Ceann de na poist is sinsearaí in Údarás na Gaeltachta fógartha

Suas le €110,000 an buntuarastal atá á thairiscint don phost mar Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga

Ceann de na poist is sinsearaí in Údarás na Gaeltachta fógartha

Tá ceann de na poist is sinsearaí in Údarás na Gaeltachta fógartha agus Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga nua á lorg ag an eagraíocht Ghaeltachta.

Suas le €110,000 an buntuarastal atá á thairiscint don phost.

Triúr stiúrthóirí sinsearacha ar fad atá in Údarás na Gaeltachta agus tá duine acu, Tadhg Ó Conghaile, ag éirí as a chúram.

Deirtear go bhfuiltear ag lorg “feidhmeannach tiomanta” a bhfuil “taithí” agus “scileanna láidre ceannasaíochta, cruthaitheachta, idirbheartaíochta agus cumarsáide” aige nó aici.

Sé cinn de phríomhchúraim a luaitear leis an bpost: an phleanáil teanga a fhorbairt; an fhorbairt réigiúnach; an fhorbairt fiontraíochta; an fhorbairt chultúrtha, forbairt an gheilleagair shóisialta; agus an fhorbairt pobail.

Maidir leis na cáilíochtaí a deirtear atá riachtanach don phost, luaitear “oideachas go dtí leibhéal cuí do phríomhphost in eagraíocht Stáit”,  taithí ó thaobh gnó a fhorbairt agus “scileanna cumarsáide den scoth i nGaeilge agus i mBéarla mar aon le pearsantacht a théann i bhfeidhm agus a spreagann daoine”.

I measc na gcáilíochtaí a thabharfadh buntáiste don iarrthóir tá “tuiscint bheacht ar an nGaeilge agus ar chultúr na Gaeilge”, ardchumas i labhairt agus scríobh na Gaeilge, “tuiscint ghrinn” ar “staid shochtheangeolaíoch na Gaeltachta agus ar staid na Gaeilge ar bhonn náisiúnta” agus tuiscint “ar na dúshláin atá roimh an nGaeilge agus roimh an nGaeltacht tríd is tríd”.

 

Fág freagra ar 'Ceann de na poist is sinsearaí in Údarás na Gaeltachta fógartha'