Ceacht saoil: míbhuíochas a bhíonn i ndán don duine fásta

Míbhuíochas a bhíonn i ndán don duine fásta – nó sin an ceacht a bhain ár gcolúnaí as eachtra a tharla dó le gairid

Ceacht saoil: míbhuíochas a bhíonn i ndán don duine fásta

Tharla eachtra dom ag an deireadh seachtaine a d’fhág gur mhothaigh mé go raibh fórsa osnádúrtha éigin ag magadh fúm.

Bhí mé féin agus dlúthchara de mo chuid ar an trá ag imirt frescobol, spórt a bhfuil an-tóir air sa Bhrasaíl (mar a bhfuil cónaí orm) agus a gcuirfinn síos air mar seo: leadóg bhoird gan bhord agus gan líon.

Bím féin agus mo chara ag traenáil uair nó dhó sa tseachtain, mar chúiteamh ar ranganna Béarla a thugaim dó. Ach an Domhnach seo, ní raibh an cluiche ag dul go maith. Agus ní den chéad uair, bhí sé le léamh go soiléir ar aghaidh mo leathbhádóra gur shíl sé gur ormsa a bhí an locht. Níor chuir sé fiacail ann.

‘Tá tú ag ligean na mbuillí is éasca tharat! Breathnaigh an cailín sin thall atá ag coinneáil liathróide in airde lena glúine. Níl smacht rómhaith aici ar an liathróid ach ar a laghad tá iarracht á déanamh aici, rud nach bhfuil agatsa.’

D’éirigh mé as an imirt ar an bpointe boise agus chuaigh chomh fada le mo chara, fonn orm a rá leis go raibh mé féin tinn tuirseach dá laghad dul chun cinn atá á dhéanamh aigesean leis an mBéarla. Go bhfuil mearbhall orm nach mbíonn sé in ann ceist chomh simplí agus ‘How old are you?’ a fhreagairt, tar éis cá bhfios cé mhéad rang.

Ach choinnigh mé guaim orm féin. Dá ndéarfainn sin, ghortóinn é san áit is measa: fear é seo atá ag streachailt chun an mheánscoil a chríochnú (san oíche) agus é in aois fiche a naoi. Dhá bhliain le cois an dá scór atá agamsa. Bhí ar dhuine den bheirt againn a bheith fásta suas.

Ach an chéad rud eile, shíl mé go bpléascfainn. Níorbh é an cara áirithe sin amháin ba chúis leis sin, ach dlúthchara nó beirt eile de mo chuid freisin. Lig mé le mo racht.

Cén fáth, a d’fhiafraigh mé díom féin agus de mo chara, go mbíonn ormsa páirt an duine fhásta a dhéanamh i gcónaí? Cén fáth a mbíonn ormsa siúl ar uibheacha nuair a ligim do mo dhlúthchairde siúl orm?

‘Tá mé ag ceapadh,’ a dúirt mo chara agus alltacht ina shúile, ‘gurbh fhearr duitse dul isteach san fharraige ar feadh tamaill féachaint an socróidh tú síos.’

Thuig mé go raibh an ceart ar fad aige, agus chuaigh isteach sa sáile.

Tá an cháil ar an trá a dtéimid ann gurb í an trá is contúirtí sa chathair í. An tráthnóna áirithe seo bhí na tonnta dhá mhéadar go leith ar airde agus bhí cúlsruth láidir ann i dtreo na farraige.

Ní raibh nóiméad féin caite san uisce agam nó chonaic mé go raibh buachaill óg i dtrioblóid, leaidín deich mbliana d’aois ar a mhéad. Bhí sé ag streachailt chun a bhealach a dhéanamh ar ais i dtreo na trá agus ní raibh ag éirí leis. Bhí scaifte dá chuid cairde, iad ar fad níos sine agus níos láidre ná é, ag magadh faoi. Tháinig líonrith ar an mbuachaill beag agus ní dhearna siad tada.

Bhí duine fásta ag teastáil.

Ar ámharaí an tsaoil ní raibh sé i bhfad uaim. Dhá shoicind agus bhí mo dheasóg faoina choim agam. Ach bhí trioblóid ag baint leis an gcuid eile den tarrtháil. Níl sé éasca snámh gan agat ach do leathlámh, gan trácht ar an sruth a bhí inár gcoinne. Ach faoi dheireadh bhain muid an trá amach.

Go raibh maith agat féin ní dúirt an leaidín óg.

Déarfadh duine níos stuama ná mé nach raibh baint ar bith idir an argóint a bhí agam le mo chara ar an trá agus an eachtra a tharla dom san fharraige – ach scríbhneoir mé. Feicim ceangail rúndiamhracha san áit a bhfeicfeadh gnáthdhuine comhtharlúint.

Más rud é gur theastaigh ó fhórsa osnádúrtha éigin a thaispeáint dom gurb é an míbhuíochas a bhíonn i ndán don duine fásta, d’éirigh leis.

Fág freagra ar 'Ceacht saoil: míbhuíochas a bhíonn i ndán don duine fásta'

  • Maith thú!

    Ná lig dá míbhuíochas siúd do dhea-nádúr a mhilleadh. Agus ná bí chomh goilliúnach, a dhuine! Agus maith thú a thug tárrtháil ar an leaid bheag.

  • Carraig53

    ‘Obrigado’ a dhuine chróga. As an aiste rímhaith sin agus as do ghaisce féin. An bhfuil an claonadh sna Brasaíligh a bheith míbhuíoch stuacach i dtaca leis an allúrach gealchraicneach go háirid, b’fhéidir? Tá scéal iontach ag Stefan Zweig dar teideal ‘The debt paid late’, arna aistriú ón nGearmáinis. B’fhéidir go n-aithneofar an mhaith a rinne tusa in am an ghátair freisin, sna blianta amach romhat. Ach ná bí ag braith air!