‘Ní chailleann siad faill le buille marfach a thabhairt don Ghaeilge, cuireann siad slua oifigeach amach ar fud na hÉireann leis an nGaeilge a mharú’

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (18 Feabhra 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

An Claíomh Solais

Feabhra 19, 1916                                 An Claidheamh                                 3

Saor-Náisiún Gaelach

Is í an chuspóir a chuir Ard-Fheis na nGael agus iad ar aon-láthair ag Dún Dealgan i Muirtheimhne rompu, agus ní mór dúinn machnamh ar an scéal mar baineann sé le Gaeil. Níorbh fhiú rómhórán Éire saor agus an Ghaeilge caite chun fána, agus ar an taobh eile den cheist níorbh fhiú mórán an Ghaeilge má i ndán dúinn gan saoirse a sholáthar choíche. Le seal fada anois, le cúpla céad bliain déarfainn, mheas formhór mhuintir na hÉireann go bhféadfaidís saoirse a bhaint amach dóibh féin gan féachaint siar a thabhairt ar a stair féin nó ar an teanga agus a dtréithe dúchasacha. Ba é Tomás Dáibhis an fear amháin lena linn sin a thuig nárbh fhéidir náisiún a chothú agus a choimeád saor dá dtabharfadh a muintir suas a dteanga dhúchais dá ndeoin féin; agus nuair a fuair sé bás tháinig réim pholaitíochta nár thuig an cheist ar chor ar bith. Theip glan ar Fheisirí na linne seo an cheist a thuiscint agus tá a rian orthu. Chaill siad an cosán ar fad ar a raibh siad ag siúl. Mheath an náisiúntacht go dtí go measann siad faoi láthair nach bhfuil faic de dhifear idir náisiúntacht agus Impireacht. Measann siad gur “Wider Patriotism”, mar a dúirt Timire na nGall in Éirinn, scaoileadh le hÉirinn agus gach seirbhís is féidir leo a thabhairt don Impireacht Ghallda. Tá a n-intinn chomh dallta sin go measann siad Hóm Rúil a bheith ann an t-am nach bhfuil sé ann; measann siad go dtabharfadh an Hóm Rúil céanna saoirse d’Éirinn agus nach mbeadh aon chead ag muintir na hÉireann a gcuid airgid féin a bhailiú a chaitheamh; agus measann siad gurb ionann ‘sa’ cás do Ghaeil troid ar son Shasana agus troid ar son Éireann. Ní an mearbhall a bhí ar Chú Chulainn nuair a mheas sé gur slua gaiscíoch ag troid ab ea na buachalláin ar Fhaiche Eamhna Macha ná an mearbhall atá ar Fheisirí na hÉireann faoi láthair nuair a mheasann siad go bhfuil siad ag saothrú ar son saoirse a dtíre. Is é an rud is ciontach leis an daille intinne atá orthu ná gur thréig siad cosán díreach na Gaeilge, agus cosáin na staire agus seanchuimní ár sinsear. An t-am a tharlaigh an mearadh céadfaí ar Chú Chulainn bhí ag teacht go deireadh a chúrsa agus ní déarfainn nach bhfuil an cás amhlaidh ag na Feisirí.

Rud ní b’iontaí daille an tslua agus daille na bhFeisirí, bhí daille intinne ar roinnt de na Gaeil ar an taobh eile den cheist .i. go bhféadfaí an teanga a tharrtháil agus an tír a bheith faoi smacht Gall. Ní raibh an leithscéal céanna acu siúd is a bhí ag na Feisirí. Ní raibh siad dall ar stair na tíre mar a bhí na Feisirí. Ní raibh siad ag fáil airgid ó chiste Shasana mar atá na Feisirí, agus ní raibh a gcluasa in airde ag feitheamh le poist dá gcairde mar atá ag na Feisirí. Agus níor dhaoine simplí iad gurbh fhéidir leis na páipéir bhréana an dubh a chur ina gheal orthu. Ní féidir a rá ach go raibh mearbhall orthu agus is dóiche go mbeidh daoine ann i gcónaí gurbh fhurasta a mealladh.

Is fearr i bhfad a thuigeann Gaill an cás. Tuigeann siad go rímhaith nach bhfuil áit in Éirinn dóibh féin, agus don Ghaeilge. Ní chailleann siad faill le buille marfach a thabhairt don Ghaeilge, cuireann siad slua oifigeach amach ar fud na hÉireann leis an nGaeilge a mharú, tugann a mbreithiúna breith báis uirthi; ní ligfidh siad dúinn ar gcuid airgid féin a chaitheamh ar í a chothú agus cuireann siad daoine i bpríosún mar gheall ar an nGaeilge a labhairt. Tuigeann siad go maith gur namhaid dóibh an Ghaeilge. Agus tá an ceart acu. Má mhaireann an Ghaeilge in Éirinn ní mhairfidh smacht Gall ar Ghaeil; agus má mhaireann smacht Gall orainn ní mhairfidh an Ghaeilge. Nuair a thig an ghrian amach scaipeann an ceo; nuair a éiríonn an ceo róláidir múchtar an ghrian. Thuig an Ard-Fheis an scéal agus nochtaigh sí i gceart dúinn é. Náisiún saor, agus Náisiún Gaelach; sin iad an dá rud atá uainn; go díreach mar a thuig siad na filí Gaelacha a mhair céad go leith bliain ó shin. Ar thaobh na teanga atá Conradh na Gaeilge agus ní ar mhuintir an Chonartha a luíonn sé slí a cheapadh chun saoirse na tíre a bhaint amach; ach dream ar bith a chuirfidh chun na hoibre i ndáiríre ní bheidh siad gan chabhair ó mhuintir an Chonartha. Tuigeann muid chomh maith leis na Gaill gur naimhde sinn de réir nádúir agus de réir dúchais. Nuair a bhaintear airgead dínn agus den Ghaeilge tuigimid gurb é sin béas na nGall. Tuigimid nuair a chuirtear i bpríosún sinn go bhfuil eagla ar Sheán romhainn. Agus tuigimid leis go ndíolfaimid é ar son gach cineáltas a thugann sé dúinn. Go díreach mar a mhothaigh Arm Shasana an Ghaeilge ina gcluasa ag Fontenoy agus iad i nglaic leis na Francaigh, is in aimsir an ghéibhinn is mó a bheidh siad ann cluinfidh siad gáir chatha na nGael ar a dtóir. Bíodh sé ina throid go héag eadrainn.

Neart

Fág freagra ar '‘Ní chailleann siad faill le buille marfach a thabhairt don Ghaeilge, cuireann siad slua oifigeach amach ar fud na hÉireann leis an nGaeilge a mharú’'