Ceacht an Bherlinimeachta do na Breatimeachtóirí Móra

Dá mbeadh tuiscint níos fearr ar an stair acu, ní chuirfeadh sé aon iontas ar rialtas na Ríochta Aontaithe go bhfuil  an tAontas Eorpach glan in aghaidh teorainn chrua

Ceacht an Bherlinimeachta do na Breatimeachtóirí Móra

Is fada uainn 1958 ach is údar suntais ráiteas amháin a rinne Nikita Krushchev an bhliain sin i ré an Bhreatimeachta. Chuir Krushchev, a bhí ina chathaoirleach ar an bPáirtí Cumannach in Aontas na Sóivéidí ag an am an méid seo uaidh an bhliain chéanna:

“Níl i mBeirlín ach magairlí an Iarthair. Níl uait ach í (Beirlín) a fháisceadh chun scréach a bhaint as (an Iarthar).” 

Bhí an tIarthar, mar aon le ceannairí Berlin-West (na magairlí, i bhfocail eile) leochaileach agus iad timpeallaithe in oileáinín beag Bheirlín ag Aontas na Sóivéide. Thuig fórsaí na comhghuaillíochta é seo go rómhaith agus chrom na Meiriceánaigh ar an mbonn a bhaint as an gcóras airgeadais ionas go n-iompófaí cothromaíocht na cumhachta bunoscionn. Ní raibh na Sóivéidigh, a bhí i mbarr a réime ag an am, sásta glacadh leis sin agus taobh istigh de chúig bliana, bhí balla Bheirlín tógtha acu ionas  nach mbeadh ‘magairlí an Iarthair’ ag bagairt ar an mbloc Sóivéadach. Faoin am sin, bhí cuma bhánaithe ar an gcathair mar gheall ar an méid daoine a theith as an áit le teann scanradh roimh Krushchev. B’in tionchar an Berlinimeacht ar an nGearmáin ag an am.

Ar aghaidh linn 60 bliain agus níor cheart go gcuirfeadh sé aon iontas ar rialtas na Ríochta Aontaithe mar sin go bhfuil  an tAontas Eorpach glan in aghaidh teorainn chrua idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach.

Glactar leis go forleathan i measc lucht an Bhreatimeachta gur ar mhaithe le tosaíochtaí na hÉireann agus le Comhaontú Aoine an Chéasta níos mó ná aon cheo eile atá an tAontas Eorpach i mbun aighnis leis an mBreatain le dhá bhliain anuas. Tá fírinne áirithe ansin–cloistear go minic mar atá an Comhaontú fite fuaite i ndlí na hEorpa agus níl dabht ar bith ann nach bhfuil cumhacht ag an tír seo nach mbeadh go brách aici murach tacú an Aontais. Déanann an dream céanna dearmad mar sin féin go raibh rialtas na hÉireann sásta a ghabháil i mbun cainte, de ghrá an réitigh, leis an Ríocht Aontaithe tar éis vóta an Bhreatimeachta ar mhaithe le fuascailt a fháil ar fhadhbanna na teorann le ‘teicneolaíocht’ nach ann di fós.

Tháinig athrú iomlán ar an scéal chomh luath is a leaindeáil Leo Varadkar in oifig an Taoisigh. Ba mhór an áis é don AE deasú de bheagán a chur ar aon fhabht a bhí i bpolasaí idirbheartaíochta na hÉireann. Ní raibh ann ach an méid seo: ní chuirfear an dallamullóg (magairlí Krushchev) ar an AE. Agus ó shin i leith, tá lucht an Bhreatimeachta ar mire faoi pholasaí aontaithe Breatimeachta an fiche seacht tír eile. Ceanndánacht na hÉireann, is cúis leis, dar leis na Breatimeachtóirí Móra.

Léargas ar cé chomh míshocair atá lucht an Bhreatimeachta ab ea ráiteas a rinne Priti Patel, feisire parlaiminte de chuid na gCaomhaithe, le déanaí. An chiall a baineadh as a cuid cainte go bhféadfaí ocras a bhagairt ar an tír seo mura mbeadh Éire sásta seasamh siar óna héileamh “míréasúnach” faoin gcúlstad. Spreag tuairimí Patel déistin go forleathan i measc an phobail, anseo agus i Sasana. Is cuma go mbaineann Patel leis an eite dheis den pháirtí, léirigh sí mailís ar leith nach gcloistear rómhinic níos mó, ach nár imigh as riamh fiú agus ré an “chaidrimh speisialta” anois ann.

Mar a rinne go leor eile, ghabh iarcheannaire an SDLP Mark Durkan, buíochas, mar ó Dhia, le Patel ar Twitter as ucht cruthúnas  a chur ar fáil faoin gcúis go bhfuil an cúlstop chomh dearg-riachtanach sin.

Cárbh fhios do Krushchev ag an am go mba Chapall Adhmaid na Traí a bheadh i mBeirlín i ndeireadh na dála? Níor cheart go mbeadh iontas ar aon duine mar sin ar an léiriú cajones (brí Hollywood anseo seachas  brí Kruskhev), ó Leo Varadkar agus Simon Coveney. Tuigeann siad tosaíochtaí a gcomhghuaillithe. Má tá na Gearmánaigh fós sásta go bhfuil Krushchev agus na Rúisigh imithe, tá siad croíbhriste, oibrithe agus duairc faoin scéala go bhfuil an Bhreatain–a gcol ceathracha mar a fheictear iad sa nGearmáin– ar tí a scartha. É sin ráite, cuimhnigh gur saghas caitheamh aimsire é ag na Gearmánaigh dearcadh duairc a bheith acu ar an saol. Ní trua ó aon duine atá á lorg acu. Ach gan a bheith freagrach as ballaí na 21ú haoise. Nein danke!

Fág freagra ar 'Ceacht an Bherlinimeachta do na Breatimeachtóirí Móra'

  • Eoin Ó Murchú

    A lán tuairimíocht anseo ach fíor-bheagán firicí taobh thiar dena hargóintí. Baineadh leas as Beirlin le brú a chur ar an gcoras Sóivéadach agus d’éirigh leis. Ach níor rinneadh é mar gheall ar ghrá an rachmais dona Beirlínigh, ach mar chuid den chath idir rachmas agus sóisialachas. Ní thuigeann Priti Patel, Rees Mogg is daoine eile go bhfuil an cath céanna fós ar siúl, agus ní léir go dtuigeann údar an ailt seo é ach an oiread.