluiche ar an Domhnach. Pictiúr: INPHO/Presseye/Lorcan Doherty
Michael Murphy (Dún na nGall) agus Ronan McNabb (Tír Eoghain) in adharca a chéile i rith an chluiche ar an Domhnach. Pictiúr: INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

Is é Michael Murphy an fear is mó foighne sa tír

Níl iompar Michael Murphy ar an bpáirc gan locht ach ba é an t-íospartach neamhchiontach inné é ina choimhlint le Justin McMahon. Chaith cosantóir Thír Eoghain an cluiche ar fad ag tarraingt agus ag sracadh geansaí Murphy go dtí gur tugadh cárta buí ar deireadh tar éis 63 nóiméad. Má imreoir ag iarraidh díriú ar a chéile comhraic a stopadh, tá an cead sin aige ach caithfear cloí le rialacha an chluiche.

an locht céanna ar Joe McQuillan, agus go háirithe na maoir eile, agus atá ar McMahon gur lean an phleidhcíocht ar aghaidh i gcaitheamh an chluiche. Tá dualgas ar McQuillan a súile a choinneáil ar an imirt ach níl cúis ar bith nach mbeadh an iomrascáil feicthe ag na maoir líne nó na maoir chúil.

Deirtear gurb é Craobh Uladh an ceann is deacra le buachan ach fágann cur chuige leithéidí McMahon inné, gurb í an chraobh is deacra le breathnú air chomh maith. Is iad déine agus neart na gcluichí sa tuaisceart na tréithe is mó a mheallann daoine chuig an gcomórtas ach nuair a thugtar seans d’imreoirí dul thar fóir sa chluiche, bíonn gach duine thíos leis.

Damien Comer (Gaillimh) ag breith ar an liathróid sular aimsigh sé cúl i gcoinne Liatroma. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Damien Comer (Gaillimh) ag breith ar an liathróid sular aimsigh sé cúl i gcoinne Liatroma. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá an modh díreach ag fáil an ceann is fearr ar an dianchosaint

nár shroich Gaillimh barr a maitheasa ag aon am sa chluiche in aghaidh Liatroma inné, bhí taispeántas an lántosaigh, Damien Comer, ar cheann de na tréithe dearfacha a bhain lena gcluiche. Cé nach bhfuil sé iontach mór, tá Comer thar barr san aer agus d’aimsigh sé cúl den scoth i bPáirc Sheáin Mhic Dhiarmada ar an Domhnach, é ag éirí os cionn na gcosantóirí chun breith ar an liathróid sular bháigh sé san eangach í.

Léirigh an cúl an chaoi a bhfuil foirne peile ag cur imreoirí atá go maith san aer ar imeall na cearnóige an athuair. Tá feicthe cheana againn le Kieran Donaghy, Brian Hurley, agus Eoghan O’Gara sular gortaíodh é, agus fiú le Aidan O’Shea a thug seal mar lántosach do Mhaigh Eo arís i rith na sraithe. Agus foirne ag cur níos mó imreoirí siar i measc na gcúlaithe, is bealach éasca é an liathróid fhada chun an ceann is fearr a fháil ar an dianchosaint.

Tá cinneadh deacair le déanamh ag Mickey Harte maidir le cé a imreoidh sa chúl do Thír Eoghain an chéad lá eile. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Tá cinneadh deacair le déanamh ag Mickey Harte maidir le cé a imreoidh sa chúl do Thír Eoghain an chéad lá eile. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tá cinneadh mór le déanamh ag Mickey Harte faoina chúl báire

gur thug Michael O’Neill sárthaispeántas uaidh do Thír Eoghain idir na postaí inné, tá seans fós ann nach roghnóidh  a bhainisteoir é don chéad chluiche eile sna babhtaí cáilithe. Rinne O’Neill trí shábháil den scoth chun iarrachtaí ó Odhrán Mac Niallais, Colm McFadden agus Patrick McBrearty a choinneáil amach ach mar gheall ar chumas Niall Morgan leis na ciceanna saora, tá seans ann go mbeidh fear Éadan na dTorc ar ais i ngeansaí uimhir a haon nuair a théann Tír Eoghain chun páirce den chéad uair eile.

Bheadh mí-ádh ceart ar O’Neill dá dtarlódh sé sin ach b’iad na ciceanna saora an difríocht idir na foirne i mBealach Féich inné, Michael Murphy ag sárú trí cinn sa deich nóiméad dheireanacha tar éis do Darren McCurry cúpla ceann a chur amú do Thír Eoghain.

Foireann Chorcaí, a bhuaigh a naoú sraith peile ó 2005 ar an Satharn. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy
Foireann Chorcaí, a bhuaigh a naoú sraith peile ó 2005 ar an Satharn. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

Níl a sárú ar mhná Chorcaí fós

Ar an Satharn, bhuaigh Rena Buckley a 18ú bonn náisiúnta le foireann sinsear peile Chorcaí. Tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh in athimirt chluiche ceannais na sraithe ar an Satharn, tá naoi gCraobh Uile-Éireann agus naoi Sraith Náisiúnta Peile anois buaite ag mná Chorcaí ó 2005, éacht nach féidir baint de.

Is iad na Muimhnigh a chaithfear stop a chur leo arís an samhradh seo agus, cé gur chaill siad i bPortlaoise ar an Satharn, dealraíonn sé gurb iad na Gaillimhigh is gaire dóibh. Ní raibh mórán idir na foirne sna trí chluiche a d’imir siad in aghaidh a chéile go dtí seo i mbliana, Corcaigh ag buachan péire le pointe amháin agus an ceann eile ag críochnú ar comhscór. Má chasann mná na Gaillimhe orthu níos deireanaí sa samhradh, beidh muinín acu go mbeidh siad in ann díoltas a bhaint amach.

Fág freagra ar 'Céard a bhí le foghlaim ó chluichí peile na deireadh seachtaine seo?'