CEACHTANNA CRAOIBHE: Léas dóchais d’Uíbh Fhailí agus ceachtanna peile an deireadh seachtaine

Imríodh ceithre chluiche sa Chraobh peile ag an deireadh seachtaine agus cé nár tharraing siad aird an phobail, ní hin le rá nach raibh tada le foghlaim uathu

INPHO/Morgan Treacy
INPHO/Morgan Treacy

Bhí ceithre chluiche ann idir Craobh Laighean agus Craobh Uladh an deireadh seachtaine seo ach fós ní airíonn daoine go bhfuil an chraobh tosaithe i gceart.

Ceann de na cúiseanna leis sin ná gur beag seans go bhfeicfidh muid aon cheann de na foirne a d’imir ag an deireadh seachtaine seo nuair a thiocfaidh an crú ar an tairne sa chraobh. Díobh siúd a d’imir Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, ba iad Laois an t-aon dream a bhuaigh craobh chúige ó theacht na mílaoise.

Léas dóchais in Uíbh Fhailí

INPHO/Ryan Byrne
INPHO/Ryan Byrne

go raibh lucht tacaíocht Uíbh Fhailí in ísle brí coicís ó shin nuair a bhuail an Iarmhí greadadh ar iománaithe an chontae i gCraobh Laighean bhí léas dóchais acu. Naoi mbliana tar éis an bua is deireanaí acu i gCraobh Laighean, bhuaigh foireann Pat Flanagan ar an Longfort Dé Domhnaigh chun beagán spreagtha a thabhairt do lucht leanta dílis CLG sa chontae.

Bhí Joey O’Connor ar dhuine de na himreoirí a thug sárthaispeántas uaidh. D’imir an leathchúlaí ar chlé leis na hiománaithe sa tsraith chomh maith ach bheartaigh sé fanacht leis na peileadóirí don chraobh. Léiriú an méid sin féin ar dheacrachtaí na n-iománaithe agus imreoir óg den tuairim go mbeadh sé níos fearr as leis na peileadóirí, foireann nár bhuaigh cluiche sa chúige ó 2007.

Ar ndóigh, tá buntáiste mór amháin ag peileadóirí Uíbh Fhailí nach bhfuil ag contaetha eile atá ag an leibhéal céanna. Tá Niall McNamee acu, imreoir den chéad scoth atá fós ag déanamh a dhíchill don chontae. Ceithre phointe a d’aimsigh an leath-thosach i bPáirc Uí Chonchúir agus é ina lóchrann ag a chontae i gcónaí.

Laois fós ag gearán faoin aistear go Pháirc Uí Nualláin

Bainisteoir Laoise, Mick Lillis. INPHO/Ryan Byrne
Bainisteoir Laoise, Mick Lillis. INPHO/Ryan Byrne

Tar éis dóibh an bua a fháil ar Chill Mhantáin, tá áit bainte amach anois ag Laois i mbabhta ceathrú ceannais Laighean, áit a dtabharfaidh siad aghaidh ar Bhaile Átha Cliath. An rud is suntasaí faoin gcluiche sin ná go mbeidh sé ar siúl i gCill Chainnigh.

mhí imithe ó rinneadh an cinneadh an cluiche a imirt i bPáirc Uí Nualláin ach bhí bainisteoir Laoise, Mick Lillis, fós spréachta faoi i ndiaidh an chluiche an deireadh seachtaine seo. Agus 18 pointe géillte ag a fhoireann in aghaidh Chill Mhantáin, seans go mbeadh sé níos fearr as díriú ar chosaint a fhoirne roimh theacht churaidh na hÉireann in áit a bheith ag tabhairt amach go mbeidh orthu taisteal 50km síos an N77.

Corrigan ag déanamh go maith d’Fhear Manach arís

Tosach Fhear Manach, Tomas Corrigan. INPHO/Morgan Treacy
Tosach Fhear Manach, Tomas Corrigan. INPHO/Morgan Treacy

Tar éis dóibh cluichí ceathrú ceannais na hÉireann a shroicheadh anuraidh, beidh Fear Manach ag iarraidh an rud céanna, ar a laghad, a dhéanamh arís i mbliana ach má tá siad chun an méid sin a bhaint amach beidh ar imreoirí eile cuid den bhrú scórála a bhíonn ar Tomas Corrigan a iompar.

Naoi bpointe a d’aimsigh Corrigan in aghaidh Aontroma inné, agus ní raibh ach triúr eile a d’aimsigh aon scór. Is imreoir den scoth é an lántosach ach beidh roghanna eile i measc na dtosaithe ag teastáil ó Pete McGrath agus Fear Manach ag tabhairt aghaidh ar Dhún na nGall i mBealach Féich sa chéad bhabhta eile.

Rinne leithéidí Ryan Jones agus Sean Quigley gaiscí dóibh i bhfeachtas an tséasúir seo caite agus beidh a thuilleadh gaiscí ag teastáil ón mbeirt sin agus ó dhaoine eile nó cuirfear deireadh leo i gCraobh Uladh faoi cheann trí seachtaine.