Cead le tabhairt do gach oibrí iarratas a dhéanamh ar chead ‘obair ón mbaile’

Beidh cead ag an bhfostóir diúltú don iarratas ar dheis dul i mbun na cianoibre ar 13 cúis éagsúil ar laghad

Cead le tabhairt do gach oibrí iarratas a dhéanamh ar chead ‘obair ón mbaile’

Beidh sé de cheart ag gach oibrí de réir dlí nua iarratas a chur faoi bhráid a fhostóra ag lorg cead obair ón mbaile.

Beidh cead ag an bhfostóir diúltú don iarratas ar dheis dul i mbun na cianoibre ar 13 cúis éagsúil ar laghad.

Glacadh le ceannteidil an ‘Right to Request Remote Working Bill 2021’ ag cruinniú rialtais inniu. Seo an chéad uair go mbeidh bunús dlí faoi iarratas a dhéanamh ar an gcianobair agus faoi cheadú nó diúltú don iarratas sin.

Beidh cead diúltú don iarratas sa chás go bhfágann cineál na hoibre nach bhfuil an chianobair oiriúnach, mar shampla i gcás siopaí nó seirbhísí sláinte. Ar na cúiseanna eile a bhféadfaí diúltú d’iarratas tá go sílfeadh an fostóir go mbeadh tionchar diúltach ag an gcianobair ar chaighdeán na hoibre. D’fhéadfaí diúltú chomh maith sa chás go mbeadh sé níos costasaí ar an gcomhlacht nó sa chás go gceapfaí nach raibh an áit oibre nua oiriúnach ar roinnt cúiseanna éagsúla.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar go mbeidh cead ag aon oibrí iarratas a dhéanamh ar dheis dul i mbun na cianoibre ach sé mhí a bheith caite sa phost aige.

Má dhiúltaítear d’iarratas beidh deis ag an oibrí achomharc a dhéanamh agus beidh ar an bhfostóir a chinneadh a mhíniú. Beidh sé de cheart ag oibrí a ndiúltaítear cead obair ón mbaile dó achomharc a dhéanamh chuig An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC) agus chuig an Chúirt Oibreachais ina dhiaidh sin.

“Tá mé ag iarraidh go mbeadh oibrithe in ann obair ón mbaile, nó dul i mbun na cianoibre, nó meascán den dá rud a dhéanamh más maith leo [obair ón mbaile agus san ionad oibre] más é sin a theastaíonn uathu,” arsa an Tánaiste Leo Varadkar.

“Fad is go mbíonn an gnó déanta agus na seirbhísí curtha ar fáil ba chóir d’fhostóirí an deis a chur ar fáil.

“Tá a fhios agam le linn na paindéime go ndearna go leor fostóirí a seacht ndícheall oiread solúbthachta agus ab fhéidir a thabhairt d’fhostaithe maidir lena n-áit oibre. Táimid ag iarraidh go leanfadh sin ar aghaidh.

“Tá athrú tagtha ar an saol oibre agus tá a fhios agam go bhfuil go leor daoine ann ar mhaith leo leanúint ar aghaidh ag déanamh méid áirithe cianoibre nuair atá Covid curtha dínn againn.”

Faoin dréachtreachtaíocht nua beidh ar gach ionad oibre ráiteas scríofa a bheith aige ina leagfar amach polasaí cianoibre an chomhlachta.

Tabharfar eolas sa pholasaí ar an tslí a ndéanfar iarratais ar an gcianobair a bhainistiú agus a mheas.

Fág freagra ar 'Cead le tabhairt do gach oibrí iarratas a dhéanamh ar chead ‘obair ón mbaile’'