Tuairiscítear go bhfuil cinneadh déanta ag an Rialtas cead oscailte a thabhairt do thithe tábhairne nach mbíonn bia ar fáil iontu ar an 21 Meán Fómhair.
Beidh cinneadh an rialtais ag brath ar leibhéal an ghalair sa phobal agus d’fhéadfadh go gcuirfí san áireamh chomh maith a láidre is atá an Covid-19 á scaipeadh i gcontaetha áirithe.
Tá “imní ar leith” ar an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) faoi láthair mar gheall ar líon na gcásanna den ghalar i mBaile Átha Cliath agus i Luimneach.
Beidh ar na tithe tábhairne rialacha dochta a chur i bhfeidhm maidir leis an scoitheadh sóisialta agus an sláinteachas.
Seirbhís ag an mbord amháin a bheidh ceadaithe agus ní bheidh cead ag daoine ordú ag an mbeár nó suí aige.
Tá timpeall 3,500 nó 60% de na tithe tábhairne dúnta ó mhí an Mhárta agus tá stocaireacht mhór á déanamh le tamall ag lucht na dtithe tábhairne d’fhonn cead a fháil dul i mbun gnó arís.
Idir an dá linn, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen gurb í Mairead McGuinness a bheidh mar an chéad Choimisinéir Eorpach eile ag Éirinn.
Tá an folúntas ann ó d’éirigh Phil Hogan as i ndiaidh na conspóide faoi dhinnéar Chumann Ghailf an Oireachtais sa Chlochán agus cuairt an iarchoimisinéara ar Éirinn an mhí seo caite.
Má thugann Parlaimint na hEorpa a beannacht do cheapachán Mairead McGuinness beidh sí ina coimisinéir do sheirbhísí airgeadais, don chobhsaíocht airgeadais agus do Chumann na Margaí Caipitil.
Fág freagra ar 'Cead le tabhairt do thithe tábhairne oscailt ar an 21 Meán Fómhair'